D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go bhfuil luach €12.8 milliún á bhronnadh aici ar 20 ealaíontóir agus 163 eagraíocht ealaíon trí Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona, scéim faoi straitéis 10 mbliana na gníomhaireachta, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Fuair muid 217 iarratas agus bhí muid in ann 183 faighteoir a mhaoiniú, rud a fhágann go bhfuil an bhliain seo ar an mbliain is mó go dtí seo ó thaobh Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona de.
Is é an cuspóir atá leis an maoiniú ón gComhairle Ealaíon ná gníomhaíochtaí agus cláir ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud na tíre. Tugtar tacaíocht sholúbtha ar feadh tréimhse faoi leith, mar fhreagairt ar riachtanais na ndaoine siúd atá ag cruthú, ag cur i láthair agus ag tacú le saothar.
Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógairt, bhí an méid seo le rá ag Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Is ábhar misnigh amach is amach réimse agus fairsinge na n-iarratas a fheiceáil. D’fhulaing ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne go díréireach le linn na paindéime agus is tógáil croí dúinn teacht aniar earnáil na n-ealaíon a fheiceáil. Is ábhar dóchais é freisin go bhfuil a fhios againn, agus muid ag tacú leis an 20 ealaíontóir agus an 163 eagraíocht seo, go ndéanfaidh siadsan saothair úra spleodracha a chruthú agus go dtacóidh siad leis an bpobal agus muid ag teacht as an ngéarchéim seo le chéile. Is mó anois ná riamh a léiríonn a gcuid saothar saibhreas na hilchineálachta a bhaineann le hÉirinn na linne seo. Léiríonn na heagraíochtaí agus na healaíontóirí aonair seo plúrscoth na tallainne agus tá an Chomhairle Ealaíon thar a bheith bródúil as a n-uaillmhian agus a bhféinmhuinín.”
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon,
“Léiríonn an maoiniú seo tacaíocht shuntasach eile d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon. Ba mhó ná riamh an ráchairt ar mhaoiniú agus bhí caighdeán na n-iarratas thar a bheith ard. San iomlán, gheobhaidh 183 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon maoiniú thart ar €13 mhilliún. Tacóidh an maoiniú seo le hobair ar fud na tíre in éagsúlacht d’fhoirmeacha ealaíne ó na hamharc-ealaíona go dtí na healaíona traidisiúnta.”
Tabharfar an maoiniú seo d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon i 19 gcontae ar fud na hÉireann. (Aontroim, Baile Átha Cliath, an Cabhán, Ciarraí, Cill Chainnigh, Cill Dara, Cill Mhantáin, an Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Loch Garman, Lú, Luimneach, Maigh Eo, an Mhí, Port Láirge, Sligeach agus Tiobraid Árann.)
A bhuí leis na cinntí seo, leanfar ar aghaidh ag cothú na ndaoine a bhfuil féith na healaíne iontu; coinneofar eagraíochtaí ealaíon ag gabháil; agus bainfidh daoine i ngach cearn den tír taitneamh as na gnéithe is fearr de na healaíona. Sa chur chuige a ghlac sí, rinne an Chomhairle Ealaíon na nithe seo: rinne sí iarracht cothrom na Féinne a dhéanamh idir na foirmeacha éagsúla ealaíne; bhreithnigh sí an tionchar a bheadh ar na healaíona ar bhonn náisiúnta, ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn áitiúil; agus spreag sí daoine tréitheacha nua le linn di eagraíochtaí atá ag soláthar torthaí ag leibhéal ard a neartú.
Tá sé eagraíocht úra ann a bhfuil maoiniú faighte acu ón gComhairle Ealaíon den chéad uair riamh.
Is comhpháirtíocht nuachláraithe é Match in the Dark idir Dani Gill agus Brendan MacEvilly. Baineann sí le: forbairt lucht léitheoireachta sa litríocht lasmuigh de chiorcad na bhféilte litríochta, maoiniú breise a mhealladh i dtreo na litríochta ó údaráis áitiúla agus ó pháirtithe leasmhara réigiúnacha, rud a spreagfaidh cultúr an léiriúcháin ghairmiúil i dtaca le saothair agus camchuairteanna litríochta agus a chruthóidh tacaí camchuairte don litríocht a dhéanfaidh lucht léirithe agus lucht déanta litríochta a chumasú agus uasoiliúint a chur orthu.
Tá Tipperary Dance Platform freagrach as roinnt beart amhail tacaíocht a sholáthar do dhamhsóirí gairmiúla in Éirinn, saothar úrnua damhsa a chruthú agus caidrimh luachmhara a fhorbairt agus a chothú le pobail agus luchtanna féachana áitiúla agus idirnáisiúnta.
Is é an aidhm atá ag Bullaun Press ná réimse ilchineálacht de litríocht a aistríodh go Béarla a chur i láthair léitheoirí na hÉireann. Cuirfidh Bullaun Press ceird an aistriúcháin chun cinn agus labhróidh siad le pobail diaspóra in Éirinn – le moltaí a fháil uathu agus, trína n-oidhreacht scríofa a scaipeadh, cothófar malartú cultúrtha le saoránaigh de chuid na hÉireann.
Is compántas damhsa uaillmhianach spreagúil é Company Philip Connaughton a phléann le saincheisteanna tábhachtacha d’fhonn ceisteanna a chur faoin tsochaí agus faoin domhan thart timpeall orainn.
Tugann Con Brio ardán do cheoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá i mbarr a réime mar aon le ceoltóirí úra atá ag teacht chun cinn. Cé go bhfuil fócas ar stór clasaiceach, cuimsíonn an tsraith saothair chomhaimseartha agus déantar saothair úra a choimisiúnú ar bhonn rialta; go háirithe saothair le cumadóirí Éireannacha.
Is tionscadal é Sans. PRESS atá á reáchtáil ag alumni de chuid an chúrsa MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach in Ollscoil Luimnigh.
An coincheap atá acu go dtarraingeofaí scéalta difriúla le chéile faoi threoir shoiléir ealaíne. Agus téama bunaidh á dtreorú, chruthaigh siad díolamaí comhsheasmhacha a chuimsíonn réimse leathan de théamaí agus de stíleanna, thar 9 dtír, le scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus scríbhneoirí bunaithe.
Tá liosta iomlán na bhfaighteoirí ar fáil anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht