Ag breathnú siar ar bhliain nach raibh cosúil le haon bhliain roimpi, mhol an Chomhairle Ealaíon inniu ealaíontóirí agus gach duine atá ag obair i réimse na n-ealaíon as a gcuid samhlaíochta, tiomantais agus flaithiúlachta le 12 mhí anuas.
Bhí dúshláin ollmhóra le sárú acu siúd a bhí ag obair i bpobal na n-ealaíon in 2021, agus is mór an teist ar a ndíograis é an líon saothar a cruthaíodh agus a cuireadh i láthair le linn na tréimhse. Bhí sé mar phribhléid ag an gComhairle Ealaíon oibriú leis na mílte ealaíontóir agus oibrí ealaíon agus tacú leo sa tréimhse sin.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: ‘Arís agus arís eile, tá sé léirithe ag pobal na n-ealaíon go bhfuil siad in ann iad féin a chur in oiriúint ar bhealach nuálach i dtimpeallacht atá dúshlánach go maith. Le 20 mí anuas, chuir gníomhaíocht chultúrtha ar chumas daoine agus pobail dlúthpháirtíocht agus chomhfholláine a léiriú, in ainneoin thionchar coimhthís an scartha shóisialta.’
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter, ‘Anois, níos mó ná riamh, aithnítear go bhfuil géarghá leis an léiriúchán ealaíonta agus go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh sé d’acmhainn ag na healaíontóirí atá againn cur go mór le téarnamh agus le hathnuachan na hÉireann. Le beartais Luach Saothair don Ealaíontóir agus Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht de chuid na Comhairle, mar aon leis an mbeartas Spásúil a bheidh le tabhairt isteach go luath in 2022, cruthófar tírdhreach ealaíon cuimsitheach, ceannródaíoch den chéad scoth.
Le 12 mhí anuas bhí sé mar phríomhaidhm ag an gComhairle tírdhreach na n-ealaíon in Éirinn a dhaingniú trí dheimhin a dhéanamh de go raibh teacht ag eagraíochtaí ealaíne ar mhaoiniú éigeandála chun go mbeidís in ann fanacht ar an bhfód, agus trí mhaoiniú a chur ar fáil do réimse níos leithne ealaíontóirí. Bhí faoin bhfoireann an lucht féachana a chur ar a shuaimhneas go raibh eispéireas na n-ealaíon in Éirinn sábháilte, agus iad ag leanúint den obair atá déanta ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne a cheiliúradh agus a chur chun cinn.
In 2021 chonacthas an buiséad is mó a bhí ann riamh nuair a bhronn an tAire Catherine Martin ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €130 milliún ar an gComhairle Ealaíon. I mbliana, fuair an Chomhairle Ealaíon níos mó na 8,000 iarratas agus ba mhór an spreagadh gur iarratais chéaduaire a bhí in 17% acu siúd.
Bliain lán le dúshláin a bhí inti, ach bhí éachtaí ealaíon iontacha ann fud fad na tíre chomh maith. Ina measc bhí Brightening Air, raon d’eispéiris ealaíon a mhair deich lá fud fad na tíre, a cuireadh ar siúl ag an gComhairle Ealaíon in mí an Mheithimh 2021. Mar chuid d’Oíche Chultúir tugadh maoiniú do 1,767 ealaíontóir agus oibrí cruthaíochta 1,200 imeacht a chur ar siúl. D’fhreastail 280,000 duine ar na himeachtaí sin agus tháinig méadú faoi thrí ar líon na ndaoine a d’fhreastail ar imeachtaí i bpearsa. I measc na ndaoine a d’fhreastail ar Oíche Chultúir, bhí 33% dóibh ag freastail ar ionad nó spás cultúrtha don chéad uair.
Agus aitheantas á thabhairt don ról lárnach ata ag an gcruthaíocht i ngach gné den saol, leanadh leis an gclár Scoileanna Ildánacha a fhorbairt agus a fhás le 12 mhí anuas. Tacaíonn an clár sin le scoileanna agus le hionaid óga na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga, agus bíonn Comhlaigh Chruthaitheacha ag obair i gcomhar leo le linn na bliana. In 2021 chuaigh 187 scoil nua leis an gclár.
Thóg an Chomhairle Ealaíon roinnt céimeanna chun na tosaíochtaí a bhaineann leis an gcomhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn ina cuid oibre. Mar shampla, trialladh cur síos i mBéarla simplí agus feabhsaíodh rochtain ar an Dámhachtain Lúfaireachta nua, éagsúlaíodh an Painéal Piaraí chun go mbeadh sé níos cuimsithí agus foilsíodh an chéad tuarascáil bhliantúil chun anailís a dhéanamh ar an éagsúlacht i ndámhachtainí na Comhairle. Tá sé mar aidhm ag an Chomhairle Ealaíon freisin oibriú i gcomhair le heagraíochtaí ionadaíocha agus tá comhpháirtíocht nua á forbairt againn le Pavee Point.
Chuaigh go leor dámhachtainí i ngleic leis na dúshláin a bhí ann mar gheall ar Covid-19. Áirítear leo:
● An Dámhachtain Lúfaireachta, a bhfuil luach níos mó ná €8 milliún air, a tugadh amach mar fhoinse mhaoinithe breise d’ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmréim. Bronnadh maoiniú ar níos mó ná 1,800 ealaíontóir, bhí 50% dóibh siúd ag teacht chun cinn nó ag tosú amach ina ngairmréimeanna agus iarrthóirí céaduaire a bhí i 40% dóibh.
● An Ciste Cobhsaithe Éigeandála, a cruthaíodh chun nach mbeadh ar eagraíochtaí ealaíne dúnadh mar gheall ar shrianta Covid-19 agus laghduithe sa lucht féachana. Bronnadh €1.7 milliún faoin gciste seo.
● I bhfianaise thosca uathúla Covid-19, seoladh an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne don chéad uair in 2021 chun tacú le heagraíochtaí ealaíon tacaíocht, scileanna agus saineolas a fháil chun a samhlacha ealaíne agus/nó gnó a athbhreithniú agus a oiriúnú agus chun tacú lena bhforbairt straitéiseach sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tacaíonn sí le gníomhaíochtaí a chabhróidh acmhainn a fhorbairt, uileghabhálacht a fhorbairt, agus/nó piarthacaíocht agus comhoibriú a mhéadú
Mar iarracht maoiniú a chur ar fáil do thuilleadh ealaíontóirí, chuir an eagraíocht go mór leis an scéim sparánachta i ngach réimse ealaíne. Cuireadh go mór le luach agus líon na sparánachtaí in 2021. D'ardaigh an líon sparánachtaí a bronnadh ó 170 in 2019 go dtí 577 in 2021 (+239%) agus d’ardaigh luach na sparánachtaí ó €1.8 milliún in 2019 go dtí €9.3 milliún in 2021 (+412%). Tá sé suntasach gur ardaíodh an maoiniú a cuireadh ar fáil don Litríocht ó €366,084 go dtí €1.8 milliún, don Cheol ó €127,775 go dtí €1.4 milliún agus do na hEalaíona Traidisiúnta ó €30,410 go dtí €531,158.
Tá na dúshláin a bhaineann le Covid-19 ag leanúint ar aghaidh go fóill agus tá an earnáil go mór thíos leis go fóill. Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta aghaidh a thabhairt ar riachtanais an phobail agus do chinntiú go mbeidh ról lárnach aige sa téarnamh náisiúnta nuair a thiocfaimid slán ón bpaindéim.
←Fill ar ais go dtí an nuacht