Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., ionadaíocht na hÉireann ag 18ú Biennale Ailtireachta na Veinéise in 2023 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá an taispeántas á choimeád ag foireann de chúigear ailtirí, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar bhonn glao oscailte - Peter Carroll, Peter Cody, Elizabeth Hatz, Mary Laheen agus Joseph Mackey. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.
Ag freagairt don téama, Saotharlann na Todhchaí - a roghnaigh coimeádaí Biennale Architettura 2023, Lesley Lokko, cuirfidh Pailliún na hÉireann dar teideal In Search of Hy-Brasil obair allamuigh ó oileáin iargúlta na hÉireann i láthair, ag fiosrú a gcultúir, a bpobail, agus a n-eispéiris éagsúla. Faigheann In Search of Hy-Brasil tacaíocht ó Chultúr Éireann, tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Baineann In Search of Hy-Brasil úsáid as leaca aolchloiche ó Inis Meáin, láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhicíl agus Oileán Chliara, agus cuirfear taispeántais thadhlacha láimhe ar bun a tharraingíonn naisc idir fabraic shóisialta, tírdhreach cultúrtha agus éiceolaíocht na n-oileán seo, ag aistriú idir an domhan agus an saol áitiúil, agus a cheiliúrann úsáid ábhar áitiúil ar bhealaí nuálacha agus neamhghnáthacha.
"Scrúdaíonn In Search of Hy-Brasil an gaol idir oileáin na hÉireann agus a dtimpeallacht nádúrtha. Is iontach an rud é a fheiceáil conas is féidir lenár gcumas chun déileáil le cúinsí deacra leis na céadta bliain a léiriú dúinn conas maireachtáil níos inbhuanaithe sa lá atá inniu ann. I ré an téimh dhomhanda agus na ndúshlán a bhaineann le hathrú aeráide, is téama é a bhfuil tábhacht dhomhanda leis.”
“Cuirfidh Pailliún náisiúnta na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2023 an Ghaeilge agus pobail, cultúr agus eispéiris éagsúla na n-oileán i gcroílár an dioscúrsa a bhaineann lenár dtodhchaí chomhroinnte.”
Tógann In Search of Hy-Brasil ar rath na hÉireann i gcoimeád an Biennale Architettura 2018, le Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects. In 2023 tá Emmett Scanlon, Alice Clancy agus Laurence Lord ag glacadh páirt ar fhoireann Lesley Lokko, Coimeádaí an Biennale.
Díreoidh an tsuiteáil In Search of Hy-Brasil ar fhuinneamh in-athnuaite, táirgeadh bia eiticiúil agus bithéagsúlacht, ag gabháil do mhodhanna maireachtála inbhuanaithe na n-oileán trí líníocht, samhlacha, scannán, fuaim, scríbhneoireacht agus teanga, chun feasacht na n-oileánach a ardú ar bhainistiú acmhainní agus an chothromaíocht íogair idir an cultúr agus an dúlra a chothromú.
Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, rachaidh In Search of Hy-Brasil ar camchuairt in Éirinn in 2024.
Agus iad ag athchruthú gnéithe den suiteáil ar na hoileáin, féachfaidh an fhoireann choimeádaithe le scéal saibhrithe a chruthú, ag tabhairt guthanna ó áiteanna imeallacha isteach i gcomhráite faoinár dtodhchaí dhomhanda. Foilseoidh coimeádaithe na suiteála leabhar aistí agus cuirfidh siad le clár faisnéise.
Is féidir tuilleadh eolais faoin bPailliún agus coimeádaithe a fháil ar: www.hy-brasil.ie/ .
Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 20 Bealtaine go dtí an 26 Samhain 2023, an t-ardán domhanda is tábhachtaí fós maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacfaidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugann sé deis uathúil d’ailtirí Éireannacha lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh. Tógfaidh ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis 2023 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise le blianta beaga anuas, moladh ‘Entanglement’ agus ‘Free Market’ le Annex go domhanda in 2021 agus 2018 faoi seach. Choiméadaigh Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects an 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2018.
Tacaíonn Cultúr Éireann le tionscadal BothAnd Group atá páirteach i dtograí speisialta an choimeádaí mar chuid den Biennale. Le tacaíocht ó Chultúr Éireann freisin, beidh tionscadal de chuid an ailtire Miriam Dunne le feiceáil in Time Space Existence, a bheidh ar siúl sa Veinéis ag an am céanna leis an Biennale i mbliana.
←Fill ar ais go dtí an nuacht