Bronnadh maoiniú ar níos mó ná 1,800 ealaíontóir in 2021 faoin Dámhachtain Lúfaireachta, atá mar chuid de scéim freagartha COVID na Comhairle Ealaíon.
Níos luaithe i mbliana, mar fhreagairt ar na dúshláin ollmhóra a bhí roimh na mílte ealaíontóir agus oibrí ealaíon mar gheall ar thionchar Covid-19 agus na srianta dianghlasála, sheol an Chomhairle Ealaíon scéim deontas agus táthar tar éis tacaíochtaí a thabhairt do níos mó na 1,800 iarrthóir ó shin.
Bhí sé mar aidhm ag an Dámhachtain Lúfaireachta, atá ainmnithe go cuí, maoiniú breise a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon ag gach céim dá ngairmréim i ngach réimse ealaíne.
Bronnadh an dámhachtain i dtrí bhabhta in 2021, agus fuarthas níos mó ná 3,700 iarratas. Bhí iarrthóirí in ann cur isteach ar mhaoiniú suas le 5,000 euro. Go dtí seo bronnadh níos mó ná 8.5 euro ar iarrthóirí ar éirigh leo.
I measc na n-ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon sin ar bronnadh maoiniú orthu, bhí 50% acu ag teacht chun cinn nó díreach ag tosú amach ina ngairmréimeanna, agus iarrthóirí céaduaire chuig an gComhairle Ealaíon a bhí 40% acu.
Tugadh maoiniú do thograí a bhain leis na réimsí seo thíos: albam a thaifeadadh, taighde a dhéanamh ar an bhfidléireacht Éireannach, gearrfhíseáin filíochta a chruthú, ceol úr a chumadh ar an sacsafón, taighde agus forbairt a dhéanamh ar thogra damhsa ilmheánach, amharc-ealaíontóir a bhí ag iarraidh a chaidreamh leis an tírdhreach i gCiarraí a fheabhsú, úrscéal a chríochnú, saineolas a fhorbairt san amharclannaíocht dhigiteach, togra rannpháirtíochta ealaíne pobalbhunaithe a chruthú.
Luaigh rannpháirtithe go raibh siad in ann a gcuid mianta fadtéarma a bhaint amach a bhuí leis an dámhachtain, gur cuireadh tacaíocht ar fáil dóibh, go dtiocfaidh siad slán ón bpaindéim ar thalamh slán ealaíne (mar a dúirt ealaíontóir amháin), agus gurb ionann dámhachtain den chineál agus dearbhú iontach dá gcuid bpaisean.
Osclófar iarratais don Dámhachtain Lúfaireachta 2022 ar an 21 Nollaig 2021 agus dúnfar iad ar an 3 Feabhra 2022. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig https://www.artscouncil.ie/Funds/Agility-Award/
←Fill ar ais go dtí an nuacht