Maoiniú Breise don Chruthaitheacht i Scoileanna Fógartha ag an gComhairle Ealaíon
Tá iarratais ar oscailt anois don chéad bhabhta eile den togra Scoileanna Ildánacha, agus beidh deis ag scoileanna nua ar fud na hÉireann a bheith páirteach sa togra ó mhí Mheán Fómhair 2021. Is deis iontach é seo do scoileanna rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar shaineolas lena chur ar a gcumas tionchar féideartha na n-ealaíon agus na cruthaitheachta ar shaol na scoile a fhiosrú, go háirithe agus iad ag dul i ngleic leis an tionchar a bhí ag imeachtaí a tharla le bliain anuas ar shaol leanaí agus daoine óga. Tá níos mó ná 460 scoil tar éis tairbhe a bhaint as an togra go dtí seo, bunscoileanna, iarbhunscoileanna, scoileanna DEIS, Gaelscoileanna, scoileanna speisialta agus ionaid Ógtheagmhála ina measc.
Oibreoidh scoileanna rannpháirteacha le Comhlach Cruthaitheach a dtacóidh leo Plean Scoile Ildánaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, chun go mbeidh ceangal acu le gach aon acmhainn agus deis chultúrtha atá ar fáil go háitiúil agus sa réigiún. Anuas air sin, gheobhaidh gach scoil faoin tionscnamh deontas €4,000 agus cuirfear oiliúint ar mhúinteoirí sa scoil.
Le Scoileanna Ildánacha, cuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheacha. Cuirfidh rannpháirtíocht ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí nua oibre lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga. Ba cheart do scoileanna logáil isteach ag www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/ inniu chun tuilleadh eolais a fháil agus chun a fháil amach conas clárú. Ní mór iarratas a dhéanamh roimh 17:30, Déardaoin, 10 Meitheamh 2021.
Tionscnamh lárnach i gClár Éire Ildánach de chuid an Rialtais is ea Scoileanna Ildánacha, a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tá sé faoi threoir na Comhairle Ealaíon, i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
←Fill ar ais go dtí an nuacht