• Dáileadh €2.5m in 2022/23 chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol daoine óga
• Gheobhaidh scoileanna rannpháirteacha maoiniú, oiliúint, agus saintacaíocht chruthaitheach
• Tá thart ar 600 scoil tar éis páirt a ghlacadh sa chlár ó bunaíodh é in 2018.
Chuir an Chomhairle Ealaíon in iúl inniu nach bhfuil ach dhá sheachtain fágtha ag scoileanna lena n-iarratas ar Chlár na Scoileanna Ildánacha 2022/2023 a dhéanamh.
Dearadh Scoileanna Ildánacha chun deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga chun a gcuid scileanna chruthaitheacha agus ealaíonta a fhorbairt, agus tacaíonn an clár le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus le hionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga.
I measc na bpríomhthacaíochtaí a chuireann an clár ar fáil tá; saintacaíocht agus sainchomhairle ó Chomhlach Cruthaitheach atá sannta do gach scoil/ionad; oiliúint agus líonrú; agus maoiniú chun Pleananna Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm.
Glacadh go maith le togra na Scoileanna Ildánacha ó bunaíodh é in 2018 i leith, agus tá níos mó ná 90% de na scoileanna a ghlac páirt ann tar éis rannpháirtíocht sa chlár a mholadh.
Faigheann gach scoil a ghlacann páirt deontas agus oibríonn le Comhlach Cruthaitheach a úsáideann a thaithí phraiticiúil chun tacú leis an scoil a Plean Scoile Ildánaí uathúil féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Is aistear treoraithe dhá bhliain é seo ina mbíonn rannpháirtíocht na leanaí agus na ndaoine óga sa phleanáil, sa chinnteoireacht agus sa mhachnamh croílárnach. Tugann an clár seo fíordheis do phobail scoile iniúchadh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn na healaíona agus an chruthaitheacht dóibh, agus conas is féidir leis an rannpháirtíocht sna healaíona tacú le tosaíochtaí foghlama agus forbartha a gcuid scoileanna.
Cuirfidh rannpháirtíocht ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí nua oibre lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.
Tugtar cuireadh do gach scoil agus ionad Ógtheagmhála, atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chlár i mí Mheán Fómhair 2022 iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Ealaíon. Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 17.30 Déardaoin an 2 Meitheamh 2022.
←Fill ar ais go dtí an nuacht