Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Peter Whelan, Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus an Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, as a mbua sna Gradaim Olivier
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Peter Whelan agus Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann as a mbua sa chatagóir ‘Outstanding Achievement in Opera’ ag na Gradaim Olivier. Bhí an t-ainmniúchán ar cheann de phéire do ‘Bajazet’ le Vivaldi, comhléiriú idir an Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann agus an Royal Opera House. Tugadh ar camchuairt timpeall na hÉireann é agus, le tacaíocht bhreise ó Chultúr Éireann, chuig an Royal Opera House i Londain.
Cé gur onóir ar leith do Peter Whelan agus Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann é an gradam sárshaothair, is creidiúint mhór an dá ainmniúchán agus an gradam don léiriúchán don dá chomhlacht, don spiorad chomhoibríoch, oscailte agus sármhaitheasa a bhí acu, agus do na healaíontóirí agus do na gairmithe ealaíne eile a bhí páirteach ann.
Tharraing an bua seo aird ar an mbuaicphointe suntais a bhí ann a bheith aitheanta ar an mbealach seo, do Cheoldrámaíocht Éireannach, d’ealaíontóirí agus do dhéanamh ceoil, agus tá an Chomhairle Ealaíon bródúil as a ngaiscí in obair den chaighdeán seo a chur os comhair lucht féachana Éireannach agus ionadaíocht shármhaith a dhéanamh ar Cheoldrámaíocht agus ar Cheol Éireannach thar lear.
←Fill ar ais go dtí an nuacht