Cuireann an Chomhairle Ealaíon a brón in iúl ar chloisteáil faoi bhás an cheoltóra agus bunaitheoir The Chieftains, Paddy Moloney.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter:
“Ba í an stíl uathúil a bhí ag Paddy Moloney chun an phíb uilleann a chasadh, ceann d’fhuaimeanna na hÉireann ab éasca a aithint. Agus é ina fhear óg le Ceoltóirí Chualann, é ag bunú Claddagh Records le Garech de Brún, go dtí an ceol ceannródaíoch a bhfuil duaiseanna buaite aige le The Chieftains, ba dhuine é Paddy nár athraigh riamh inár saol le blianta fada agus bhí sé ríthábhachtach chun ár gceol saibhir traidisiúnta a thabhairt chuig lucht éisteachta timpeall an domhain.”
Ba é Paddy Moloney bunaitheoir agus stiúrthóir The Chieftains. D’éirigh sé aníos i nDomhnach Cearna, Baile Átha Cliath Thuaidh. Ba í an fheadóg stáin phlaisteach a chéad uirlis agus faoin am a raibh ocht mbliana slánaithe aige, bhí sé ag foghlaim cén chaoi an phíb uilleann a chasadh ón scothphíobaire, Leo Rowsome. Is é nuair a chuala sé Leon Rowsome, mac Leo, ag seinm a phíbe uilleann i mbanna Scoil Mhuire i Marino, gur thosaigh sé ag impí ar a thuismitheoirí iarradh ar Leo a chéad fhoireann píob a dhéanamh.
Bhí aisling ag Paddy i gcónaí ó thosaigh sé ag seinm na píbe. Aisling ar fhuaim a bhí sé ag iarraidh a chruthú, fuaim nár chuala sé riamh. Bhí a fhios aige go mbeadh go leor trialacha i gceist le meascáin d’uirlisí difriúla agus bhunaigh sé go leor grúpaí difriúla le ceoltóirí eile mar dhíséid agus mar thríréid. Sheinn sé le Seán Potts, Michael Tubridy agus Sean Keane go háirithe, i meascáin dhifriúla, agus ba iad an ceathrar sin a tháinig le chéile mar The Chieftains ina dhiaidh sin.
Ach níor bhain sé amach an fhuaim sin go dtí go ndearna sé an banna ceoil The Chieftains den chéad uair in 1962, b’fhuaim í a chruthaigh sé ansin lena rogha uirlisí, stíleanna agus ceoltóirí féin. Ba é ag an am sin a d’airigh Paddy go raibh sé in am The Chieftains a thabhairt ar an mbanna ceoil sin (ainm a roghnaíodh mar gheall ar inspioráid ón bhfile Éireannach John Montague). Chomh maith leis sin, bhí sé muiníneach go leor a bhanna ceoil a tabhairt go stiúideo chun an chéad albam a thaifeadadh. B’albam é a bhuafadh duaiseanna agus thiocfadh go leor albam agus duaiseanna dá leithéid ina dhiaidh.
Is í an fhuaim a chruthaigh Paddy 40 bliain ó shin an fhuaim is aitheanta atá ag The Chieftains anois; tá sí fós le cloisteáil sa lá atá inniu ann agus is í is cúis leis an mbanna ceoil a bheith éagsúil ó bhannaí traidisiúnta ceoil eile ar fud an domhain. Is í fuaim thipiciúil na Chieftains í.
Ba é Paddy a léirigh, a chomhléirigh nó a rinne stiúradh ar 45 albam don lipéad Claddagh. I measc na dtaifeadtaí seo bhí taifeadtaí de cheol tíre, ceol traidisiúnta, ceol clasaiceach, filíocht agus filíocht ó bhéal.
Fágann sé a bhean chéile Rita, a mhic Aonghus agus Pádraig agus a iníon Aedín ina dhiaidh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht