Le linn dheireadh seachtaine an 19ú agus an 20ú Meitheamh, cuirfidh an Ceoláras Náisiúnta, in éineacht leis an gComhairle Ealaíon, breis agus ocht gceolchoirm le scothcheoltóirí Éireannacha i láthair – John Spillane, Steve Cooney, Varo Sessions, Daoirí Farrell, Louise agus Michelle Mulcahy agus níos mó - i réimse de thaibhithe mar chuid de ‘Tradition Now’.
Tá an tsraith, a bhfuil a lucht féachana ag dul i méid thar thréimhse sé bliana, tagtha chun cinn ina imeacht bliantúil a mbítear ag súil go mór leis gach bliain ina ndéantar ceiliúradh ar an nuálaíocht sa cheol traidisiúnta agus, san am céanna, é ag fanacht dílis dá fhréamhacha. Díríonn Tradition Now na bliana seo ar an nua i dtraidisiún atá ársa agus ag síorathrú, ag iniúchadh téamaí na háite, an bhaile agus na féiniúlachta tríd an cheol.
Dúirt Robert Read, Príomhfheidhmeannach an Cheolárais Náisiúnta;
“Leanann ceoltóirí Éireannacha de bheith ag cur le hoidhreacht shaibhir chultúrtha na hÉireann trí léirthuiscint dhomhain a chothú don traidisiún agus iad ag glacadh le téamaí agus fuaimeanna comhaimseartha chun cúrsa nua a leagan amach. I gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, leanann an Ceoláras Náisiúnta ar aghaidh ag cur chun cinn agus ag tacú le héabhlóid an cheoil thraidisiúnta, trí mheon comhoibrithe a chothú, trí thallann cheoil a aithint agus a chúiteamh agus trí ardán a chur ar fáil chun an ceol seo a chloisteáil agus taitneamh a bhaint as. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gComhairle Ealaíon agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a dtacaíocht leanúnach chun na beoshruthanna seo a dhéanamh. Anois níos mó ná riamh táimid dearbhaithe faoi chumhacht chlaochlaitheach an cheoil agus na n-ealaíon i dtaca le bheith ag labhairt leis na hamanna ina bhfuil cónaí orainn, sólás agus inspioráid a thairiscint don lá atá inniu ann agus don todhchaí”.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon;
“Téann téamaí na háite dúchais agus cinn scríbe atá i bhfad i gcéin tríd an gceol agus trí na hamhráin thraidisiúnta. Gabhann amhráin eisimirce eipeasóid láidir i stair na hÉireann agus d’éirigh le luath-theicneolaíocht an 20ú haois, i bhfoirm sorcóirí céarach agus taifid ghramafóin, an traidisiún sa bhaile a chaomhnú agus thug siad ceiliúradh spreagúil ar an gceol ar ais abhaile ó Mheiriceá. Is ceiliúradh é Tradition Now ar an éagsúlacht shaibhir laistigh dár gceol traidisiúnta agus fiosraíonn sé an áit as ar tháinig ár gceol agus an treo a roghnaigh sé a ghlacadh. “Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon an seachtú ceolchoirm Tradition Now a cheiliúradh agus is mór linn an caidreamh tábhachtach seo leis an gCeoláras Náisiúnta.”
Ar bhuaicphointí na sraithe, feicfear an bard clúiteach John Spillane, amhránaí is scríbhneoir iomráiteach atá lonnaithe i gCorcaigh a bhfuil a chuid ceoil fréamhaithe i ndaoine, in áit agus sa scéalaíocht, ag léiriú ceoil óna albam nua Barr 10, 100 Snow White Horses. Arna spreagadh ag a chuid taistil timpeall na hÉireann, tá na hamhráin nua seo lán le filíocht, miotaseolaíocht agus iontais na hÉireann (Dé Sathairn an 19 Meitheamh ar 8pm).
Ar an Domhnach an 20ú ar 8pm, tagann an dísreach fidle agus gutha Francach agus Iodálach,Lucie Azconaga agus Consuelo Nerea Breschi, ar a dtugtarVaro le chéile le haíonna Anna Mieke, Alannah Thornburgh, Branwen le Slow Moving Clouds, John Francis Flynn, agus Niamh Bury chun tús a chur le tionscadal nua ceoil a forbraíodh le linn na dianghlasála. In ainneoin iad a bheith ag teacht ó dhá chonair cheoil dhifriúla, (Lucie ón snagcheol, ceol clasaiceach, agus ceol tíre na Fraince, Consuelo ó cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol tíre agus ceol domhanda) d'fhorbair siad péireáil fuaime uathúil d'amhráin agus de phoirt thraidisiúnta ina bhfuil tionchair éagsúla. D'eisigh Varo a gcéad albam féin-teidil i mí Eanáir na bliana seo caite agus dúirt Folk Radio UK ina thaobh, “Is am spreagúil é do cheol tíre na hÉireann, agus ba chóir go gcuirfeadh tús áite Varo iad ar thús cadhnaíochta sa réimse”.
Chomh maith leis sin, feictear ceolchoirmeacha éagsúla tráthnóna agus luath-thráthnóna sa tsraith ina bhfuil ealaíontóirí atá ag bunú agus ag teacht chun cinn.
Is fearr aithne ar Steve Cooney, ceoltóir ilghradamach a scúpáil trí ghradam chomh maith le Dámhachtain Éacht Saoil ag Gradaim Ceol Tíre RTÉ Radio 1 anuraidh, mar gheall ar an bhforbairt a rinne sé ar stíl cumhachtach de thionlacan giotáir do cheol damhsa traidisiúnta na hÉireann. I mbliana d'eisigh sé albam ceannródaíoch de sheanphoirt chláirseacha d’aonréad an ghiotáir Ceol Ársa Cláirsí a bheidh á sheinm beo aige, den chéad uair riamh, ag an gCeoláras Náisiúnta (20 Meitheamh, 3.30pm)
Beidh an t-amhránaí traidisiúnta, seinnteoir basúcaí, agus Buaiteoir Ghradam Ceol Tíre BBC 2 Daoirí Farrell sa Cheoláras Náisiúnta den chéad uair mar chuid de Tradition Now (20 Meitheamh, 5pm). Tar éis an chéad albaim aige a raibh geallúint mhór faoi, ‘The First Turn’ (2009), chaith Daoirí roinnt blianta ag déanamh staidéir ar an gceol traidisiúnta agus tá sé ag seinm ó shin in éineacht le Christy Moore, Donal Lunny, Julie Fowlis, Dervish agus go leor eile. Agus cuid de mhórphearsana ceoil tíre na hÉireann ag cur síos air mar ‘dhuine de na hamhránaithe is tábhachtaí atá le teacht amach as Éirinn le blianta beaga anuas.’
Beidh amhránaí Sean Nóis a bhfuil meas agus il-duaiseanna buaite aici ó Ghaeltacht Mhúscraí i gContae ChorcaíNell Ní Chróinín, in éineacht le tríréad uirlise de sheifteoirí agus de chumadóirí a bhfuil go leor gradam buaite acu - Maria Ryan, veidhlín, Kate Ellis, dordveidhil, Cormac McCarthy, pianó – ag iniúchadh cuir chuige nuálacha i leith uigeachta, armóine agus rithime atá mar bhonn agus mar thaca ag a gutha barántúla agus clúiteacha (19 Meitheamh, 3.30pm).
Lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus naisc acu leis an gClár agus le Conamara, is dísreach seanbhunaithe iad Eoghan Ó Ceannabháin agus Ultan O’Brien a phéireálann fuaimeanna an ghutha agus na fidle. ‘Solas an Lae’ (The Light of the Day), (Samhain 2020), is teideal do thús-thairiscint Eoghain agus Ultáin - iniúchadh láidir ar an gcaidreamh sin, ag cruthú idirphlé uathúil a chumascann talamh amh garbh leis an saol eile neamhshaolta. Ó shin i leith, chuir siad leis an gcaidreamh ceoil seo trí mheán an ‘cheoldráma tíre digití’ ag pósadh na scéalta a insítear ina gcuid ceoil le scannánaíocht. Beidh siad ar an ardán ar an 20 Meitheamh, 2pm.
Fréamhaithe i dtraidisiún Shliabh Luachra agus an Chláir, tagann Louise agus Michelle Mulcahy ó theaghlach aitheanta de cheoltóirí traidisiúnta. Tá Michelle ar dhuine de na hil-ionstraimeoirí is cumasaí in Éirinn i gceol traidisiúnta na hÉireann inniu ag seinm consairtín, cláirseach, fidil, bosca ceoil, pianó, agus mileoidean. Ghnóthaigh a céad albam cláirsí aonair ‘Suaimhneas’ ardmholadh ar fud an domhain agus cuireadh síos dó go raibh sé ar cheann de na halbaim cláirsí de chuid cheol na hÉireann sa lá atá inniu ann. Bhí Louise le feiceáil, roinnt blianta ó shin, ar bhailiúchán de phíobairí óga uilleann a thiomdaigh Na Píobairí Uilleann dar teideal ‘A New Dawn’ agus d’eisigh sí a céad albam aonair, a bhfuil moladh go leor faighte aici ina thaobh, dar teideal ‘Tuning the Road’ in 2014. In ainneoin gur ionstraimithe virtuoso iad, is féidir cur síos dá bhfuaim gur fuaim mhilis bhinn í. Beidh siad ag seinm le chéile ar an 19 Meitheamh, ar 2pm.
I gcodarsnacht leis an gcur chuige aonair seo, tá na seinnteoirí aitheanta Mick O'Brien, (píobaire uilleann, fliúit feadóg), Aoife Ní Bhriaín (fidil/viola) agus Emer Mayock (fliúit/feadóg) ag teacht le chéile Dé Sathairn 19 Meitheamh ar 5pm chun ceol a bhailigh James Goodman (1828-96) in iardheisceart na hÉireann a fhiosrú agus a athléiriú. Tá tábhacht mhór ag baint leis na lámhscríbhinní, a choimeádtar i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus atá foilsithe anois ag Taisce Cheol Dúchais Éireann, ag tabhairt léargais uathúla ar éabhlóid cheol traidisiúnta na hÉireann Ó na lámhscríbhinní seo, roghnaigh Mick, Emer agus Aoife réimse de cheol ó leaganacha neamhghnácha d'fhoinn sa stór nua-aimseartha go dtí cinn eile ar cosúil go bhfuil siad uathúil don bhailiúchán. In 2014 bronnadh Gradam Ceoil TG4 orthu as an obair chomhoibríoch a rinne siad chun an stór éagsúil suimiúil seo a fhiosrú.
CEOLCHOIRMEACHA TEAGHLAIGH
Is é WUNDERGROUND an léiriú amharclannaíochta gige is nua dóibh siúd in aois a 3+ ag Ceol Connected, ag dul i gcion ar luchtanna féachana óga a bhfuil taithí ardchaighdeáin, nuálach agus fiúntach acu ar na healaíona traidisiúnta. Tugtar cuireadh do leanaí agus do dhaoine fásta tiúnáil isteach le haghaidh na léirithe sruthaithe rannpháirtíocha seo, áit a spreagtar iad chun taithí a fháil ar fhiosracht, iontas agus draíocht an domhain atá faoi bhun ár gcosa (11am agus 1pm Dé Sathairn 19 Meitheamh agus Dé Domhnaigh 20 Meitheamh). Tá Wunderground á chomhléiriú in éineacht leis an gCeoláras Náisiúnta agus i gcomhar leis an Pavilion Theatre (Amharclann an Phailliúin). Le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Draíochta agus á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon.
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon agus an Cheolárais Náisiúnta é ‘Tradition Now’ agus tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis.
Ticéid: Ceolchoirmeacha tráthnóna agus luath-thráthnóna €5 an ceann nó €10 do na trí cheolchoirm gach lá. Ceolchoirm 8pm, ticéid €12 Praghas Ticéad Teaghlaigh le haghaidh Wunderground €8.50 Féach www.nch.ie le haghaidh sonraí.
←Fill ar ais go dtí an nuacht