Arna chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon, arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus arna léiriú ag Schweppe Curtis Nunn.
D’fhógair Brightening Air | Coiscéim Coiligh séasúr náisiúnta deich lá d’imeachtaí ealaíon, a chlár inniu, lena n-áirítear roinnt de na healaíontóirí agus na heagraíochtaí ealaíne is breátha in Éirinn, i gceiliúradh ar shoirbhíochas athnuaite agus ar laethanta níos fearr amach romhainn. Mairfidh an clár ón 11-20 Meitheamh 2021 le heispéiris bheo agus i bpearsa ar fáil chun taitneamh a bhaint as ón mbaile, i ngach cineál ionad tionóil, ag caitheamh solas ó chósta go cósta, ag cruthú splancacha geala taitnimh ar fud na tíre.
Tabharfaidh an clár eispéiris ealaíon fhiúntacha do dhaoine san áit ina bhfuil cónaí orthu, bídís i gceantair uirbeacha, ar an imeall, ar na hoileáin agus sna Gaeltachtaí agus ina dtithe féin, le heispéiris ar aibhneacha, i ngairdíní tosaigh agus gairdíní lusanna, ar thaobhanna céanna, ar oileáin, pinniúir liathróid láimhe, i bhfoirgnimh árasáin, dabhcha snámha, ionaid ealaíne ar fud na tíre, agus trí fhóin chliste agus ríomhairí.
Ag labhairt faoi sheoladh an chláir, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, an méid seo a leanas: Thug an frása ‘laethanta níos fearr amach romhainn’, atá ar fáil go flúirseach inár gcumarsáid agus comhráite, go leor dóchais dúinn. Mar chuid lárnach den fhreagairt náisiúnta a thug an Chomhairle Ealaíon ar theacht amach as an bpaindéim, tá sé mar aidhm ag Brightening Air | Coiscéim Coiligh, cur lenár spiorad dóchais agus ár tsamhlaíocht a spreagadh le huaillmhianta nua cruthaitheacha. Arna cur i láthair i láithreacha éagsúla iontacha ar fud na tíre idir phobail oileáin go háiteanna i lár cathracha, agus ag fostú níos mó ná 150 ealaíontóir agus oibrí ealaíon, tabharfar eispéiris eisceachtúla agus iontacha don lucht féachana agus leabófar iad sna háiteanna ina bhfuil cónaí orthu.’’
Tá Brightening Air | Coiscéim Coiligh léirithe ag Schweppe Curtis Nunn. Ag labhairt faoin seoladh, dúirt na stiúrthóirí Maria Schweppe agus Naoise Nunn: ”tá lúcháir orainn go bhfuil sé de phribhléid againn a bheith ag obair leis na healaíontóirí, déantóirí agus léiritheoirí sármhaithe seo, chun Brightening Air | Coiscéim Coiligh a chruthú. Tá sceitimíní orainn roimh sheoladh an chláir seo, ina dtugtar anáil úr do dhaoine ar fud na tíre, rud atá thar am acu a fháil, nuair a fhaigheann siad deis taitneamh a bhaint as na heispéiris ealaíne seo agus breathnú chun cinn le dóchas.’’
Beidh an Light Ballet (Bailé Éadrom) mar bhuaicphointe mór, an suiteán solais ag bogadh go leanúnach ar shoitheach 15 mhéadar síos an tSionainn, trí ocht gcontae, thar ocht lá. Tríd a láithreacht fhisiceach chumhachtach, cuirfidh an Light Ballet (Bailé Éadrom) iontas agus áthas ar gach duine a mbeidh teagmháil acu leis an mór-thaibhsiú solais agus fuaime seo, agus é ag taisteal an taobh tíre atá faoi cheilt. Feicfear fuaimdhreach comhcheangailte le solas de chuid New Jackson, mar láithreacht dealbhóireachta, trí láimhsiú solais, dathanna agus scáileanna. Athrífear agus lasfar na spéartha agus an tírdhreach mórthimpeall le bailé lán le solas agus dóchas.
Cuirfidh ceann de na compántais damhsa is mó trácht, CoisCéim Dance Theatre, damhsa suiteáin In The Magic Hour, i láthair, ina mbeidh taispeántais uathúla agus spontáineacha ar siúl ag titim na hoíche, an uair dhraíochta, i spásanna fairsinge nádúrtha, macánta agus lom – pinniúir liathróid láimhe. Fiosraítear ár gcomhráite cinéiteacha leis na tírdhreacha timpeall orainn sa saothar. Áirítear an fhoireann chruthaitheach lárnach le David Bolger ó na meáin, Christopher Ash, an cumadóir Michael Fleming, agus ceathrar ealaíontóirí damhsa den scoth, Lee Clayden, Justine Cooper, Ivonne Kalter agus Jonathan Mitchell. Is féidir leis an lucht féachana breathnú ar gach taispeántas ar feadh cúig oíche, saor in aisce. Níl ach líon teoranta ticéad ar fáil chun freastal ar na taispeántais bheo ag na pinniúir liathróid láimhe i gcúig chontae (ag feitheamh ar threoirlínte rialtais ar thionóil ag an am).
Nochtar Woman In The Machine, atá comhchruthaithe ag VISUAL agus Féile Ealaíon Cheatharlach, trí scannán, taispeántais, oibreacha fuaime, suiteáin solais, imeachtaí digiteacha dúchasacha, spás taispeántais fhíorúil 360, léiriúcháin, cainteanna agus tionscadail rannpháirtíochta pobail. Cruthaíodh é mar fhreagra ar láithreán a d’úsáid an mhonarcha Braun tráth, atá mar chomhartha talún i gCeatharlach anois, agus in ómós don scannán faoi réadóirí mná in Sisters With Transistors le Lisa Rovner, agus na mná ag obair san áit a dtagann an ealaín, an eolaíocht agus na meáin dhigiteacha le chéile. Tabharfar cuireadh don lucht féachana an clár a fheiceáil ar líne, agus i monarcha thréigthe Braun i gCeatharlach, áit ina mbeidh líon teoranta lucht féachana.
Cuirfidh Dánlann an Bhuitléaraigh i gcomhpháirt le Féile Ealaíon Chill Chainnigh dhá shuiteán cháiliúla, faoin ngéarchéim imirce leanúnach sa Mheánmhuir i láthair, leis an ealaíontóir a bhfuil duaiseanna buaite aige agus a rugadh i gCill Chainnigh, Richard Mosse. Beidh siad curtha le chéile den chéad uair ina chathair dhúchais. Cruthaíodh an dá shaothar le cúnamh ó cheamara faireachais teirmeagrafach a úsáidtear san arm agus a forbraíodh le haghaidh forfheidhmiú teorann fadraoin. Treascraíonn Mosse sprioc an cheamara agus é ag cruthú eispéiris a chuireann an duine as a riocht, ach ag an am céanna faoi dhraíocht. De réir Mosse tá sé mar aidhm aige “an breathnóir a lua i bhféachaint na hoibre chun an breathnóir a mhealladh dul i ngleic lena rannpháirtíocht ar mhórán leibhéal.” Incoming - scáileán de thrí cinn, taispeánfar suiteán tumthach laistigh den ghailearaí i dteach cónaithe Evans, ag an am céanna gabhfar an tsuiteáil de 16 chainéal Grid (Moria) - in airde ar thailte in aice na Feoire agus beidh sé ar fáil le breathnú do dhaoine ag dul thar bráid.
I gcur chuige nuálach maidir le ríomhchlárú, tá 21 coimeádaí óg i mbun oibre le cuibhreannas d’ionaid tionóil ar fud na tíre, chun saothar a chlárú do leanaí agus daoine óga. Is clár ealaíon náisiúnta é Lasta, cruthaithe go hiomlán ag daoine óga. Faoi threoir na n-ealaíontóirí amharclannaíochta Maisie Lee agus Fionn Foley, oibreoidh na daoine óga seo i ndlúthchomhar le chéile, chun clár uaillmhianach oibre a chur le chéile do dhaoine óga ar fud na tíre. Le go leor disciplíní agus ag léiriú ilghnéitheacht Éire na linne seo, tairgeann an tionscadal ceannródaíoch seo deis uathúil chun ár gcláraitheoirí ealaíon agus léiritheoirí a fhorbairt. Is iad na hionaid tionóil ag an nGréasán NASC ná An Grianán (Leitir Ceanainn), glór (Inis), Siamsa Tíre (Trá Lí), Foirgneamh an Phailliúin (Dún Laoghaire), Amharclann an Lime Tree (Luimneach), Dunamaise (Port Laoise), Amharclann Halla na Cathrach (Gaillimh), Backstage (An Longfort.)
Cuirfidh Féile Lárshamhraidh Chorcaí Art Gifts i láthair, mar fhreagra geanúil ar na dúshláin a bhaineann le healaín a chur i láthair in ionaid tionóil, ag tabhairt taispeántais ghearra i ngairdíní daoine! Ordaigh Bronntanas Ealaíne a chuirfidh iontas ort, nó ar do chara nó duine muinteartha. Déanfar na taispeántais go slán sábháilte ar do thairseach, taispeántas uathúil agus gearr de cheol, amharclannaíocht, filíocht, sorcas, ceoldrámaíocht, nó damhsa duit féin agus do dhaoine muinteartha ag do dhoras. Cuirfidh 20 ealaíontóir ó Chorcaigh níos mó ná 300 bronntanas ealaíne ar fáil, timpeall áiteanna sainiúla i gCorcaigh, i ngairdíní, tairseacha agus cabhsáin do na daoine a mbeidh an t-ádh orthu na bronntanais a fháil.
I Loch Garman, déanfar The Blue Whale 'Hope': Chainies Across The Sea ag Ionad Ealaíon Loch Garman, i gcomhar leis an ealaíontóir Helen McLean, a bhaineann le mósáic de mhíol mór ar scála mór a chur le ceithre bhaoi mósáice, a rinneadh le rannpháirtíocht phobal na háite agus domhanda i Loch Garman, a shuiteáil go buan ar ché Loch Garman. Tagann na hábhair a úsáidtear chun na mósáicí a dhéanamh ó sceirdeanna potaireachta nó “chainies” ó Stoke on Trent. Cuireadh i dtír iad ar na cladaí ó longbhristeacha i gCalafort Ros Láir, chomh maith le bád a bhí ar a bhealach go Savannah, Georgia sna Stáit Aontaithe in 1857 le breis is céad bliain. Déanann an míol mór cruach a bheidh cóirithe leis na bloghanna chainie, athchuimhniú ar an míol mór gorm 25 méadar a tháinig i dtír i Loch Garman in 1892. Ina dhiaidh sin, díoladh é leis an Ard-Mhúsaem i Londain, áit ina bhfuil sé ar crochadh sa halla tosaigh. Beidh an píosa ealaíne poiblí seo suiteáilte go buan, cois cé i Loch Garman.
Is píosa amharclannaíochta é The Ballad of a Care Centre a bhaineann go sonrach le suíomh, a sheachadtar trí thaispeántas beo agus réaltacht fhíorúil, do chónaitheoirí a raibh cónaí orthu san Ionad Cúram Lae sa Nás. Tá John Conway ag forbairt an tsaothair ó 2019, atá tógtha timpeall na dtuairiscí aonair agus stairsheanchais chnuasaitheacha daoine breacaosta a fhreastalaíonn ar an Ionad Cúraim Lae sa Nás. Tá a dtuairiscí ina saothar ealaíne, trí fhís Conway, a dhéanann athnasc idir na cónaitheoirí san ionad cúraim lae, agus a gcuimhní agus scéalta. Tá snáithe dá gcuimhní agus scéalta beatha ceangailte le chéile chun insint nua a thabhairt, ina ndéantar iniúchadh ar rómánsú na n-eispéireas éagsúil agus laghdaítear cinn eile. Ag an am céanna aithnítear an mhoráltacht agus na dúshláin a bhaineann le haonrú sóisialta, aosú agus tinneas seanaoise. Cuirfear an ócáid uathúil seo i láthair cónaitheoirí a raibh cónaí orthu san Ionad Cúraim Lae sa Nás roimhe seo.
Is suiteán sonach úrscothach é A City & A Garden a choimisiúnaigh Sounds from a Safe Harbour Festival, i gcomhar le Body & Soul. Breithníonn an t-eispéireas fuaime an iliomad saol a caitheadh, agus na scéalta agus na hamhráin fite fuaite sna scéalta ar na sráideanna a shiúlaimid gach lá. Tugann an t-eispéireas fuaime siúlóide cuireadh do dhaoine, na timpeallachtaí uirbeacha a bhfuil aithne acu orthu a athaimsiú, ar bhealach iomlán nua, ag athrú peirspictíochtaí ar áit, cóngas, timpeallacht agus stair. Beidh an lucht féachana in ann scéalta agus amhráin atá ceilte sna crainn agus brící i spásanna inár gcathracha, a nochtadh. Beidh siad snoite isteach le hinsintí agus fuaimdhreacha á dtreorú, le taobh sráid chathair Chorcaí nó i Luibhghairdín Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Is iad Gavin Corbett, Louise Hegarty, Lisa McInerney agus Melatu-Uche Okorie an ceathrar scríbhneoirí is mó trácht, a coimisiúnaíodh chun na scéalta seo a scríobh mar aon le ceoltóirí agus guthóirí tionlacain a fhógrófar go gairid.
Cruthaíonn na heispéiris dhigiteacha, ar fáil do lucht fhéachana ar fud na tíre, cuid lárnach den chlár. Is eispéireas idirghníomhach ar líne bunaithe ar bhrabhsálaí é The Corner Of Scotsman's Bay, le Elizabeth Kilroy, a thugann cuireadh do chuairteoirí machnamh a dhéanamh ar shraith agus dlúthú ama, spás agus áit, agus iad ag fiosrú léirmhínithe físeacha, amharc-ealaíne bunaithe ar na dabhcha i nDún Laoghaire, mar a bhí tráth den saol. Trí shaothar ilmheáin, fótagrafaíocht, scéalta agus cuimhní ó dhaoine áitiúla a bhí ag snámh sna dabhcha agus iad ag éirí aníos, agus comhéadan mealltach, beidh lucht féachana ar fud na tíre ag snámh siar agus aniar sa tionscadal réaltachta méadaithe a chuireann sceitimíní ar dhaoine.
Ag sruthú beo ó The Ark i mBaile Átha Cliath, go díreach do thithe agus scoileanna ar fud na tíre, What Did I Miss? Tugann an seó nua le Shaun Dunne, an tEalaíontóir Cónaithe san Ark, léargas ar eispéireas na paindéime a bhí ag leanaí agus na garspriocanna ar chaill siad amach orthu ar an mbealach. Is ceiliúradh ar dheasghnátha aistrithe saoil, What Did I Miss? , forbartha agus curtha in iúl le hobair comhpháirtíochta leanúnach leis an gComhairle Leanaí The Ark, a chuireann an bealach a dhéanaimid athcheangal agus muid ag oiriúnú ar mhodh nua maireachtála in iúl. Déanfar an seó saor in aisce seo a shruthú beo i gcomhar le tionscadal gníomhaíochta náisiúnta ag teacht ar leanaí i mbunscoileanna timpeall na tíre. Beidh eiseamláir uathúil dá n-eispéireas ar an saol le linn na paindéime ó pheirspictíocht an linbh á sheachadadh. I dteannta na ranganna a bheidh páirteach sna ceardlanna, tugtar cuireadh do scoileanna ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh sa tionscadal agus cúnamh a thabhairt leis, ag baint úsáid as an bpacáiste gníomhaíochta saincheaptha The Ark, ar fáil ar ark.ie ón 10 Bealtaine 2021.
Cuirfidh an Compántas Amharclannaíochta cáiliúil Pan Pan, MESPIL IN THE DARK, i láthair. Is imscrúdú goilliúnach, os-réalaíoch agus gliúcaíochta é ar shaol ochtar ealaíontóirí a chónaíonn san ionad árasáin céanna i mBaile Átha Cliath. Lean na cóngair sciuirde ina ngnáthshaol, agus iad ag teacht isteach agus amach ina saol. Faigh blaiseadh dá gcuid brionglóidí, a dtromluí, a ndóchas agus a neamhchinnteacht agus breathnaigh ar a nósanna laethúla poiblí agus príobháideacha. Idir a bheith ag bearradh a n-ionga ar a gcosa, ag cócaráil béile agus an bealach a dhéanann siad a níochán, is féidir na timpistí comhtheagmhais bheaga a mhúnlaíonn a gcinniúint a fháil amach. Caitheann páirt-fhicsean, páirt-phictiúrlann verité, MESPIL IN THE DARK solas ar an saol géibheannach ciúin seo. Beidh siad á dtaispeáint thar cheithre eipeasóid, agus ar fáil saor in aisce ar Vimeo, gach oíche ó 16 - 19 Meitheamh. Áirítear na taibheoirí rialta Pan Pan Andrew Bennett, Ned Dennehy, Olwen Fouéré, Tadhg Murphy, Anna Shiels McNamee, Ashley Xie agus Karim Tamu.
Cur i láthair sa réaltacht fhíorúil is ea Ar Ais Arís, le Brú Theatre, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020 / an tionscadal Aistriú. Agus tírdhreach fíor-álainn Chonamara roghnaithe mar shuíomh fíorúil an scannánaithe, d’éirigh le Brú Theatre trí scannán uathúla 180° a chur i dtoll a chéile atá sé i gceist acu a léiriú, trí ghléas cinn VR, in ionaid ealaíon agus in ionaid tionóil chósta ar chósta an Atlantaigh. Baintear leas as meascán de litríocht agus d’amharc-fhilíocht na Gaeilge chun an t-eispéireas tumthach seo a chruthú, agus téacsanna Mháirtín Uí Chadhain, Phádraic Uí Chonaire agus Nuala Uí Dhomhnaill mar spreagadh. Tabharfar cur i láthair VR ar chamchuairt timpeall na Gaeltachta agus timpeall na bpobal oileánach i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh. Tabharfar cuireadh do lucht féachana beag, sult a bhaint as an tírdhreach, fuaimdhreach, atmaisféar agus fuinneamh an Atlantaigh, roimh dóibh gléas cinn a chur orthu agus iad sáite sna gearrscannáin dhraíochtacha seo. Idir léiriú, cheol, amhráin agus rince comhaimseartha, tugtar léamh cumhachtach, dúisitheach comhaimseartha i ngach scannán ar an gcuid is fearr de scríbhneoireacht na Gaeilge, arna léiriú ag foireann cumadóirí, dearthóirí agus taibheoirí de chuid Brú Theatre faoi stiúir James Riordan, an Stiúrthóir Ealaíne.
Ar fáil ar líne ar fud na tíre, is saothar ealaíne digiteach é no_matter_here, iris ghréasáin agus taispeántas a cheanglaíonn saothar na n-ealaíontóirí, ag imscrúdú líonraí réamh-mhílaoise mar láithreáin ionchasacha d’fhuascailt na teicneolaíochta. Cuirfear na saothair le linn Brightening Air | Coiscéim Coiligh i láthair ar shuíomh gréasáin saincheaptha, ag tógáil treoracha físeacha ó leathanaigh luatha Geocities, ina spreagtar cuairteoirí leathanaigh mhistéireacha, hipearnaisc, íomhánna, físeáin agus ábhar gearrshaolach leictreach a nochtadh. Ag éirí as tionscadal scannán de chuid Frank Sweeney a dhéanann imscrúdú ar phríobháidiú Telecom Éireann ó thuairimí na scairshealbhóirí, ag déanamh cumarsáid ar fhóraim luatha ar líne, is taiscéalaíocht threascrach í no_matter_here ar idé-eolaíochtaí iar-mhílaoise ar fhuascailt na teicneolaíochta. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh páirteach, beidh Roo Honeychild, Eva George Richardson McCrea, Coilín O’Connell, Rachel O’Dwyer, Paul O’Neill agus Frank Sweeney.
Samhlaigh a bheith ag siúl thar mhúr-phictiúr agus beocht ag teacht ann os comhair do shúile. Tá The Waterford Walls Project ag cruthú réaltacht bhreisithe, ag baint úsáid as ealaín sráide poiblí, a bhí ann cheana féin, mar thúsphointe don eispéireas digiteach seo a chuireann sceitimíní ar dhaoine. Tiocfaidh beocht faoi dheich mhúr-phictiúr a cruthaíodh i gcomhair an Waterford Walls International Street Art Festival, le linn Brightening Air | Coiscéim Coiligh agus ina dhiaidh. D’oibrigh na daltaí ó Choláiste Pobail Naomh Pól i bPort Láirge agus Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh le The Walls Project agus an grúpa neamhbhrabúis Iodálach BEPART, chun na múrphictiúir ealaíne sráide a chlaochlú i réaltacht bhreisithe, ag baint triail as agus ag leathnú féidearthachtaí na healaíne poiblí, chun ealaín sráide a dhéanamh níos ábhartha agus inrochtana. Beidh an aip don réaltacht bhreisithe, ar féidir le lucht féachana eispéireas a bhaint as an gclaochlú digiteach do na saothair ealaíne seo, ar fáil le híoslódáil faoin 11 Meitheamh.
Arna chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon, arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus arna léiriú ag Schweppe Curtis Nunn.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gclár, féach ar www.brighteningair.com
←Fill ar ais go dtí an nuacht