Tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne le chéile don Fhóram um Gheilleagar Oíche bliantúil inniu. Deartha chun raon dearcthaí idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla a thabhairt le chéile ar threochtaí agus ar thionscnaimh maidir le forbairt na n-ealaíon agus an gheilleagair oíche, beidh sé seo ina thús le himeacht a bheidh bliantúil as seo amach.
Is é aidhm na Comhairle Ealaíon spásanna imeachtaí ealaíon agus cultúir a chumasú le cláir agus tionscnaimh nua a fhorbairt d’imeachtaí oíche. Tá ról suntasach ag na healaíona i ngeilleagar oíche na hÉireann agus chun é seo a fhorbairt níos mó, tá sé mar aidhm ag an gComhairle Ealaíon spásanna ealaíon agus cultúir a éascú le hobair le chéile agus úsáid foirgneamh cultúrtha agus suíomhanna oidhreachta ar úinéireacht phoiblí d’imeachtaí a éascú.
Freastalóidh beagnach 300 duine ar an bhFóram um Gheilleagar Oíche, a bheidh ar siúl tráthnóna i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus cloisfidh an dream a bheidh i láthair léargais ó chathracha agus bailte Eorpacha eile, deiseanna don nuálaíocht. Pléifear na buntáistí do phobal na n-ealaíon agus an chultúir agus don gheilleagar oíche níos leithne, agus pléifear freisin an dea-thionchar ar lucht féachana agus ar fhorbairt lucht féachana.
Is ball í an Chomhairle Ealaíon den Tascfhórsa Geilleagair Oíche a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, i mí Iúil 2020. Cruthaíonn sé deis páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt le chéile ar fud an earnáil chultúrtha oíche chun cur chuige nuálach a fhorbairt a thacaíonn agus a fhorbraíonn earnáil oíche in Éirinn atá bríomhar, éagsúil agus inbhuanaithe.
Roimh an gcéad Fhóram um Gheilleagar Oíche, dúirt an tAire Catherine Martin: ‘Tá ríméad orm a fheiceáil go gcruthóidh an clár uaillmhianach atá leagtha amach ag an Tascfhórsa um Geilleagar Oíche plé tairbheach ag Fóram an lae inniu a mhúnlóidh agus a athróidh ár gcathracha agus bailte san oíche. Tá a fhios agam go mbraitheann ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne spreagtha le comhpháirtíochtaí a fhorbairt níos mó agus le réimse nuálaíoch imeachtaí oíche a chruthú ar mhaithe le ceangal a dhéanamh leis an lucht féachana. Féachaigí ar na cathracha nó bailte eile Eorpacha, áiteanna a mbíonn an cultúr faoi bhláth de lá is d’oíche, áiteanna nach mbíonn deireadh le buille croí na cathrach. Leanann a mbeocht ar aghaidh go déanach san oíche in ionaid. Agus tá a gclú bunaithe air seo. Agus is féidir linn é sin a dhéanamh anseo. Baineann sé le doirse a oscailt dár bpobail chruthaitheacha, srianta ceadúnaithe agus costas a laghdú d’ionaid, na soilse a chur ar siúl i bhfoirgnimh fholmha agus ar ndóigh, roghanna spéisiúla nua a chur ar fáil don lucht féachana agus do chustaiméirí”.
Ag fáiltiú di roimh an ócáid, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly: ‘Is deis thábhachtach é an Fóram don earnáil chultúir agus do pháirtithe leasmhara eile le plé a dhéanamh ar na deiseanna agus dúshláin atá romhainn agus muid ag obair le páirtithe eile le pleananna an tascfhórsa a bhaint amach. Cuirfidh muid glaoch amach go luath do thograí maidir le tionscnaimh phíolótacha i réimse áiteanna bunaithe ar mhodhanna comhoibríocha áitiúla maidir le bheith oscailte déanach’ .
Chomh maith le Fóram bliantúil a reáchtáil, tá iniúchadh á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon ar na foirgnimh ealaíon agus cultúir timpeall na tíre le hoiriúnacht agus rochtain a fhiosrú. Maidir le forbairt bhreise, fógrófar maoiniú faoi dheireadh Ráithe 1 2023.
Is é an tOllamh Terry Stevens an príomhchainteoir ag an bhFóram, a thabharfaidh léargais agus samplaí praiticiúla ar an gcaoi a bhfuil ionaid uirbeacha ag déanamh athdheartha ar úsáid spásanna cultúrtha agus an réimse poiblí chun an geilleagar oíche a athbheochan.
Cuirfidh Robbie Kitt an fóram i láthair agus i measc na gcainteoirí eile, beidh Adrienne Rodgers, Stiúrthóir Seirbhísí Pobail, Cultúir agus Comhfhorbairt Áite i gCorcaigh agus Mirik Milan, iar–Mhéara Oíche, Amstardam agus POF ar Vibe Lab – eagraíocht a bunaíodh chun tacú le pobail chruthaitheacha agus chun cabhrú leis an domhan luach na siamsaíochta san oíche a thuiscint níos fearr. Beidh Ruth McGowan, POF ar Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath agus an t-aisteoir/fuirseoir Saoirse Smith ar an gclár freisin.
Tá an t-imeacht saor in aisce do chách agus déanfar é a shruthú ar chainéil YouTube na Comhairle Ealaíon ó 2p.m. inniu 17 Eanáir anseo, áit a mbeidh an taifeadadh le fáil i ndiaidh an imeachta freisin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht