Inné (an 31 Lúnasa) bhunaigh Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, agus Eamonn O’Reilly, Príomhfheidhmeannach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath, comhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus Comhlacht Chalafort Átha Cliath, leis an rún spás oibre d’ealaíontóirí a chleachtann i ngach réimse de na healaíona a chur ar fáil ar Shuíomh Máistirphlean na Muilte Plúir.
Bíonn ealaíontóirí ar fud na hÉireann ag streachailt le spás oibre oiriúnach a aimsiú, ach de réir taighde is i mBaile Átha Cliath is géire atá an fhadhb seo. Thug Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoi thaighde ar sholáthar spásanna oibre agus bonneagar d’ealaíontóirí sa chathair in 2020 chun tuiscint níos iomláine a fháil ar na dúshláin atá roimh ealaíontóirí. Taispeánadh sa taighde seo go bhfuil spás ceardlainne tearc don 2,500 ealaíontóir gairmiúil atá ag obair sa chathair. D’oibrigh ealaíontóirí go comhoibríoch agus go cruthaitheach chun tabhairt faoin dúshlán seo trí ‘chomharghrúpaí ealaíontóirí’, ach is minic bac a bheith ar a n-iarrachtaí mar gheall ar chomhaontuithe tionóntachta gearrthéarma agus éiginnte.
Chun tabhairt faoin ngá práinneach le níos mó spáis i mBaile Átha Cliath, tá an Chomhairle Ealaíon agus Comhlacht Chalafort Átha Cliath ag obair le chéile ó thús 2022 chun roghanna a fhiosrú laistigh de shuíomh Máistirphlean na Muilte Plúir. Tá ailtirí duaisbhainteacha idirnáisiúnta ceaptha ag Calafort Bhaile Átha Cliath, Grafton Architects, chun tabhairt faoi Staidéar Indéantachta ar Champas an Mhuilinn Plúir d’Ealaíontóirí ar an suíomh comhaontaithe. Cuireann cuspóirí beartais straitéis 10 mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, Tionscadal Éireann 2040 an Rialtais agus Máistirphlean 2040 Chalafort Bhaile Átha Cliath taca faoin tionscadal.
Tá de rún leis an gcampas d’ealaíontóirí stiúideonna d’ealaíontóirí, spásanna don taibhiú agus do na hamharc-ealaíona trialacha, seomraí cleachtaidh fuaimdhíonacha, ceardlanna, spásanna oibre comhionaid, agus spásanna comhdhála agus cruinnithe a chur ar fáil ar fud 5,000 méadar cearnach i seanmhuilte plúir Odlums ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
Tá an Chomhairle Ealaíon agus Comhlacht Chalafort Átha Cliath ag súil le níos mó sonraí a chomhroinnt de réir mar a théann an tionscadal iontach seo ar aghaidh agus cuireann siad fáilte roimh thús oifigiúil comhpháirtíochta rathúla. Tá an fhéidearthacht ag baint le Campas na Muilte Plúir d’Ealaíontóirí go mbunófar spás oibre suntasach, slán agus inbhuanaithe tiomnaithe d’ealaíontóirí laistigh de chathair Bhaile Átha Cliath. Thug oifigigh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cuairt ar shuíomh na Muilte Plúir agus aithníonn siad an fhéidearthacht a bhaineann leis seo a bheith ina fhorbairt a chuirfidh athrú ó bhonn ar fáil d’ealaíontóirí. Leanann an Chomhairle Ealaíon ar aghaidh de bheith ag obair go dlúth leis an Roinn ar chur i gcrích na deise iontaí seo.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá fís iontach léirithe ag Calafort Bhaile Átha Cliath ina dtacaíocht do na healaíona le blianta beaga anuas, agus is comhartha eile é fógra an lae inniu dá dtiomantas do phobal bríomhar ealaíne a fhorbairt inár gcathair. Tagann fís Chalafort Bhaile Átha Cliath go han-mhaith le huaillmhian na Comhairle Ealaíon bonneagar inbhuanaithe agus iontach a chruthú d’ealaíontóirí a chur ag obair. Mar gheall ar chur chun cinn fuinniúil an léirithe ealaíonta sa chuid stairiúil seo den chathair atá i mbéal forbartha beidh tionchar mór agus dearfach ann.
Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do Eamonn O’Reilly as a thacaíocht ollmhór do na healaíona le linn a ama mar Phríomhfheidhmeannach.”
Dúirt an tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: ‘Tá deiseanna ollmhóra ann i mBaile Átha Cliath agus ceantair eile timpeall na tíre chun spásanna oibre d’ealaíontóirí a fhorbairt chun tabhairt faoi fhadhb atá ag dul i méid. Is tógáil mhór croí í uaillmhian Chalafort Bhaile Átha Cliath a bheith ag obair leis an gComhairle Ealaíon. Seo tús le caidreamh suntasach chun spásanna oibre d’ealaíontóirí a chur ar fáil i suíomh an tseanmhuilinn plúir sa chalafort agus tá súil againn go mbeidh sé ina eiseamláir d’eagraíochtaí eile.’
Dúirt Lar Joye, Stiúrthóir Oidhreachta an Chalafoirt, “Tá Muileann Plúir Odlum, a bhfuil 15 stór ann, go hard os cionn spéirlíne Chalafort Bhaile Átha Cliath, agus leis an staidéar a bhfuil Grafton Architects ag tabhairt faoi cruthófar spás iontach d’ealaíontóirí. Táimid ag iarraidh go mór go bhfeicfidh cuairteoirí, agus anois ealaíontóirí, conas a fheidhmíonn an Calafort gnóthach, agus leanann an tionscadal seo ar aghaidh ó fhorbairt an-rathúil músaem an Tumchlogaid in 2015, limistéar oidhreachta an tí caidéil in 2020, agus Fostáisiún na mBrící Dearga a osclóidh an bhliain seo chugainn”.
Dúirt Jerry Grant, Cathaoirleach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath, “Tá lúcháir orainn a bheith ag obair leis an gComhairle Ealaíon ar an tionscadal seo a tharraingíonn tuilleadh airde ar an tábhacht a bhaineann le Calafort Bhaile Átha Cliath a nascadh leis an gCathair. Ó lainseáladh Máistirphlean 2040 in 2012, táimid dírithe ar ní hamháin acmhainneacht an chalafoirt a fheabhsú, ach Comhtháthú idir an Calafort agus an Chathair a thabhairt chun cinn. Breathnaíonn an Bord ar an tionscadal seo mar pháirt lárnach de Mháistirphlean 2040 Chalafort Bhaile Átha Cliath a chur i gcrích”.
←Fill ar ais go dtí an nuacht