Ón gCéadaoin, an 26 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh, an 30 Deireadh Fómhair, cuirfidh an Ceoláras Náisiúnta, in éineacht leis an gComhairle Ealaíon, eagrán nua den tsraith ‘Tradition Now’ i láthair, a dhéanann iniúchadh ar nuálaíocht i gceol traidisiúnta inniu. An fómhar seo cuimsíonn an t-eagrán na ceoltóirí tíre mór le rá The Unthanks, an t-amhránaí agus scríbhneoir, a bhfuil ardmholadh air, Luka Bloom, ball bunaidh de The Bothy Band, Paddy Keenan, agus amharc-ealaíontóir Ceara Conway, giotáraí ón mBriotáin Soïg Sibéri agus Louise Mulcahy, Buaiteoir Dhámhachtain Liam O’Flynn.
Tá an tsraith, a bhfuil a lucht féachana ag dul i méid thar thréimhse seacht mbliana, tagtha chun cinn ina imeacht leathbhliantúil a mbíonn an-tóir déantar air, ina ndéantar ceiliúradh ar an nuálaíocht sa cheol traidisiúnta agus, san am céanna, é ag fanacht dílis dá fhréamhacha. In eagrán an fhómhair seo déantar ceiliúradh ar an nglór ó amhráin ar an sean-nós go ceol tíre ó Shasana Thoir Thuaidh mar aon le nuálaíochtaí uirlise ó Éirinn go dtí an Bhriotáin.
I measc na mbuaicphointí de chuid ‘Tradition Now’ an fhómhair tá an banna ceol tíre The Unthanks (Dé Domhnaigh an 30 Deireadh Fómhair 7.30 p.m) banna ar thuill a cheirnín Mount the Air Albam Tíre na Bliana de chuid BBC don bhliain 2015. Ó shin, mhéadaigh an bheirt acu ó scála go leibhéil shiansacha le Charles Hazelwood agus na BBC Proms agus ag dul go croí an cheoil leis an amhránaíocht ina n-aonar lenar fhás siad aníos, le haghaidh Diversions Vol 5.
I gcroílár an aonaid seo, atá ag forbairt i gcónaí, tá an tógáil traidisiúnta de bheirt dheirfiúr ó Tyneside, Rachel agus Becky Unthank lena bhfuil na cóirithe agus an scríbhneoireacht ón gcumadóir, an pianódóir, léiritheoir agus fear de bhunadh Yorkshire, Adrian McNally. Agus iad ag baint úsáid as an gceol traidisiúnta ó Shasana Thoir Thuaidh mar phointe tosaigh, is féidir tionchar Miles Davis, Steve Reich, Sufjan Stevens, Robert Wyatt, Anthony & The Johnsons, King Crimson agus Tom Waits a chloisteáil i bhfuaim uathúil an bhanna.
Ní rabhadar ar an mbóthar le dhá bhliain ach beidh siad i láthair go luath ar ‘Tradition Now’, lena gceol óna n-albam nua, Sorrows Away, in éineacht leis na hamhráin is ansa ‘Magpie’, ‘The King of Rome’ agus ‘Mount the Air’.
Mar aoi ar an oíche in éineacht leo beidh Buaiteoir Dhámhachtain Liam O’Flynn i gcomhair 2022, píobaire uilleann a bhfuil ardchlú uirthi agus seinnteoir na feadóige Louise Mulcahy, a thugann le chéile comhoibriú iontach ón bpíobaire uilleann, ón gcláirseach agus ó thraidisiúin amhránaíochta na hÉireann. Beidh an cláirseoir sreinge Paul Dooley agus an cláirseoir nua-Éireannach agus an ceoltóir iluirlise Michelle Mulcahy ag seinm in éineacht le Louise. Glacann an togra speisialta seo spreagadh ó oidhreacht dochreidte Liam O’Flynn agus a mháistreacht ar cheol corraitheach a mhúscailt.
Beidh an t-amhránaí is scríbhneoir aitheanta Luka Bloom ar an gclár freisin (Dé Sathairn an 29 Deireadh Fómhair ag 8pm) ina léireofar ceol ón albam is déanaí uaidh Out of the Blue - ina mbeidh páirt ag amhránaí buacach Dhámhachtain Cheol Tíre RTÉ Raidió 1 Susan O’Neill agus an ceoltóir iluirlise Jon O’Connell (The Walls/Ultan Conlon) - agus daoine aitheanta a tháinig chun solais thar na blianta. Cruthaíodh é le linn na dianghlasála agus deir sé an méid seo faoina shaothar ealaíonta is déanaí: ‘Tá na poirt neamhchasta, an t-aon bhealach is eol dom. Téann gach aon ceann acu i bhfeidhm go mór orm, mar gheall ar an am a chuaigh thart.... Is mór an onóir dom cuireadh a fháil na poirt seo a sheinm sa Cheoláras Náisiúnta.’
Beidh ball de The Bothy Band agus buaiteoir an Ghradaim Saoil don Irish Music Association Paddy Keenan ar chlár ‘Tradition Now’ freisin (Déardaoin, an 27 Deireadh Fómhair 8.30pm). Tar éis don bhanna ceannródaíoch a d’athraigh cúrsa an cheoil tíre in Éirinn go brách dul i léig, chuaigh Paddy ar aghaidh chun líon amhrán a thaifeadadh leis féin agus mar chuid de ghrúpaí, agus leanann sé ar aghaidh ar camchuairt mar amhránaí aonair, agus in éineacht le réimse ealaíontóirí eile. Ba é Donal Lunny a thug ‘Jimi Hendrix na bpíobairí’ ar Paddy, ach is minic a chuirtear a stíl seinnte i gcomparáid le píobairí den lucht siúil cosúil le Johnny Doran. Don cheolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta, beidh Paddy in éineacht leis an bpíobaire uilleann Colleen Shanks, seinnteoir basúcaí de bhunadh an Chláir Cyril O’Donoghue agus Éamonn de Barra (Damien Dempsey/Moya Brennan/Brian Eno) ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin.
Tá iniúchadh á dhéanamh ar an nglór mar bhunchuid do leagan ‘Tradition Now’ agus tá an glór lárnach do léiriú ealaíonta maidir le healaíontóir páirteach eile, Ceara Conway (Dé Céadaoin an 26 Deireadh Fómhair, 8.30pm). Tá aithne ar Cheara as a húsáid uathúil d’amhránaíocht thraidisiúnta agus caoineadh in ealaín chomhaimseartha, don taispeántas ina gcomhoibríonn sí leis na ceoltóirí Kevin Murphy (an dordveidhil) agus Ultan O’Brien (an vióla, an veidhlín) de chuid Slow Moving Clouds agus Sean Mac Erlaine (an clairinéad, leictreonaic, an pianó) chun meascán a thabhairt duit d’amhránaíocht ar an sean-nós agus amhránaíocht ceol domhanda a dhéanann na fuaimeanna áille agus mothúcháin an ghrá, an chaillteanais agus na dúile a iniúchadh, mothúcháin a bhíonn ar fáil sna hamhráin mholta thraidisiúnta, suantraí le béim ar leith ar an gcaoineadh traidisiúnta Gaeilge.
Ar an Domhnach, an 30 Deireadh Fómhair, tá an dara snáithe de ‘Tradition Now’ an fhómhair - nuálaíochtaí uirlise - chun tosaigh le haghaidh taispeántas speisialta ó ghiotáraí na Briotáine Soïg Sibéril (Dé Domhnaigh, an 30 Deireadh Fómhair 6pm) Tá aithne ar Soïg as a stíl seinnte atá saibhir, domhain, daite agus don cheolchoirm seo treoraíonn sé muid ar aistear ceoil trí na cosáin slogtha de thíortha Ceilteacha, ó Kreizh Breizh, trí Vannes nó Redon. Le bheith as an mbealach, beidh páirt ag an seinnteoir doird ón mBriotáin, Alain Genty.
CEOLCHOIRMEACHA TEAGHLAIGH
Is taibhiú ceoil agus puipéadóireachta uathúil é TREEHOUSE de chuid Ceol Connected atá dírithe ar leanaí 3-7 mbliana d’aois agus ar theaghlaigh, agus níl aon dabht ach go gcuirfidh sé gach duine ag canadh. Agus buncheol agus amhráin faoi dhraíocht ó chuid de cheoltóirí agus de thaibheoirí na hÉireann, bheifeá ag súil le taispeántas idirghníomhach den scoth a mheallfadh lucht féachana idir óg agus aosta. San áireamh ag an imeacht seolfar albam TREEHOUSE de chuid SongTales.
Tar in éineacht le The Whistleberries ar bharr na gcrann san áit a mbeidh cóisir a chuirfeadh na ladhracha ag damhsa agus na cromáin ag luascadh le neart scéalaíochta, Dé Sathairn an 29 Deireadh Fómhair, 12 pm agus 2 pm). Tá TREEHOUSE léirithe ag Ceol Connected le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus curtha i láthair ag an gCeoláras Náisiúnta, An Chomhairle Ealaíon agus Song Tales arna léiriú ag Ceol Connected le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon agus an Cheolárais Náisiúnta é ‘Tradition Now’ agus tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis.
←Fill ar ais go dtí an nuacht