Ba dhuine tábhachtach agus mór le rá í Máire Mhac an tSaoi i bhfilíocht na Gaeilge. Bhí sí an-chumasach go deo, agus í ag tabhairt faoin oiread sin cineálacha scríbhneoireachta, ó aistriúcháin go cáineadh ar a cuid bunsaothar. Spreag a cuid filíochta, agus a saol iomlán, ceannródaíoch, glúnta nua filí agus smaointeoirí. D’fhoilsigh sí a céad chnuasach filíochta, Margadh na Saoire, in 1956 agus d’fhoilsigh sí ceithre chnuasach eile ina dhiaidh sin, chomh maith le saothair aistriúcháin, nóibhille, saothar léannta, agus a dírbheathaisnéis The Same Age as the State. Ba dhuine de na filí Gaeilge ba thábhachtaí agus ba bhríomhaire in Éirinn í Máire Mhac an tSaoi. Chruthaigh a spiorad neamhspleách agus a deisbhéalachas a raibh sí bródúil astu, lena cuid buanna lirice iontacha, bailiúchán saothar dodhearmadta a bhí ceannródaíoch go minic agus inar díríodh ar shaol agus ar ghnéasacht na mban. Chuaigh na tréimhsí a chaith sí mar pháiste i nGaeltacht Dhún Chaoin in Iarthar Chiarraí i bhfeidhm go mór uirthi agus chuaigh an teanga a ghlac sí chuici féin i bhfeidhm ar a gairm mar fhile.
Chuaigh filíocht mhóréilimh, dheisbhéalach agus phléisiúrtha Brendan Kennelly i bhfeidhm ar Éireannaigh ar fud na tíre. Spreagfadh a ghrá do theanga agus do litríocht thú. Cé gur mar fhile ba mhó a bhí cáil air, chlúdaigh a chuid saothar go leor seánraí litríochta agus bhí clú agus cáil air as a chuid dánta fada Cromwell agus The Book of Judas go háirithe. Léiríodh a leaganacha amharclannaíochta de Blood Wedding, de Medea agus de Antigone go forleathan agus bhain daoine an-sásamh astu. Ina chuid oibre mar ollamh agus mar mhúinteoir, spreag sé buanna scríbhneoirí nua agus cuimhneofar go geanúil air as an gceangal a bhí aige le Coláiste na Tríonóide ar feadh na mblianta. Bhí gairm bheatha bhisiúil aige, agus d’fhoilsigh sé 30 leabhar, dhá úrscéal ina measc.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter, an méid a leanas:
“D’fhág an bheirt scríbhneoirí an-oidhreacht go deo againn, ina gcuid saothair agus sa saol a bhí acu araon. Ba dhuine de phríomhscríbhneoirí na Gaeilge í Máire Mhac an tSaoi agus chuir sí go mór le réimse na filíochta Gaeilge. Chuaigh Brendan Kennelly i bhfeidhm ar shaol na mílte duine trína chuid saothar agus teagaisc agus ba chuid luachmhar dá shaol laethúil í an litríocht. Tá an t-ádh orm gur bhuail mé le Máire agus le Brendan araon, daoine a bhí an-intleachtúil ach a raibh comhluadar iontach iontu freisin”.
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhbhrón le teaghlaigh agus le cairde na beirte filí.
←Fill ar ais go dtí an nuacht