Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí traidisiúnta iomráiteacha don ról mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe in COC don bhliain féilire 2022.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe, lonnaithe i Scoil an Cheoil, i gColáiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta, deis uathúil a chur ar fáil d’ealaíontóir traidisiúnta (ceoltóir traidisiúnta, amhránaí, damhsóir, scéalaí nó cleachtóir na n-ealaíon béil amhail agallamh beirte agus lúibíní) a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn ceoil oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Eolas faoin gcónaitheacht
Fostófar an tEalaíontóir Traidisiúnta Cónaithe don bhliain féilire 2022 agus beidh sé nó sí lonnaithe i Roinn an Cheoil ag COC.
Beidh dhá chuid ag an gcónaitheacht:
Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2022, tacófar leis an Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe chun dul i ngleic le mic léinn agus leis an bhfoireann ollscoile. Déanfaidh an tEalaíontóir Traidisiúnta Cónaithe an clár rannpháirtíochta seo a dhearadh, i gcomhar le foireann na hollscoile, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh teagasc dírithe iarchéime, ceardlanna, meantóireacht, imeachtaí poiblí nó gníomhaíochtaí eile a chuireann fuinneamh nua agus uathúil leis an gclár ceoil thraidisiúnta mar chuid den chlár sin. Is é ceithre uair an chloig in aghaidh na seachtaine an t-uasmhéid ama teagmhála a bheidh ag an ealaíontóir le mic léinn agus leis an bhfoireann agus le linn an ama seo, ní bheidh ar an Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe curaclam príomhúil a sheachadadh.
Ó mhí Iúil go mí na Nollag, tacófar leis an Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe chun díriú go hiomlán ar a chleachtas/a cleachtas féin.
Is é €30,000 an táille don Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe, le ranníocaíocht €20,000 ón gComhairle Ealaíon agus ranníocaíocht €10,000 ón ollscoil féin. Cuirfidh COC spás sonrach ar fáil don Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe, áit a mbeidh sé/sí in ann tabhairt faoina c(h)leachtas cruthaitheach féin ar champas na hollscoile. Chomh maith leis sin, tacóidh COC leis an gcónaitheacht ó thaobh cúrsaí riaracháin de. Íocfaidh an Chomhairle Ealaíon an táille ina dhá tráthchuid, agus beidh tuairisc dheiridh le cur isteach ag an Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe ag deireadh na cónaitheachta.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór go mbainfeadh an méid seo a leanas le healaíontóirí ionas go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh:
• Iad a bheith mar ealaíontóir gairmiúil i mbun cleachtaidh. Cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go leanúnach ná go heisiach óna gcleachtas ealaíon, ní mór do na hiarratasóirí iad féin a aithint agus a bheith aitheanta ag a bpiaraí mar ealaíontóirí gairmiúla atá i mbun cleachtaidh.
• De réir Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, tá an Chomhairle Ealaíon agus COC tiomanta do chinntiú go dtugtar faoi bhearta beartais dearfacha chun na deiseanna céanna a chur chun cinn do gach duine a chónaíonn in Éirinn, beag beann ar inscne, ar ghnéaschlaonadh, ar stádas sibhialta nó teaghlaigh, ar chreideamh, ar aois, ar mhíchumas, ar chine nó ar dhuine den Lucht Siúil. Ina theannta sin, tarraingímid aird ar an gcúlra socheacnamaíoch mar fhoras eile ina gcaithfear comhionannais deiseanna a chinntiú. Dá bhrí sin, cuirimid fáilte roimh iarratais ó gach cuid de shochaí na hÉireann, na tréithe thuasluaite ina measc ach nach bhfuil teoranta dóibh.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a sholáthar:
• Togra mionsonraithe. Ba cheart go dtabharfaí achoimre ar fhís an iarratasóra don ról agus ar chur chuige molta maidir le teagmháil a dhéanamh le mic léinn, le baill foirne agus leis an ollscoil níos leithe ann. Ba cheart tagairt a dhéanamh do taithí ábhartha chun tacú leis an togra.
• Ráiteas an ealaíontóra, ar aon leathanach amháin, ina ndéantar cur síos ar an tionchar a bheadh ag an gcónaitheacht ar fhorbairt chleachtas an ealaíontóra sna healaíona traidisiúnta.
• CV mionsonraithe, ina leagtar amach teidil chreidiúna scannáin.
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig JTalty@ucc.ie faoi 5.30 pm, Déardaoin, an 28 Deireadh Fómhair 2021. Ní ghlacfar ach le hiarratais i ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta sin.
An Próiseas Measúnaithe
Bunóidh an Chomhairle Ealaíon agus COC coiste roghnúcháin nuair a fhaightear na hiarratais, agus beidh ionadaithe ó COC, duine amháin ón gComhairle Ealaíon agus comhalta painéil seachtrach ag a bhfuil saineolas ar na healaíona traidisiúnta ar an bpainéal sin. Cuirfidh an coiste roghnúcháin gearrliosta d’iarrthóirí le chéile bunaithe ar na critéir seo a leanas:
• cuntas teiste ealaíonta an iarratasóra (sna healaíona traidisiúnta).
• caighdeán an smaoinimh/chur chuige (tagraítear don mhéid sin thuas), mar atá le sonrú san iarratas
• an tionchar féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcónaitheacht ar chleachtas cruthaitheachta an ealaíontóra thraidisiúnta
Bunófar gearrliosta (ní bheidh níos mó ná seisear iarratasóirí ar an ngearrliosta). Iarrfar ar iarratasóirí a chuirtear ar an ngearrliosta dul faoi agallamh go déanach i mí na Samhna/i mí na Nollag. Féadfar an t-agallamh a reáchtáil trí ghlaoch físchomhdhála. Tabharfaidh sé an deis do na hiarratasóirí atá ar an ngearrliosta a bhfís, a dtogra agus a dtaithí a phlé go mion. Déanfaidh an painéal an cinneadh deiridh bunaithe ar na critéir thuasluaite.
←Fill ar ais go dtí an nuacht