Inniu (6 Deireadh Fómhair 2021) d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus an tAire Oideachais Norma Foley TD, na 269 scoil nua a ghlacfaidh páirt i dtionscnaimh Chlár Éire Ildánach - Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha.
Agus na scoileanna a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh 188 scoil eile, na Scoileanna Ildánacha is déanaí atá againn – an líon is mó scoileanna a nglacadh leis in aon bhliain amháin ó bunaíodh an clár in 2018. Cuirfidh an líon méadaithe scoileanna seo, de réir an ghealltanais a tugadh sa Chlár Rialtais chun an tionscnamh a leathnú, ar chumas líon níos mó dár saoránaigh is óige scileanna agus buanna nua a fháil agus a fhorbairt a fheabhsaíonn a bhforbairt agus a bhfás, agus a chuirfidh le saibhreas a n-eispéireas foriomlán foghlama trí mhéadú rannpháirtíochta le hildánacht chultúrtha.”
Agus cruthú 21 Braisle Ildánach nua á fhógairt aici, dúirt an tAire Foley:
“Níos mó ná riamh, tá sé tábhachtach go dtacaítear lenár gcuid daltaí a gcuid cruthaitheachta a fhorbairt agus go dtugtar solúbthacht dóibh iad féin a chur in iúl ar bhealaí nua spreagúla. Tá an-áthas orm inniu na 81 scoil atá ag teacht le chéile chun 21 Braisle Ildánach nua a chur ar bun. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na scoileanna nua seo sa tionscnamh seo de chuid an Chiste Barr Feabhais do Scoileanna, agus táim ag tnúth le forbairt na tionscadail spreagúla seo sa dá bhliain atá romhainn a fheiceáil. Léirigh líon mór scoileanna ar fud na tíre spéis i dtionscnamh Bhraislí Ildánacha 2021. Tá súil agam líon na mBraislí Ildánacha a mhéadú in 2022.
“Ina theannta sin, cuirfidh an tionscnamh nua BLAST a d’fhógair mé níos luaithe i mbliana deiseanna ar fáil do scoileanna comhoibriú le healaíontóirí aitheanta, ag tacú lenár gcuid páistí agus daoine óga comhoibriú agus smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil a dhéanamh – scileanna ríthábhachtacha don todhchaí. Bhí an dáta deiridh le haghaidh iarratais BLAST againn le déanaí agus táim ag tnúth le sonraí deireanacha an chláir iontach seo a chur i gcrích sna seachtainí atá romhainn."
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir an Chomhairle Ealaíon:
“Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh an raon leathan scoileanna agus ionaid Youthreach ar fud na tíre a ghlacfaidh páirt i gclár Scoileanna Ildánacha sa tréimhse idir 2021 agus 2023. Glacfaidh na scoileanna seo páirt i dturas treoraithe chun Plean Scoileanna Ildánacha a bhunú a shaincheapfar do gach ceann acu. Tugann an próiseas cruthaitheach agus daonlathach seo tús áite do ghuthanna leanaí agus daoine óga i bpleanáil na cruthaitheachta ina gcuid scoileanna. Tacaíonn sé le múinteoirí ina gcuid oibre cruthaitheachta a leabú sa churaclam, agus éascaíonn sé do scoileanna agus d’ionaid caidrimh bheoga a fhorbairt leis na hearnálacha ealaíon agus cultúrtha. Cuideoidh sé seo le cleachtas ealaíonta agus cruthaitheach a chothú sna scoileanna taobh amuigh dá gcuid rannpháirtíochta sa chlár, agus cuideoidh sé lena chinntiú go léireofar neart ealaíne ar fud na tíre sna blianta atá romhainn."
Chomh maith le Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha, leanann Clár Éire Ildánach ag tacú le raon leathan tionscnaimh scoilbhunaithe agus pobalbhunaithe chun rannpháirtíocht níos mó leanaí agus daoine óga a chumasú i ngach cineál gníomhaíochta chruthaithí.
Dúirt an tAire Martin chomh maith: “Mar gheall ar ár dtiomantas leanúnach do Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha, tugadh deis do bheagnach 1,000 scoil, thar trí bliana, a bheith rannpháirteach sna healaíona, sa chultúr agus sa chruthaitheacht ar bhealaí nua, ag cuidiú le heispéireas foghlama na mílte leanbh agus duine óg a shaibhriú. In éineacht lenár n-infheistíocht leanúnach i raon tionscnaimh agus tionscadail don phobal, a reáchtálann Clár Éire Ildánach, tá níos mó deiseanna á gcur ar fáil do dhaoine óga chun dul i mbun gníomhaíochtaí cruthaitheacha – ní hamháin mar thacaíocht dá gcuid foghlama agus forbartha, ach chun taitneamh a bhaint astu agus tá súil againn grá do na healaíona, don chultúr agus don chruthaitheacht a fhorbairt."
Tionscnamh rialtais bunaithe ar an gcultúr atá i gClár Éire Ildánach, a thugann áit lárnach don chruthaitheacht i bpolasaí poiblí, agus a dearadh chun folláine aonair, pobail agus náisiúnta a chur chun cinn. Tá Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha i measc na bpríomhthionscnaimh scoile a forbraíodh agus a rolladh amach faoi Chuid 1 - Óige Ildánach. Léigh níos mó anseo.
Tá Scoileanna Ildánacha faoi stiúir an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meán agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
• Seoladh Scoileanna Ildánacha in 2018, agus roghnaíodh 150 scoil chun páirt a ghlacadh sa chéad bhabhta (a tosaíodh ag tús na bliana acadúla 2018/19), 150 eile sa dara babhta (bliain acadúil 2019/20) agus 164 i mbabhta a trí (2020/21).
• Méadaíodh an líon scoileanna don cheathrú babhta (a tosaíodh i Meán Fómhair 2021) go 188.
• Tugtar rochtain do scoileanna a roghnaítear chun páirt a ghlacadh ar “Chomhlach Cruthaitheach” chun cabhrú le plean cruthaitheach a fhorbairt do gach scoil – d’fhéadfadh gur múinteoirí nó duine ó raon gairmeacha cruthaitheacha iad na Comhlaigh Chruthaitheacha a tharraingíonn ar a dtaithí phraiticiúil ar ‘chruthaitheacht’ chun freagairt do riachtanais aonair gach scoil.
• Tugtar deontas €4,000 do gach scoil thar dhá bhliain acadúla chun a gcuid pleananna aonair a chur i bhfeidhm.
• Tá maoiniú iomlán de bheagnach €3 mhilliún á sholáthar in 2021 do Scoileanna Cruthaitheacha.
Tá sonraí faoi scoileanna nua a ghlacfaidh páirt i Scoileanna Ildánacha ó Mheán Fómhair 2021 ar fáil anseo:
https://www.artscouncil.ie/creative-schools/schools-2021-22/
Is tionscnamh píolótach de chuid na Roinne Oideachais é Braislí Ildánacha, faoi stiúir agus i gcomhpháirtíocht leis na 21 ionad oideachais lánaimseartha agus á maoiniú tríd an gCiste Barr Feabhais do Scoileanna. Comhoibreoidh idir trí agus cúig scoil sna Braislí Ildánacha ar dhearadh, ar chur i bhfeidhm, ar mheasúnú agus ar scaipeadh tionscadal nuálaíoch ealaíon agus foghlama cruthaithí a thacaíonn leo dul i ngleic le fadhb nó dúshlán coitianta, a aithníonn an braisle sin. Is féidir le braislí a bheith comhdhéanta de bhunscoileanna amháin, iar-bhunscoileanna amháin nó meascán de bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
• Cuireadh tús le tionscnamh Bhraislí Ildánacha sa bhliain acadúil 2018-19 agus bunaíodh 23 bhraisle, ina raibh 71 scoil ar fud na tíre.
• Sa bhliain acadúil 2019-20, bunaíodh 21 Braisle Ildánach, ina raibh 77 scoil.
• I Meán Fómhair 2020, tháinig 72 scoil eile in 21 Braisle isteach sa tionscnamh.
• Don bhliain acadúil 2021/2022 glacfaidh 81 scoil san iomlán in 21 Bhraisle páirt sa tionscnamh – ceann as gach ceann de na 21 ionad oideachais lánaimseartha in Éirinn.
Is tionscnamh é an Ciste Barr Feabhais do Scoileanna sa Roinn Oideachais chun sármhaitheas agus nuálaíocht inár scoileanna a spreagadh agus a aithint. Feidhmíonn an Ciste Barr Feabhais do Scoileanna i raon réimsí. Seo a leanas iad:
• An Ciste Barr Feabhais do Scoileanna – Ildánacht • An Ciste Barr Feabhais do Scoileanna – Gaeltacht
• An Ciste Barr Feabhais do Scoileanna – DEIS • An Ciste Barr Feabhais do Scoileanna – ETIM
• An Ciste Barr Feabhais do Scoileanna – Digiteach • An Ciste Barr Feabhais do Scoileanna – Céim chun tosaigh
Tá sonraí faoi scoileanna nua a ghlacfaidh páirt i Scoileanna Ildánacha ó Mheán Fómhair 2021 ar fáil anseo:
https://www.gov.ie/en/publication/f0342-schools-excellence-fund-creative-clusters/#creative-cluster-intake-2021
Cuirfidh clár BLAST (Bringing Live Arts to Students and Teachers / Ealaíona Beo a Thabhairt do Mhic Léinn agus do Mhúinteoirí) suas le 400 Cónaitheacht do na hEalaíona san Oideachas nua ar bun i scoileanna gach bliain. Ba é an 30 Meán Fómhair 2021 an dáta deiridh d’iarratais.
←Fill ar ais go dtí an nuacht