Tá Tá Tábhacht le hÁiteanna ar cheann de na chéad chomhdhálacha le tarlú le daoine i láthair le breis agus dhá bhliain, inar tháinig earnáil an bheartais phoiblí agus earnáil na cruthaitheachta le chéile chun peirspictíochtaí nua a phlé ar infheistiú i ndaoine agus in áiteanna a dhéanamh níos cruthaithí. Bhí an éigeandáil dhaonnúil reatha san Úcráin ar intinn ag gach duine, le neart caointeoirí ag cuimhneamh ar a thábhachtaí is atá áiteanna do dhaoine.
Chuir an file ó Cheatharlach Clifton Redmond, a choimisiúnaigh Comhairle Contae Ceatharlach chun dán a scríobh le haghaidh na comhdhála, machnamh cumhachtach breathnaitheach i láthair. Phléigh sé Ceatharlach mar áit, agus dúirt sé “is éard atá in áit ná an spás fisicúil nach bhfágaimid riamh, de bharr nach bhfágann sé sinne”
Ag labhairt di ag an gcomhdháil, mar ar sheol sí beartas nua na Comhairle Ealaíon, Áit, Spás agus Daoine, dúirt an tAire Catherine Martin:
“Baineann an beartas le cothromas, agus le deimhniú go bhfuil deiseanna maithe ag daoine páirt a ghlacadh sna healaíona mar lucht féachana, mar dhéantóirí, mar chruthaitheoirí agus mar rannpháirtithe, ar bhealach leanúnach, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu, a n-oibríonn siad, nó a ligeann siad a scíth. Seo rud atá á phlé ag an gcomhdháil inniu, mar shampla le ceardlanna ar Cheartas Spásúil á rith ag Foras Ailtireachta na hÉireann agus an Dr Sindy Joyce, ceardlanna a fhéachann ar fhadhbanna comhionannais inár dtimpeallachtaí deartha, agus ar an méid smachta atá ag daoine ar shocrú na dtimpeallachtaí ina bhfuil cónaí orthu”.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Tá lúcháir orainn a bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe i rialtas áitiúil an tríú comhdháil dhébhliantúil dár gcuid ‘Tábhacht le hÁiteanna’ a chur i láthair. Lenár mbeartas spásúil a sheoladh ag an gcomhdháil, tá deis faighte againn cuimhneamh, agus tuairimí inghníomhaithe a thabhairt ar fhís chomhroinnte do thír ina bhfuil an deis ag gach duine na healaíona agus an cultúr a chruthú, dul i ngleic leo, páirt a ghlacadh iontu agus taitneamh a bhaint astu, beag beann ar cé hiad féin nó cá bhfuil cónaí orthu”.
Ag fáiltiú roimh thoscairí agus ag caint di ar son Chumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach, dúirt Moira Murrell, Príomhfheidhmeannach Comhairle Contae Chiarraí:
“Tá an chomhpháirtíocht idir rialtas áitiúil agus an Chomhairle Ealaíon, arb ann di le breis is 30 bliain, tar éis an-dul chun cinn a dhéanamh, ó lonnú na n-ealaíon i mbailte agus i mbailte fearainn timpeall na hÉireann, go dtí obair ar bhealach níos straitéisí. Tá an imeacht Tá Tábhacht le hÁiteanna ar siúl ag tréimhse an-tábhachtach; i ndiaidh na paindéime, agus anois ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim dhaonnúil, tá na háiteanna ina bhfuil cónaí orainn, agus deimhniú go bhfuil na healaíona mar chuid de chreatlach na n-áiteanna sin ar bhealach leanúnach, níos tábhachtaí ná riamh”.
Dúirt Kathleen Holohan, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Cheatharlach:
“Tá an-lúcháir orainn an mhór-chomhdháil seo a óstáil i gCeatharlach idir rialtas áitiúil agus an Chomhairle Ealaíon. Tá Ceatharlach ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na n-ealaíon áitiúil le breis agus 23 bliana, ag cruthú bealaí nuálacha chun cleachtais áitbhunaithe a láidriú agus a chur chun cinn lenár n-ealaíontóirí agus lenár bpobail.”
Chuir rannpháirtithe na comhdhála ceisteanna ar nós; conas a chuaigh tionchar na paindéime i bhfeidhm ar thábhacht na n-áiteanna ina gcónaímid, agus an mianach cruthaitheach atá iontu? Cé a bhíonn páirteach sna comhráite a bhíonn againn i dtaca le háiteanna agus an gcuirtear gach tuairim san áireamh? An mbíonn tionchar ag an áit ina gcónaímid ar na deiseanna a bhíonn againn a bheith rannpháirteach sna healaíona?
I measc na bpríomhchainteoirí bhí Valerie Mulvin (ailtire agus údar an leabhair Approximate Formality, the Morphology of Irish Towns) agus Emmanuel Pratt ón Sweet Water Foundation in Chicago, a bhí i láthair ar líne.
Bhí rannpháirtithe eile i láthair amhail Gaillimh 2020, Foras Ailtireachta na hÉireann, Create, Dánlann Glucksman, Self Organised Architecture, COBÁC, OTBÁC, Common Ground agus réimse ealaíontóirí a bhíonn i mbun oibre i gcomhthéacsanna áitbhunaithe.
Agus breis agus 50 cainteoir páirteach i 15 sheisiúin, i láthair daoine, ar líne agus arna beoshruthú, tá réimse leathan de thaithí ann óna dtig linn a bheith ag foghlaim, a bheith spreagtha aici agus le dúshláin a chur romhainn maidir le bealaí úra comhoibrithe a fhorbairt le chéile.
Toisc go raibh an chomhdháil ar siúl in Ionad VISUAL, Ceatharlach bhí béim ar chláir agus ealaíontóirí áitiúla amhail Take A Part Carlow, Clifton Redmond, chomh maith le Tom de Paor agus Felispeaks.
Le haghaidh tuilleadh sonraí maidir leis an gclár, féach www.artscouncil.ie/placesmatter.
←Fill ar ais go dtí an nuacht