Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon, gníomhaireacht Rialtas na hÉireann ar son forbairt na n-ealaíon, cinntí Maoinithe Straitéiseacha a fhógairt do 2023. Déanfar maoiniú ar luach €50,475,572 ar fad a leithdháileadh ar 107 eagraíocht ó cheann ceann na tíre ar fad. Tá an tallann agus an chruthaitheacht a chuimsítear sna heagraíochtaí seo den chéad scoth, lán le muinín uaillmhianach agus le rudaí a chuireann lán mórtais ar gach saoránach ina bhfuil réimse leathan ar fáil ó amharclannaíocht go dtí na healaíona traidisiúnta, ó snagcheol go ceol clasaiceach go féilte fidle áitiúla agus ó na hamharc-ealaíona go litríocht.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an méid seo a leanas: ‘Cuirfidh na cinntí seo ar chumas daoine ar gach aois agus ó gach cúlra taithí a bhaint as scoth na n-ealaíon. Tar éis infheistíocht a fháil a bhí i bhfad níos suntasaí le blianta beaga anuas, déanfaidh na gealltanais mhaoinithe seo staid na n-eagraíochtaí ríthábhachtacha seo a neartú.’
Dúirt an tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: ‘Caithfear buiséad €130m na Comhairle in 2023 ar ról an ealaíontóra a fhorbairt agus ar rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú. Tabharfaidh cinntí is déanaí na comhairle maidir le maoiniú straitéiseach deiseanna do dhaoine ar fud na tíre go léir eispéireas a bheith acu ar ealaín iontach le linn 2023.’
Ní mór dóibh siúd a fhaigheann maoiniú straitéiseach obair ríthábhachtach a dhéanamh le go gcuirfí na tosaíochtaí beartais a shonraítear i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (Saothar EalaíneIontach a Tháirgeadh) i gcrích. Tacaíonn siad freisin leis an mbonneagar riachtanach a theastaíonn chun na healaíona a chothú agus a fhorbairt in Éirinn. Déantar maoiniú a bhronnadh tar éis próiseas iarratais atá iomaíoch agus oscailte. Déantar iarratais a mheas de réir na gcritéar seo a leanas: caighdeán ealaíonta agus forbairt na n-ealaíon, rannpháirtíocht an phobail, inniúlacht eagraíochta, tábhacht na heagraíochta i mbonneagar na healaíona agus an gealltanas ar Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht.
Soláthraíonn ár n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú straitéiseach saothar agus / nó imeachtaí ealaíne den chéad scoth agus cuireann siad deiseanna iontacha ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt nó a bheith rannpháirteach in obair chruthaitheach atá ag ardchaighdeán.
Féach anseo le do thoil le haghaidh liosta iomlán de na comhlachtaí a fhaigheann maoiniú.
←Fill ar ais go dtí an nuacht