D’fhógair an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu go n-infheisteoidh siad €2.8 milliún, i gcomhpháirt, mar chuid de chlár mór imeachtaí a chuirfidh clabhsúr le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Is gairm é an clár Ealaín: 2023 ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon; deis is ea é saothair iontacha úra, a bhfuil uaillmhian agus scála ag baint leo, a chruthú, agus machnamh a dhéanamh ar théamaí Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Chuir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOll. Kevin Rafter, fáilte roimh an bhfógra, agus dúirt sé an méid seo a leanas;
“Leis an scéim seo, tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon saothair úra, a bhfuil uaillmhian agus scála ag baint leo, a chruthú chun cuimhneamh ar chora cinniúnacha i mbunú Stát na hÉireann. Is féidir leis na healaíona cur lenár dtuiscint ar stair chasta ár dtíre, agus an tslí a bhfoghlaimímid ón stair a cheistiú”.
Dúirt Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán;
”Bhí ról tábhachtach ag ealaíontóirí i machnamh, iniúchadh agus díospóireacht a spreagadh le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus tá fós. Tugann siad seans do dhaoine ó gach cúlra chun fadhbanna deacra a cheistiú agus a phlé. Is gné ríthábhachtach í seo de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá an chomhpháirtíocht Ealaín: 2023 leis an gComhairle Ealaíon tráthúil, sa chuid deireanach seo de Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, agus muid ag déanamh ár mbealaigh trí théamaí casta agus trí chuimhneachán ar eachtraí suntasacha staire. Tá béim mhór curtha ag an Sainghrúpa Comhairleach um Chuimhneacháin Céad Bliain ar an ról ríthábhachtach atá ag ealaíontóirí mar ‘idirghabhálaithe cultúrtha’, agus iad ag cothú comhráití agus ag tarraingt pobal isteach ar shlí fhiúntach, trí mheán an léirithe chruthaithigh. Tá lúcháir orm a bheith ag tacú leis an gcomhpháirtíocht Ealaín: 2023 leis an gComhairle Ealaíon, agus táim ag súil le leis an saothar críochnaithe a fheiceáil, chomh maith leis na próisis a bheidh i gceist leis an gcúram a chur i gcrích sna míonna amach romhainn, agus muid ag cur le hoidhreacht shaibhir chultúrtha Dheich mBliana na gCuimhneachán”.
Tá trí shnáithe sa chlár Ealaín: 2023; Gairm Oscailte 2023, Siompóisiam d’Ealaíontóirí ón gCéad Ghlúin Eile agus clár náisiúnta gradam a nglacfaidh an pobal páirt ann.
Is scéim é Gairm Oscailte 2023 do chruthú obair nuálach a tharraingíonn an pobal isteach, le deontais suas go €500,000 agus ciste iomlán de €1.5 milliún. Ba é an spriocdháta chun cur isteach ar an gcéad chuid den ghradam seo ná 3 Márta 2022. Fógrófar buaiteoirí na ngradam i mí na Nollag 2022.
D’iarr an Ghairm Oscailte ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon na hÉireann chun tionscadail chomhoibritheacha cheannródaíocha atá dírithe ar an bpobal a aithint agus a chruthú, tionscadail a bhfuil uaillmhian, tionchar agus scála ag baint leo agus a spreagann plé, gríosú nó freagra i dtaca le háit agus féiniúlacht mar chuid d’Éirinn na linne seo.
Agus an clár réitithe i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, cuimhneoidh sraith Seimineár Gairm Oscailte, a mbeidh saineolaithe acadúla i gceannas orthu, ar stair na tréimhse agus tionchar na n-eachtraí seo ar dhaoine, ar an tsochaí, ar dhiaspóra agus ar an Stát. Is é an aidhm atá leis na seimineáir seo, a fhógrófar sna seachtainí amach romhainn, ná ealaíontóirí a chur ar an eolas, agus comhthéacs a sholáthar don chlár seo de chuid Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Chuaigh ealaíontóirí go mór i bhfeidhm ar shochaí na hÉireann le céad bliain anuas, iad á léiriú agus á treorú, agus bhí siad chun tosaigh i nglúin na réabhlóide. Tugann an snáithe seo den chlár aitheantas dá ról ríthábhachtach trí cheiliúradh a dhéanamh ar Ealaíontóirí ón gCéad Ghlúin Eile atá ag teacht chun cinn. Tabharfaidh an Siompóisiam d’Ealaíontóirí ón gCéad Ghlúin Eile thart ar 150 ealaíontóir le chéile, ealaíontóirí a fuair an gradam seo, ó cuireadh tús leis in 2016 mar chuid de chomhpháirtíocht Éire 2016 – Ealaín: 2016. Tugann an gradam seo aitheantas d’ealaíontóirí ó gach disciplín ag céim ríthábhachtach dá ngairmeacha. Déanfar machnamh sa siompóisiam, atá le bheith ar siúl i Meitheamh 2023, ar ról ealaíontóirí i sochaí na hÉireann ó bunaíodh an Stát.
Sa chlár nua náisiúnta gradam, a nglacfaidh an pobal páirt ann, déanfar machnamh ar an nádúr comhroinnte dár stair agus d’úinéireacht ár dtodhchaí. Tabharfar cuireadh d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí pobail agus ealaíon chun tionscadail ealaíon a chruthú le chéile, tionscadail a bheidh bunaithe ar rannpháirtíocht agus a bheidh ar aon dul le téamaí Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Eiseofar gairm ar thograí in 2022 i gcomhair tionscadail a sheachadfar níos déanaí i mbliana agus in 2023.
Tá Clár tras-Rialtais Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 á stiúradh agus á chomhordú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is clár ionchuimsitheach é, a chuireann béim ar choinníollacha eacnamaíochta agus sóisialta na tréimhse 1912-1923, na hathruithe i ngnáis chultúrtha agus eispéireas na nÉireannach thar lear. Cuimsíonn téamaí an chláir traidisiúin dhifriúla oileán na hÉireann, agus soláthraíonn siad deiseanna chun díriú ar thaithí laethúil na gnáthmhuintire a mhair i dtréimhse neamhghnách ar fad, chomh maith leis na ceannairí agus na gníomhaithe ríthábhachtacha sna heachtraí suntasacha staire. Tá tuilleadh eolais ar Dheich mBliana na gCuimhneachán ar fáil ag www.decadeofcentenaries.com.
←Fill ar ais go dtí an nuacht