Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha de cháil bhunaithe ar Chomhaltacht Scríbhneoireachta Cruthaithí, do chlár na Scríbhneoireacht Cruthaithí, Scoil an Bhéarla, na Gaeilge agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh, 2020. Tá an ról á chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Scríbhneoireacht Chruthaitheach UL. Is é is aidhm le ról na Comhaltachta Scríbhneoireachta Cruthaithí deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do mhic léinn agus do phobal eile na hollscoile ag an am céanna oibriú le scríbhneoir atá ag cleachtadh. Beidh an Chomhaltacht ar fáil don bhliain féilire 2020, le sos ó lár mhí an Mheithimh go Lúnasa. Íocfar táille €20,000 leis an iarrthóir a n-éireoidh leis/léi.
Oibreoidh an Comhalta le mic léinn MA in Ollscoil Luimnigh ar mhodúil an earraigh 2020 'Individual Creative Writing Project' agus 'Creative Writers in the Community', agus ar mhodúl an fhómhair 'Project Development for Creative Writers' agus ar roinnt bealaí eile. (Is féidir sonraí de na modúil seo a fháil trí logáil isteach ar Leabhar Modúl UL). Cuirfidh an Comhalta freisin le saol cultúrtha níos leithne na hOllscoile agus na cathrach. Áirítear Donal Ryan, Mary O'Malley, Julian Gough agus Martin Dyar i measc daoine a ceapadh chuig post an Chomhalta Scríbhneoireachta Cruthaithí roimhe seo.
Iarratas a dhéanamh
Iarrtar ar iarrthóirí litir chumhdaigh ina leagtar amach a spéis, mar aon le CV iomlán ina mbeidh sonraí faoina dtaithí teagaisc agus smaointe, ina luafar ainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí, a chur isteach trí ríomhphost chuig: Niamh O'Sullivan, Riarthóir Scoile, Scoil an Bhéarla, na Gaeilge agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh,
Niamh.osullivan@ul.ie
Tabharfar cuireadh chun agallaimh d'iarratasóirí ar cuireadh ar ghearrliosta iad don tseachtain dar tús an 4 Samhain.
Bunófar an gearrliostú ar na critéir seo a leanas:
- Cuntas teiste ealaíonta.
- Taithí ar mhúineadh na scríbhneoireachta cruthaithí.
- Taithí ar eagrú agus/nó páirt a ghlacadh in imeachtaí liteartha agus gníomhaíochtaí liteartha eile, mar shampla iris a chur in eagar agus/nó a tháirgeadh.
- Caighdeán an tionscnaimh/an chur chuige atá beartaithe don chónaitheacht.
Tuilleadh faisnéise
Chun cur síos a fháil ar an ról nó chun fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh, téigh i dteagmháil le
joseph.oconnor@ul.ie
Spriocdháta: 14 Deireadh Fómhair 2019, 5.00 pm GMT.
←Fill ar ais go dtí an nuacht