Déanann na céadta féile iarratas ó cheann ceann na tíre i leith na Comhairle Ealaíon le haghaidh cúnaimh maidir lena gclár ealaíne a eagrú gach bliain. I mbliana, fógraíonn an Chomhairle Ealaíon infheistíocht dar luach €924,989 le haghaidh féilte a bheidh ar siúl ó mhí Eanáir go mí Meithimh 2022.
Fuaireamar 73 iarratas, agus as na hiarratais sin bhíomar in ann 59 féile ar fud 16 chontae a mhaoiniú. Tháinig méadú 9% ar an meándeontas go dtí €15,677 i gcomparáid leis an mbliain seo caite.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Mhair féilte le linn na paindéime in ainneoin na gcúinsí dúshlánacha, ag cur go leor imeachtaí digiteacha ar fáil do lucht féachana le 18 mí dhéag anuas, agus thug diongbháilteacht agus solúbthacht na bhféilte céanna inspioráid dúinn. Agus tírdhreach na n-ealaíon ag teacht ar ais ar a sheanléim arís agus ag soláthar tuilleadh imeachtaí beo, is mór againn infheistíocht a mhéadú i leith imeachtaí beaga. Fágfaidh sé sin go mbeidh an pobal in ann pléisiúr a bhaint as imeachtaí ealaíon i bpearsa agus as ealaíontóirí ar fud na bhfoirmeacha ealaíne go léir, agus tabharfar tacaíocht dóibh chun cláir ealaíon a chur ar fáil ar fud na tíre. Tá páirt lárnach le himirt ag na féilte seo ina suíomhanna
Táimid an-sásta tacaíocht a sholáthar don seisear iarratasóirí nua chuig Scéim Infheistíochta na bhFéilte. Léiríonn na féilte seo an-bheogacht agus éagsúlacht ina gcláir agus clúdaíonn na féilte gach rud ó na healaíona traidisiúnta go saothar speisialtóra do dhaoine óga agus do pháistí.”
Is iad na sé fhéile nua atá á maoiniú den chéad uair:
Dinny Delaney Uilleann Pipers, Contae na Gaillimhe
I gcuimhne Dinny Delaney, an ceoltóir cáiliúil, déanann féile Bhéal Átha na Sluaighe ceiliúradh ar thraidisiún agus ar scéal na huirlise Éireannaí is suaithinsí agus is traidisiúnta.
Féile Luathbhlianta Grass Hoppers, Baile Brigín
Cuireann Féile Luathbhlianta Grass Hoppers eispéiris ealaíon d’ardchaighdeán ar fáil do dhaoine óga atá idir 0-6 bliana d’aois i mBaile Brigín i rith na bliana.
Féile Orgán Phort Láirge (International Organ Festival), Port Láirge
Is imeacht bliantúil nua í Féile Orgán Phort Láirge a dhéanann ceiliúradh ar cheol leis an orgán i gcathair Phort Láirge. Meallfaidh an clár 2022 ceoltóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu chun seinm in Ardteampall Chríost i bPort Láirge.
Órán Mór, Co na Gaillimhe
Is féile ealaíon ildisciplíneach í an fhéile sin in Órán Mór, a mhaireann ar feadh ceithre lá agus a bhíonn ar siúl gach bliain i mí Bealtaine, le féilte níos lú á reáchtáil ar feadh na bliana i gcomhar le tuilleadh imeachtaí náisiúnta agus tionscnaimh.
Catalyst Film Festival, Contae Luimnigh
Cuireann Catalyst Film Festival clár scannán ar fáil a thugann tosaíocht do na daoine faoi ghannionadaíocht ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara. Cuireann an féile comhionannas inscne, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht chun cinn, i ngach gné de scannánóireacht.
Féile Ealaíon Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe
Beidh Féile Ealaíon Phobal Inis Bó Finne i mí Bealtaine. Tá sé suite ar an oileán stairiúil, Inis Bó Finne, beidh meascán leathan de cheol, de dhamhsa, de na hamharc-ealaíona agus d’imeachtaí focal labhartha.
Tugann Babhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht d’fhéilte a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2022. Osclóidh Babhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte le haghaidh iarratas ar an 19 Deireadh Fómhair 2021 (spriocdháta 18 Samhain 5.30 p.m.) maidir le féilte a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2022.
| |
Alliance Francaise | €6,000.00 |
Ballydehob Jazz Festival | €19,945.00 |
Birr Festival of Music and Voice | €20,000.00 |
Blood in the Alley Productions | €34,856.11 |
Carrickmacross Comhaltas | €5,300.00 |
Catalyst Film Festival | €3,500.00 |
Ceol na gCruach | €6,650.00 |
Claremorris Folk Festival | €2,500.00 |
Classics Now | €7,000.00 |
Cobh Carillon Committee | €5,000.00 |
Coiste Cruinniu na BhFliuit | €9,720.00 |
Consairtin | €15,650.00 |
Cork World Book Festival | €20,000.00 |
Dance2Connect | €18,240.00 |
Drogheda Arts Festival | €20,000.00 |
East Asia Film Festival | €20,000.00 |
Ennis Book Club Festival | €35,000.00 |
Fastnet Short Film Festival | €20,000.00 |
Feile Chois Cuain | €7,000.00 |
Feile na Bealtaine | €32,700.00 |
Feile na Tana | €9,881.00 |
Feile Nasc | €16,000.00 |
Feile Roise Rua | €19,996.00 |
Festival of Writing & Ideas | €28,500.00 |
First Cut! Youth Film Project | €34,700.00 |
First Fortnight | €35,000.00 |
Galway Early Music | €19,000.00 |
Galway Theatre Festival | €35,000.00 |
Grasshoppers Early Years Festival | €4,923.00 |
Great Music in Irish Houses | €35,000.00 |
Iniscealtra Arts Festival | €13,900.00 |
Inishbofin Community Services Programme | €8,450.00 |
Inishowen Traditional Music Project | €12,000.00 |
Killaloe Chamber Music Festival | €18,000.00 |
Limerick Literary Festival in Honour of Kate O'Brien | €14,000.00 |
Lismore Castle Arts | €18,000.00 |
Live Collision Festival | €35,000.00 |
Moth and Butterfly | €7,000.00 |
Mother Tongues | €20,000.00 |
Music Generation Clare | €7,000.00 |
Now and Then Media Ltd. | €7,000.00 |
Nyah Festival | €13,820.00 |
Oidreacht an Chlair | €16,719.00 |
Open Ear | €14,433.20 |
Oranmore Arts Festival | €11,205.00 |
Ortus Festival | €16,220.80 |
Scoil Cheoil an Earraigh | €20,000.00 |
Sean-Nos Cois Life | €7,000.00 |
Spike | €10,560.00 |
The Ballincollig Winter Music Festival | €10,000.00 |
The Dinny Delaney Festival of Uileann Pipers | €5,220.00 |
The Leitrim Dance Project | €14,400.00 |
Tionol Nioclas Toibin | €7,000.00 |
Tullamore Tradfest | €3,000.00 |
University Concert Hall Limerick | €14,000.00 |
Waterford International Organ Festival | €3,000.00 |
West Wicklow Festival | €35,000.00 |
Westport Folk and Bluegrass Festival | €3,000.00 |
Wicklow Screendance Laboratory | €13,000.00 |
←Fill ar ais go dtí an nuacht