Tá sráideanna, ceardlanna, gailearaithe, amharclanna, páirceanna, músaeim, stiúideonna agus leabharlanna ar fud na hÉireann ag fuadráil le cuairteoirí arís agus Oíche Chultúir 2021 ag tosú amach. Le 80% d’imeachtaí an chláir ‘san fhíorshaol’ tá an t-atmaisféar draíochtúil inár n-ionaid chultúrtha, inár n-institiúidí agus inár bpobail tar éis filleadh ar feadh nóiméad náisiúnta amháin mar go bhfuil Éire agus ag a pobal ealaíon agus cultúrtha ag ‘Teacht Le Chéile Arís’ d’Oíche Chultúir 2021. Tá sé de chumhacht ag an bhfuinneamh a thagann ón oíche seo gach duine a nascadh le gníomhaíochtaí cultúrtha go háitiúil, go náisiúnta agus fiú go hidirnáisiúnta.
Le clár a chuireann meascán eicléictiúil de 1,200 imeacht SAOR IN AISCE ar fáil a léiríonn éagsúlacht an chultúir in Éirinn sa lá atá inniu ann, tugann an Chomhairle Ealaíon Oíche Chultúir 2021 duit i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann agus thar lear, ag cur béim ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar agus na n-institiúidí cultúrtha atá ag Éirinn faoi láthair. Is tairseach é do dhaoine ár gcultúr agus ár n-oidhreacht shaibhir a iniúchadh agus a fháil amach agus taitneamh a bhaint as i rith na bliana.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “ Tá Oíche Chultúir ar cheann de na dátaí is mó i bhféilire cultúrtha na tíre le cúpla bliain anuas. Anocht, tugtar deis, deis atá ag teastáil go géar dúinn, chun ceiliúradh a dhéanamh mar náisiún ar ár gcultúr agus ar earnáil na n-ealaíon atá fíorshaibhir agus éagsúil. Tá sé tábhachtach a aithint go mbeidh formhór na n-imeachtaí atá le bheith ar siúl anocht beo, rud a léiríonn cor cinniúnach is an earnáil seo ag teacht chuici féin. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Chomhairle Ealaíon, do na hÚdaráis Áitiúla agus grúpaí ealaíon ar fud na tíre atá tar éis clár leathan agus fairsing a reáchtáil dúinn a bheidh idir bheo agus ar líne, d’ainneoin na ndúshlán leanúnach.”
Le ceiliúradh mealltach ar an gcultúr in Éirinn sa lá atá inniu ann, cuimsíonn an clár gach rud ó ailtireacht go greann, sorcas go damhsa, scannánaíocht go litríocht, músaeim go ceol, oidhreacht go spórt agus eolaíocht go faisean, gan ach cúpla ceann a lua. Ní hamháin go dtugann Oíche Chultúir na bliana seo deis d’ealaíontóirí teacht le chéile le lucht féachana beo ach freisin do dhaoine gnéithe nua den chultúr a fhiosrú i bpearsa agus scileanna agus ceardaíocht nua a fhoghlaim le go leor ionad ag fanacht ar oscailt go dtí 11.30pm. Le 1,200 imeacht ar fud na gcontaetha go léir in Éirinn i gclár Oíche Chultúir 2021, tá réimse iontach imeachtaí ann, ach tá dhá phríomhfhoirm ealaíne chun tosaigh mar sin féin. Buailfidh an ceol amach ar fud na hÉireann anocht mar is ionann é agus 54% den chlár ar fad - méadú mór ar na blianta roimhe sin, agus tá 69% d’imeachtaí oiriúnach do theaghlaigh. Tagann 41% de chlár na bliana seo ó na hamharcealaíona, le himeachtaí téamaí oidhreachta le feiceáil go láidir arís ag 24% agus tá 10% d’imeachtaí as Gaeilge.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly, “Is ócáid lúcháireach í an Oíche Chultúir chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr luachmhar saibhir agus éagsúil agus, níos tábhachtaí fós, is meabhrúchán é ar gach rud atá ar fáil dúinn ó cheann ceann na bliana. Tá go leor de na heagraíochtaí agus na healaíontóirí atá ag glacadh páirt san Oíche Chultúir ag síneadh leo arís tar éis 18 mí a bhí thar a bheith deacair. Molaimid do gach duine leanúint ar aghaidh ag pleanáil cuairteanna ar ár ngailearaithe, ionaid ealaíon, músaeim agus féilte agus ticéid a chur in áirithe d’imeachtaí agus tacú lenár n-earnáil chultúrtha, a lean ar aghaidh ag ardú agus ag spreagadh dúinn le linn tréimhse fíordheacair.
Is deis í an Oíche Chultúir chun éagsúlacht chultúr na hÉireann a aimsiú agus a cheiliúradh sa lá atá inniu ann agus cuimsíonn sé L'Italia In Piazza, a night in Fitzwilliam Square ina bhfuil Ceathairéad Sacsafón Iodálach,, Ceol Brasaíleach le Kasia Eliasz agus Mother Tongues: Músaem Idirghníomhach Teangacha do Pháistí i dTamhlacht. Déanfar iniúchadh níos doimhne freisin ar phobail chultúrtha in Éirinn ar nós Pavee Roads Home, an online exploration of Traveller culture agus A Snapshot of Orthodoxy and the Greek Tradition.
Ar fud na tíre, is féidir le daoine atá fiosrach faoin gcultúr taitneamh a bhaint as iliomad imeachtaí le rud éigin ann do gach duine. Tabhair cuairt ar Ballyglunin Station Culture Night presented by Three Rings Team na Gaillimhe le haghaidh tráthnóna de léirithe beo de cheol zydeco agus taispeántas dásachtach d’ealaín de gach cineál gan srian. I gCorcaigh, beidh Teanga – Tongues ar siúl, ócáid ina mbeidh Julie Goo ag déanamh casadh ar a cuid Filíochta Gaeilge óna céad chnuasach DÁNA (Coiscéim) le déanaí, agus tá “Martin Parr – 40 Years of Photography in Ireland” in Ionad Ealaíon Ros Comáin, taispeántas a léiríonn Éire athraitheach le tríocha bliain anuas. Is ceolchoirm an-speisialta í Alchemy Music i gCill Mhantáin chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuid de na ceoltóirí is fearr sa chontae faoi stiúir Mary Coughlan ag canadh, agus cuireann Amharclann an Ghrianáin i nDún na nGall oíche imeachtaí ar siúl d’Oíche Chultúir, lena n-áirítear an saothar, nach bhfuil leathdháiríre Manny Man Does the History of Ireland on Stage, ón Oighearaois an bealach ar fad go hÉirinn inniu i níos lú ná 90 nóiméad.
Tráthnóna freisin, nascann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar leibhéal idirnáisiúnta leis an Centre Culturel Irlandais i bPáras ar Oíche Chultúir tríd an Live Drawing Project. Tá roinnt ealaíontóirí idirnáisiúnta den scoth sa chomhoibriú chomh maith le baill den phobal ‘líníocht bheo’ ar bhallaí an Ghailearaí Náisiúnta agus ar an Centre Culturel Irlandais i bPáras freisin. Tá réimse imeachtaí eile ar siúl ar fud an domhain freisin an exhibition trail of Irish street photography in Berlin, go An Evening of Traditional Irish Music and Spoken Word arna óstáil ag Irish Arts Foundation in Leeds.
←Fill ar ais go dtí an nuacht