Inniu, chuir an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an nuacht gur sheol an tAire Catherine Martin an Scéim Phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona in Éirinn.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Léiríonn an Scéim Phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona in Éirinn go bhfuil muinín mór as earnáil na n-ealaíon ann, tar éis dó buiséad de €130m, buiséad nach bhfacthas riamh go dtí seo, a cheadú don Chomhairle Ealaíon arís don bhliain 2022. Ina freagra beartais do Covid-19 Ag Maireachtáil, Ag Oiriúnú agus Ag Athnuachan, bhí an Chomhairle Ealaíon ag lorg tuilleadh maoinithe agus scéim ioncaim bhunúsaigh. Tá muid ag tnúth le tionchar na scéime píolótaí a fheiceáil agus go gcuirfear léi sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
”Tá an t-ioncam bunúsach ar aon dul le tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon. Céim nuálach is ea seo i dtreo éiceolaíocht chultúrtha na hÉireann a shaibhriú, rud a chiallaíonn go mbeidh níos mó deiseanna ag an bpobal taitneamh a bhaint as eispéiris ealaíne atá ar ardchaighdeán. Beidh deis níos fearr ag ealaíontóirí ó chúlraí sóisialta agus ag déimeagrafacha éagsúla tabhairt faoi ghairm sna healaíona. Tá sé seo tábhachtach toisc go gciallaíonn sé go bhfuil an deis againn réimse níos leithe de ghlórtha a chloisteáil sna healaíona a bheidh ina léiriú níos fearr ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann.”
Tá dálaí oibre agus maireachtála ealaíontóirí fós faoi bhun na gcaighdeán inghlactha, agus roinnt ealaíontóirí ag tuairisciú go bhfuil siad ag saothrú ioncaim faoi bhun an phá íosta náisiúnta. Tá tionchar níos mó á imirt ag an ngeilleagar poistíneachta ar earnáil na n-ealaíon agus pátrúin ioncaim ann a bhíonn neamhchinnte agus ag athrú go mór. Tá neart oideachais ag daoine atá ag obair in earnáil na n-ealaíon ach is deacair an tallann atá ann a choimeád agus ealaíontóirí ag tuairisciú go mbíonn siad go mór faoi strus agus faoi imní. Thug COVID-19 léiriú níos soiléire ar a leochailí is atá ag an earnáil, ag nochtadh laigí arbh ann dóibh in earnáil ealaíon na hÉireann le blianta fada. Cuireann seo srian ar an gcumas a d’fhéadfadh a bheith ar earnála na healaíona agus earnáil an chultúir leas a dhéanamh do shochaí na hÉireann i gcoitinne ar bhonn sóisialta agus ar bhonn eacnamaíochta agus páirt a ghlacadh inti.
Is deis atá i Scéim Phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh do na healaíona in Éirinn féachaint ar céard a tharlóidh nuair is féidir le cleachtóirí brath ar leibhéal ioncaim atá bunúsach ach comhsheasmhach thar tréimhse leanúnach.
Leis an scéim phíolótach seo, táthar ag súil leis go laghdófar an neamhchinnteacht agus an easpa seasmhachta a bhíonn ina ábhar imní leanúnach do a lán daoine san earnáil. Cumasóidh sé agus spreagfaidh sé fiontraíocht, éascóidh sé rioscaí cruthaitheachta agus trialacha, a ligfidh d’ealaíontóirí a gcuid scileanna a fhorbairt agus a chothú agus cuirfidh sé barr feabhais ar chaighdeán na healaíne, ag tacú le healaíontóirí atá ag tosú amach ina ngairm ach go háirithe. Samhlaíonn muid go mbeidh níos mó féinmhuiníne agus sástachta gairme ag rannpháirtithe na scéime seo. Samhlaíonn muid freisin go laghdófar an strus a mhothaíonn siad agus go gcuirfear feabhas ar a meabhairshláinte agus a bhfolláine. Tá súil againn go mbeidh sé ar chumas ealaíontóirí ó réimse cúlraí sóisialta agus déimeagrafacha níos leithne gairm a bhunú sna healaíona.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an bhfógra tábhachtach seo agus is údar dóchais di an méid tacaíochta a thug an rialtas do na healaíona ó ráig COVID-19.
←Fill ar ais go dtí an nuacht