• Dáileadh €2.5m in 2022/2023 chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol daoine óga.
• Gheobhaidh scoileanna rannpháirteacha maoiniú, oiliúint, agus saintacaíocht chruthaitheach
• Tá thart ar 600 scoil tar éis páirt a ghlacadh sa chlár óbunaíodh é in 2018.
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu, Déardaoin, an 7ú Aibreán, go bhfuiltear ag glacadh anois le hiarratais ó scoileanna le haghaidh chlár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023.
Dearadh Scoileanna Ildánacha chun deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga chun a gcuid scileanna chruthaitheacha agus ealaíonta a fhorbairt, agus tacaíonn an clár le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus le hionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga.
I measc na bpríomhthacaíochtaí a chuireann an clár ar fáil tá; saintacaíocht agus sainchomhairle ó Chomhlach Cruthaitheach atá sannta do gach scoil/ionad; oiliúint agus líonrú; agus maoiniú chun Pleananna Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm.
Glacadh go maith le togra na Scoileanna Ildánacha ó bunaíodh é in 2018 i leith, agus tá níos mó ná 90% de na scoileanna a ghlac páirt ann tar éis rannpháirtíocht sa chlár a mholadh.
Le linn sheoladh an chláir, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Táimid ar bís a bheith in ann cuireadh a thabhairt don chéad ghrúpa eile de scoileanna páirt a ghlacadh i dtogra na Scoileanna Ildánacha. Mar chuid de thiomantas leanúnach na Comhairle Ealaíon i dtaca le bheith ag pleanáil agus ag soláthar do leanaí agus daoine óga, is tionscadal cumhachtach é Scoileanna Ildánacha, a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Gabhaimid buíochas leis an Roinn Oideachais, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus gach aon duine ag Éire Ildánach as a gcomhpháirtíocht leantach leis an gclár tábhachtach náisiúnta seo.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Is léiriú bunúsach iad an Cultúr agus na hEalaíona dínn féin mar náisiún agus tá ról fíorthábhachtach acu i bpobail ar fud na hÉireann. Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu ag Bunscoil Shráid Stanhope, scoil atá rannpháirteach i gclár na Scoileanna Ildánacha faoi láthair. Cuireann an léiriú cruthaitheach deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga triail a bhaint as smaointe nua agus a n-acmhainneacht chruthaitheach a fhiosrú. Dearadh an clár seo chun na huirlisí a thabhairt do mhúinteoirí agus do mhic léinn leis an gcruthaitheacht a phlé agus a gClár Scoileanna Ildánacha saincheaptha féin a chur i bhfeidhm. Mholfainn do gach scoil breithniú ar chur isteach ar Scoileanna Ildánacha agus tús a chur lena n-aistear cruthaitheach féin.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Oideachais Norma Foley:
“Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú lenár gcomhghleacaithe sa Chomhairle Ealaíon agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun cuireadh a thabhairt do gach uile scoil cur isteach ar Scoileanna Ildánacha 2022. Cuireann an tionscnamh deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheacha; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálach a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Molaim gach uile scoil atá tar éis tabhairt faoin aistear seo go dtí seo agus táim ar bís go bhfuil grúpa scoileanna nua chun tús a chur lena rannpháirtíocht féin ar ball.”
Faigheann gach scoil a ghlacann páirt deontas agus oibríonn le Comhlach Cruthaitheach a úsáideann a thaithí phraiticiúil chun tacú leis an scoil a Plean Scoile Ildánaí uathúil féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Is aistear treoraithe dhá bhliain é seo ina mbíonn rannpháirtíocht na leanaí agus na ndaoine óga sa phleanáil, sa chinnteoireacht agus sa mhachnamh croílárnach. Tugann an clár seo fíordheis do phobail scoile iniúchadh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn na healaíona agus an chruthaitheacht dóibh, agus conas is féidir leis an rannpháirtíocht sna healaíona tacú le tosaíochtaí foghlama agus forbartha a gcuid scoileanna.
Cuirfidh rannpháirtíocht ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí nua oibre lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.
Tugtar cuireadh do gach scoil agus ionad Ógtheagmhála, atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chlár i mí Mheán Fómhair 2022 iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Ealaíon. Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 17.30 Déardaoin an 2 Meitheamh 2022.
←Fill ar ais go dtí an nuacht