Fógraíonn na hAirí Madigan agus Bruton na 150 scoil a roghnaíodh le páirt a ghlacadh i scéim phíolótach Scoileanna Ildánacha ó Mheán Fómhair 2018
Beidh fás ar an bhfáil atá ag na mílte leanbh agus duine óg ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha i scoileanna mar chuid de thionscnamh Chlár Éire Ildánach atá á thiomáint ag an gComhairle Ealaíon
Inniu roghnaíodh 150 scoil ó gach cearn den tír agus ó gach cúlra oideachais le páirt a ghlacadh sa chlár píolótach Scoileanna Ildánacha. Is tionscnamh lárnach é an clár seo, a sheol an tAire Bruton agus an tAire Madigan níos luaithe i mbliana, i gColún 1 de Chlár Éire Ildánach, clár de chuid an Rialtais a chuireann béim ar na healaíona agus ar chruthaitheacht i saol leanaí agus daoine óga.
Áirítear ar na scoileanna, a roghnaíodh ó bhreis agus 400 scoil a rinne iarratas, bunscoileanna, meánscoileanna, ionaid Ógtheagmhála, scoileanna speisialta, scoileanna DEIS, scoileanna comhoideachais, scoileanna tuaithe, uirbeacha agus aonghnéis agus scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Cuirfear tús leis an obair i mí Mheán Fómhair 2018 agus leanfar ar aghaidh go dtí deireadh na scoilbhliana in 2019.
Mar chuid dá n-iarratas, b’éigean do scoileanna an chaoi a dtacódh rannpháirtíocht na scoile le foghlaim agus le forbairt i réimse na n-ealaíon agus na cruthaitheachta a mhíniú, chomh maith le cumas na scoile iomláine a bheith rannpháirteach agus na pleananna a bhí acu a chinnteodh go mbeadh ról gníomhach ag leanaí agus ag daoine óga i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm agus i measúnú a gcuid oibre mar Scoil Ildánach. Mar chuid den chlár, tá an Chomhairle Ealaíon ag comhoibriú le leanaí agus le daoine óga ar fud na tíre lena scileanna cruthaitheacha a chumasú agus lena gcur i dteagmháil leis an mbonneagar ealaíon agus cruthaitheach atá timpeall orthu go háitiúil agus go náisiúnta.
Cuirfear pacáiste tacaíochta ar fáil do na scoileanna a roghnaíodh don chlár píolótach a mbeidh maoiniú agus sainchomhairle ó Chomhlach Cruthaitheach mar chuid de a chuirfidh ar chumas na scoile breathnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na healaíona agus ag an gcruthaitheacht ar shaol na scoile. Le tacaíocht an Chomhlaigh Chruthaithigh, forbróidh na scoileanna plean Scoile Ildánaí agus déanfaidh siad clár faoi leith a dhearadh a fhreagraíonn do riachtanais agus do thosaíochtaí a scoile. Tacóidh an próiseas seo le leanaí agus le daoine óga dúshláin nua a thabhairt dóibh féin, a gcuid muiníne a fhorbairt agus ról níos gníomhaí a bheith acu san fhoghlaim.
Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD:
“Is lá thar a bheith suntasach é seo, ní hamháin do Chlár Éire Ildánach, ach do na mílte leanbh agus duine óg a mbeidh deis acu a gcruthaitheacht a fhorbairt mar chuid lárnach den saol scoile.
Inniu, tá muid ag tacú leis an teachtaireacht gur meán cumhachtach na healaíona trínar féidir le leanaí agus le hóige na tíre seo a gcumais agus a scileanna cruthaitheacha fhorbairt, rud a chuideoidh lena dtreorú agus lena gcumhachtú agus iad ag tabhairt aghaidhe ar a n-aistir foghlama, inspioráide agus gaisce féin.
Tá ríméad orm go mbeidh deiseanna ar fáil i ngach contae sa tír páirt a ghlacadh sa chlár píolótach Scoileanna Ildánacha agus an raon agus an éagsúlacht scoileanna a chuirfidh tús leis an gclár i mí Mheán Fómhair a fheiceáil. Ní fhéadfaí fógra an lae inniu a dhéanamh gan tacaíocht mo chomhghleacaí, an tAire Bruton, ná gan paisean agus tiomantas na Comhairle Ealaíon agus na n-ealaíontóirí ar fad a bheidh rannpháirteach i gcur i bhfeidhm chlár na Scoileanna Ildánacha sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”
Dúirt an tAire Bruton:
“Tréaslaím leis na 150 scoil a roghnaíodh le bheith páirteach sa chéad chéim de Scoileanna Ildánacha. Leagann an tionscnamh seo béim ar an tábhacht a d’fhéadfadh a bheith leis na healaíona agus leis an gcruthaitheacht sa chóras oideachais, ní hamháin mar ábhar curaclaim ach mar chuid lárnach d’fhorbairt phearsanta agus de chur in iúl cruthaitheach na leanaí agus na ndaoine óga.
Is féidir le gach uile leanbh a bheith cruthaitheach agus, mar gheall ar an tionscnamh seo agus ar thacaíocht agus acmhainní na gComhlach Cruthaitheach a bheidh ag obair leis na múinteoirí agus leis na daltaí, beidh deis acu aithne a chur ar an domhan mórthimpeall orthu agus bealaí nua foghlama a fhorbairt.
Tá mé thar a bheith sásta go mbeidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag comhoibriú leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis an gComhairle Ealaíon ar an tionscnamh spreagúil seo atá mar chuid de Chlár Éire Ildánach agus tá mé ag tnúth go mór le cuairt a thabhairt ar chuid de na Scoileanna Ildánacha níos deireanaí sa bhliain.”
Is tionscnamh tábhachtach é seo de bharr gur meán cumhachtach atá sna healaíona trínar féidir le leanaí agus le daoine óga cumarsáid agus comhoibriú a fhiosrú, a samhlaíocht a spreagadh le bheith cruthaitheach, agus a bhfiosracht a chothú. Teastaíonn déine, disciplín agus teacht aniar, ómós gníomhaireachta agus féinluach na bhfoghlaimeoirí a chothú i gcomhair rannpháirtíochta sna healaíona agus sa chruthaitheacht. Tá an meascán scileanna mar bhonn agus taca le foghlaim rathúil.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Tá muid fíorbhuíoch de na scoileanna uile a chur isteach ar an tionscnamh seo mar gur léirigh siad an luach a chuireann siad ar ealaíona agus ar chruthaitheacht ina gcuid scoileanna agus a dtiomantas sa réimse seo. Is léir go bhfuil suim mhór ag scoileanna ar fud na hÉireann deiseanna a chur ar fáil dá gcuid daltaí a bheith rannpháirteach sna healaíona. Tá súil againn go gcoinneoidh na scoileanna uile orthu leis an rannpháirtíocht sa tionscnamh Scoileanna Ildánacha de réir mar a fhorbraítear é. Is mór againn obair ár gcomhpháirtithe ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus tá súil againn go n-éireoidh leis an tionscnamh seo tacú le scoileanna leas iomlán a bhaint as na healaíona agus as na hacmhainní cultúrtha ina bpobail féin, dea-chleachtas a fhorbairt agus a roinnt agus tionchar na n-ealaíon agus na gclár agus na n-acmhainní cultúrtha atá ar fáil do scoileanna a uasmhéadú.”
Dúirt McBride chomh maith:
“Is cúis áthais dúinn a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an tionscnamh seo, mar le comhoibriú is amhlaidh gur fearr a bheidh muid in ann pleanáil agus soláthar do leanaí agus do dhaoine óga. Tá tábhacht le Scoileanna Ildánacha ní hamháin mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis d’fhoghlaim agus d’fholláine na hóige, ach de bharr go gcuireann sé ar ár gcumas deiseanna níos fearr a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga agus a chinntiú go mbaineann siad leas iomlán as an saol cultúrtha in Éirinn.”
BORDER REGION - Cavan, Donegal, Leitrim, Monaghan & Sligo
- Beech Hill College, Monaghan, Co Monaghan
- Coláiste Ailigh, Cnoc Na Móna, Letterkenny, Co Donegal
- Coláiste Dún An Rí, Kingscourt, Co Cavan
- Gairmscoil Mhic Diarmada, Leabgarrow, Arranmore Island, Co Donegal
- Glenmaquin NS, Glenmaquin, Letterkenny, Co Donegal
- Glenswilly National School, Glenswilly, New Mills, Letterkenny, Co Donegal
- Killavil National School, Killavil, Ballymote, Co Sligo
- Knocktemple NS, Virginia, Co Cavan
- Saint Hugh's NS, Dowra, Co Leitrim
- Scoil Athphoirt, Aphort, Arranmore Island, Co Donegal
- Scoil Mhuire, Dublin Road, Carrick-on-Shannon, Co Leitrim
- Scoil Naomh Eanna, Carraroe, Co Sligo
- Scoil Treasa Naofa, Drumcarbit, Malin, Co Donegal
- St Blaithin's National School, St Johnston, Lifford, Co Donegal
- St Patrick's Girls National School, Convent Road, Carndonagh, Co Donegal
- St Patrick's NS, Loch Gowna, Co Cavan
- St Safan's NS, Drumdoit, Castlefinn, Co Donegal
- St. Mary's NS, Ballyhaise, Co Cavan
WEST REGION - Mayo, Roscommon & Galway
- Athenry Boys School, Knockaunglas, Athenry, Co Galway
- Barnacogue NS, Barnacogue, Swinford, Co Mayo
- Castlebar Educate Together NS, Marsh House, Newtown, Castlebar, Co Mayo
- Coláiste Mhuire Ballygar, Co Galway
- Eglish NS, Ahascragh, Ballinasloe, Co Galway
- Gaelscoil De Híde, Cnoc na Crúibe, Bóthar na Gaillimhe, Ros Comáin
- Galway Educate Together National School, Thomas Hynes Road, Newcastle, Co Galway
- Glanduff NS, Glanduff, Kiltoom, Athlone, Co Roscommon
- Gortskehy NS, Annefield, Hollymount, Co Mayo
- Knocknacarra Educate Together, Brooklawn House, Galway West Business Park, Western Distributor Road, Knocknacarra, Co Galway
- Killeen National School, Killeen, Louisburgh, Co Mayo
- Mount Talbot NS, Mount Talbot, Co Roscommon
- Scoil Naisiúnta Na Naomh Uile, Cleggan, Clifden, Co Galway
- Scoil Chroí Íosa, Newcastle Road, Co Galway
- Scoil Sailearna, Na Haille, Indreabhán, Co Na Gaillimhe
- Snugboro NS, Snugboro, Castlebar, Co Mayo
- St Joseph's Secondary School, The Lawn, Castlebar, Co Mayo
- St Oliver's Special School, The Glebe, Tuam, Co Galway
- St. Anthony's Special School, Humbert Way, Castlebar, Co Mayo
- St. Patrick's De La Salle Boys' National School, Upper Chapel Street, Castlebar, Co Mayo
- Tuam Educate Together National School, Dublin Road, Tuam, Co Galway
- Youthreach Portumna, Abbey Street, Portumna, Co Galway
MIDLANDS REGION - Laois, Longford, Offaly & Westmeath
- Ard Scoil Charain Naofa, Frederick St, Clara, Co Offaly
- Ardnagrath National School, Ardnagrath, Walderstown, Athlone, Co Westmeath
- Coosan National School, Castlequarter, Coosan, Athlone, Co Westmeath
- Gaelscoil Longfoirt, Fearann Uí Dhugáin, Co Longford
- Holy Family Junior School, Aughnaharna, Portlaoise, Co Laois
- Sandy Lane National School, Sandy Lane, Portarlington, Co Laois
- Scoil Bhríde, Harpurs Lane, Knockmay, Portlaoise, Co Laois
- Scoil Eoin Phóil II Naofa, Arden View, Tullamore, Co Offaly
- Scoil Na Gceithre Maistrí, Brawney Road, Lissywollen, Athlone, Co Westmeath
- St Mary's Secondary School, Edenderry, Co Offaly
- St. Michael's BNS, St. Mel's Road, Co Longford
MID-EAST REGION - Kildare, Louth, Meath & Wicklow
- Baconstown National School, Saint Patrick's Primary School, Baconstown, Enfield, Co Meath
- Bunscoil Buachaillí Réalt Na Mara, Donacarney, Mornington, Drogheda, Co Louth
- Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Athboy, Co Meath
- Greystones Community National School, Greystones Rugby Club, Mill Road, Greystones, Co Wicklow
- Kilcommon National School, Tinahely, Arklow, Co Wicklow
- North Wicklow Educate Together Secondary School, Putland Road, Bray, Co Wicklow
- Scoil An Linbh Íosa, Prosperous, Co Kildare
- Scoil Mhichil Naofa, Athy, Co Kildare
- Scoil Mhuire Junior School, Ballymany, Newbridge, Co Kildare
- Scoil Mhuire, Heronstown NS, Lobinstown, Navan, Co Meath
- Sn Muire Gan Smál, Cartown, Termonfeckin, Drogheda, Co Louth
- St Brigid’s Special School, Ard Easmuinn, Dundalk Co Louth
- St Kilian's Community School, Boghall Road, Ballywaltrim, Bray, Co Wicklow
- St Mary's College, St Mary's Road, Arklow, Co Wicklow
- St Oliver's National School, Dundalk Street, Carlingford, Dundalk, Co Louth
- St. Louis NS Rathkenny, School Road, Rathkenny, Navan, Co Meath
- Tullyallen National School, Tullyallen, Drogheda, Co Louth
- Two Mile House National School, Two Mile House, Stephenstown South, Naas, Co Kildare
DUBLIN REGION
- Balbriggan Educate Together National School, Hamlet Lane, Moylaragh, Balbriggan, Co Dublin
- Ballymun Youthreach, Main Road, Ballymun, Dublin 11
- Balrothery NS, St. Oliver Plunkett's NS, Balrothery, Balbriggan, Co Dublin
- Belmayne Educate Together National School, North Belmayne, Dublin 13, Co Dublin
- Beneavin De La Salle College, Beneavin Road, Finglas, Dublin 11
- Coláiste Mhuire, Ratoath Road, Dublin 7
- Central Remedial Clinic School, Penny Ansley Building, Vernon Avenue, Clontarf, Dublin 3
- Dublin 7 Educate Together National School, Grangegorman Lower, Dublin 7
- Dún Laoghaire Educate Together National School, The Red Door School, Monkstown Grove, Monkstown Avenue, Monkstown
- Griffith Barracks Multi Denominational Primary School, Clogher Road, Dublin 12
- Lucan Educate Together National School, Mount Bellew Way, Willsbrook, Lucan, Co Dublin
- Lusk Community College, Raheny Lane, Rathmore Road, Lusk, Co Dublin
- Margaret Aylward Community College, The Thatch Road, Whitehall
- Mary Queen Of Angels 2, Boys National School, Gurteen Road, Ballyfermot, Dublin 10
- Monkstown Educate Together NS, Kill Avenue, Dún Laoghaire, Co Dublin
- Presentation Primary Warrenmount, Blackpitts, Dublin 8
- Rathfarnham Educate Together National School, Loreto Avenue, Rathfarnham, Dublin 14
- Shellybanks ETNS, RDS, Simmonscourt Road, Ballsbridge, Dublin 4
- SS Peter & Paul JNS, Chapel Street, Balbriggan, Co Dublin
- St Brigids JNS, Brookfield, Dublin 24
- St Fintan's High School, Dublin Road, Sutton, Dublin 13
- St John Of God GNS, Kilmore Road, Artane, Dublin 3
- St Mary's Holy Faith Secondary School, Old Finglas Road, Glasnevin, Dublin 11
- St Michael's House Special School, Ballymun Road, Ballygal, Dublin 9
- St. Oliver Plunkett's Junior National School, St Helena's Road, Finglas South, Dublin 11
- Stepaside Educate Together Secondary School, Belarmine Vale, Stepaside, Co Dublin
- Templeogue College, Templeville Road, Templeogue, Dublin 6W
SOUTH EAST REGION - Carlow, Kilkenny, Wexford & Waterford
- Ballycullane NS, Ballycullane, New Ross, Co Wexford
- Bunscoil Loreto, St. Michael's Road, Gorey, Co Wexford
- Bunscoil Rís Edmund Rice Senior Primary, Castlemoyle, New Ross, Co WexfordCreagh College, Carnew Road, Creagh, Gorey, Co Wexford
- Crehana National School, Carrick-Beg NS, Carrick Beg, Carrick-on-Suir, Co Tipperary
- Gaelscoil Osraí, Loch Buí, Cill Chainnigh
- Kiltealy NS, Enniscorthy, Co Wexford
- Loreto Secondary School, Spawell Road, Wexford, Co Wexford
- Mayo National School, Scoil Mhuire Muigheo, Mayo, Crettyard, Co Carlow
- Scoil Mhuire Davidstown, Enniscorthy, Co Wexford
- Scoil Naomh Maodhóg, Ferns, Enniscorthy, Co Wexford
- St Patrick's NS, Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Ballymurphy, Borris, Co Carlow
- St. Brigid's National School, Kells, Co Kilkenny
- St. Paul's Community College, Browne's Road, Lisduggan, Waterford City
SOUTH WEST REGION - Cork & Kerry
- Barryroe National School, Lislevane, Bandon, Co Cork
- Canovee National School, Canovee, Carrigadrohid, Co Cork
- CBS Primary, Scoil na mBráithe, Baker's Road, Charleville, Co Cork
- Cloghroe NS, Cloghroe, Co Cork
- Coláiste Daibhéid, Teach Buckingham, Sráid An Mhuilinn Sábhadóireachta, Corcaigh
- Colaiste Muire, Realt Na Mara, Crosshaven, Co Cork
- Dripsey National School, Dripsey, Co Cork
- Edmund Rice College, Carrigaline, Co Cork
- Faha NS, Faha, Killarney, Co Kerry
- Fybough NS, Castlemaine, Tralee, Co Kerry
- Gaelscoil Mhachan, Ave. De Rennes, Machan Corcaigh
- Glasheen Girls School, School Avenue, Glasheen Road, Co Cork
- Pobalscoil Inbhear Sceine, Kenmare, Co Kerry
- Presentation Primary School, Castle St, Tralee, Co Kerry
- Scoil Barra Buachaillí/Beaumont Boys School, Cork, Woodvale Road, Beaumont, Co Cork
- Scoil Bernadette, Bonnington, Montenotte, Co Cork
- Scoil Bhríde Crosshaven, Scoil Bhríde, Crosshaven, Co Cork
- Scoil Eoin Balloonagh, Balloonagh, Tralee, Co Kerry
- Scoil Mhuire Agus Eoin, Boherboy Road, Mayfield, Co Cork
- Skibbereen Community School, Skibbereen, Co Cork
- St Killian's Special School, Westgate Road, Bishopstown, Co Cork
- St Luke's National School, Churchyard Lane, Douglas, Co Cork
- St. Vincent's Convent Primary School, St. Mary's Road, Co Cork
- Youthreach Knocnaheeny, Knocknaheeny, Co Cork
MID WEST REGION - Clare, Tipperary & Limerick
- Ardscoil Mhuire, Corbally, Co Limerick
- Caherconlish National School, High Street, Caherconlish, Co Limerick
- Corpus Christi Primary School, Moyross, Limerick City
- Doora NS, Doora, Ennis, Co Clare
- Liscannor National School, Castle Street, Liscannor, Co Clare
- Mount Bruis NS, Mount Bruis, Co Tipperary
- Our Lady Queen Of Peace National School, O'Donoghue Avenue, Janesboro, Co Limerick
- Powerstown NS, Powerstown, Clonmel, Co Tipperary
- Presentation Secondary School, Dungarvan Road, Clonmel, Co Tipperary
- Scoil Na Mbráithre, Doon CBS, Doon, Co Limerick
- Sixmilebridge National School, Sixmilebridge, Co Clare
- St. Joseph's Primary, Murgasty Road, Tipperary Town, Co Tipperary
- St. Mary's BNS, Church Street, Abbeyfeale, Co Limerick
- St. Mary's Central NS, Killenaule, Thurles, Co Tipperary
- St. Michael's Girls' National School, St. Michael Street, Tipperary Town, Co Tipperary
- The Abbey School, Station Road, Co Tipperary
←Fill ar ais go dtí an nuacht