Beidh Oíche Chultúir 2022, an oíche amháin do chách, ar siúl an Fómhar seo arís ar an 23 Meán Fómhair. Is fiú go mór an deis a thapú agus éagsúlacht cultúr na hÉireann a cheiliúradh ar an oíche speisialta seo. Bailigh do theaghlach, beir ar do chairde, nó amach leat i d’aonar agus bain sult as clár ilchineálach corradh le míle imeacht SAOR IN AISCE Oíche Chultúir. Agus imeachtaí ar siúl go dtí go mall san oíche, ó ealaín go hailtireacht, cultúr go greann, ceol go hiarsmalanna, lámhcheardaíocht go hoidhreacht, spórt go heolaíocht, scannáin go faisean, damhsa, litríocht agus a lán eile, is ócáid fhíorspeisialta í Oíche Chultúir, agus an deis fhoirfe chun cuairt a thabhairt ar ionad tionóil, triail a bhaint as rud éigin nua, nó filleadh ar shaol an chultúir ar bhealach sábháilte, éasca taitneamhach.
Is tráth dár saol náisiúnta í Oíche Chultúir, agus nascann sí daoine ar fud na tíre le himeachtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta. Is í an Chomhairle Ealaíon a chuireann Oíche Chultúir i láthair duit, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann agus tarraingíonn an ócáid aird ar chaighdeán agus ar leithead tairiscintí agus institiúidí cultúrtha reatha na hÉireann, chomh maith le hionaid tionóil nua agus oirfidigh atá ag teacht chun cinn a chur i láthair.
Nua in 2022, beidh sraith d’imeachtaí ar siúl le haghaidh Oíche Chultúir Mhall níos moille san oíche ná mar a bhí i mblianta roimhe seo, mórán acu tar éis meán oíche. I measc buaicphointí tá Nightshift, aistear faoin aer trí thírdhreacha aislingeacha Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath, a thabharfaidh rannpháirtithe trí na tailte, áit a mbeidh scéalta staire agus saothair ón mbailiúchán curtha i gcomhthéacs le hidirghabhálacha scáfara. Ó Fíbín sa Taibhdhearc, i nGaillimh tabharfaidh Aisling na Sráide Láir an deis don lucht féachana taitneamh a bhaint as suiteáin amharclannaíochta agus taibhithe sráide ar an tSráid Láir, agus ansin mórshiúl go dtí an Póirse Caoch. Geallann Féile na SIONNA i Luimneach oíche de cheol leictreonach, hip hap agus traidisiúnta le healaíontóirí digiteacha agus sráide ag Caisleán Luimnigh. Má tá tú ag dul go Paradise Cabaret i gCiarraí, bí ag dréim le ceabairé ina bhfuil greann áiféiseach, a bhfuil snas ealaíonta air, a bhfuil siamsa mire ann, le fuirseoireacht, sorcas, damhsa agus ceol nó na daoine is aistí agus is aite agus is mó spraoi dá bhfuil ann; agus beidh Halla Cathrach Chorcaí ina mhol Oíche Chultúir ina mbeidh ealaíontóirí agus comharghrúpaí áitiúla, ceol beo agus taibhithe damhsa rannpháirteacha; nó bain taitneamh as turas paranormálta suímh san oíche le Sirius Arts Centre i gCobh, agus beidh oíche mhall dhraíochtúil á hóstáil ag Leopold Bloom Press, le litríocht agus stair Joyce, dar teideal Seeing Ulysses.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Bíonn Oíche Chultúir ina hoíche speisialta i gcónaí san fhéilire, agus i mbliana is mó arís an tógáil croí a bheidh inti agus sinn ag ceiliúradh Oíche Chultúir Mhall – is mór an spreagadh dáiríre é Oíche Chultúir a fheiceáil ag brú na dteorainneacha i mbliana agus ag tacú leis an nGeilleagar Oíche agus á chur chun cinn le clár d’imeachtaí suaitheanta go mall san oíche, agus ag éascú d’ionaid tionóil ealaíon agus chultúir ar fud na tíre a bheith ag oscailt níos moille. Beidh an maoiniú breise don tionscnamh seo atá á chur ar fáil ag mo Roinn ina chabhair chun an cultúr mall san oíche seo a chur chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus d’ionaid tionóil triail a bhaint as rud éigin nua. Buíochas freisin do na Forais Chultúrtha Náisiúnta atá ag fanacht oscailte freisin níos moille le haghaidh Oíche Chultúir, le clár atá an-spéisiúil – tá sé go hiontach na háiseanna iontacha seo a fheiceáil ar oscailt níos moille agus ag mealladh lucht féachana nua”.
Tá údaráis áitiúla ar fud na tíre bunúsach le haghaidh rath Oíche Chultúir. I mbliana tá cláir cheannródaíocha agus nuálacha curtha le chéile acu ina bhfuil meascán measctha de ghníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh. Léiríonn na cláir éagsúlacht agus ionchuimsitheacht trí cheiliúradh na bpobal cruthaitheacha, idir nua agus sheanbhunaithe agus tugann siad meas agus tacaíocht do chuimsiú na nguthanna agus na gcultúr go léir atá mar chuid d’Éirinn sa lá atá inniu ann, ó gach cúlra sóisialta, eitneach agus traidisiún.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “I mbliana beidh an seachtú hOíche Chultúir déag ann agus, ina ról stiúrtha, tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon cabhrú an tráth tábhachtach comhroinnte seo de chomhfhiosrú cultúrtha, a cheiliúrann saibhreas agus éagsúlacht chultúr na hÉireann inniu, a thabhairt i láthair. Is oíche dúinn go léir í Oíche Chultúir teacht le chéile agus taitneamh a bhaint as ár gcultúr agus, ag an am céanna, a mheabhraíonn dúinn na heispéiris ealaíonta agus chruthaitheacha atá fós ar fáil dúinn i rith na bliana.”
In áiteanna eile ar fud oileán na hÉireann, i measc imeachtaí do gach aoisghrúpa agus spéisghrúpa tá As If By Chance i mBaile Átha Cliath, taibhiú beo suíomhoiriúnaithe ar shráideanna na Tamhlachta a fhiosraíonn scéalta grá agus dlúthchaidrimh; i gCill Chainnigh, tá fáilte roimh chách chuig Resilience, clár feimineach a cheiliúrann saothair Sarah Browne, Breda Lynch agus coimisiún speisialta oibre le Tearmann Ban Amber; cuireann PopUpArt Newbridge i láthair saothair 20 ealaíontóir a bhaineann le Cill Dara; ceiliúrann The Meath Dresser Project rudaí a bhíodh ina ngné lárnach i dtithe in Éirinn tráth le scannán ar líne ina bhfuil scéalta arna mbailiú ag an mbéaloideasóir Michael Fortune tar éis dó cuairt a thabhairt ar áiteanna cónaithe daoine agus na torthaí a thaifeadadh i dtithe, sciobóil agus clóis timpeall an chontae; Tá Ciorcal Comhrá á óstáil i dTiobraid Árann leis an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise Manchán Magan, nó ar an gCloichín fiosraigh na seantraidisiúin dhearmadta áitiúla agus an béaloideas a bhaineann le Liosanna Sí agus suíomhanna deasghnátha ar Shiúlóid na gCrann Sí; i gCill Mhantáin tugann Generations of Jazz ag an Whale Theatre an deis taitneamh a bhaint as ceiliúradh idirghlúine an tsnagcheoil, le roinnt de na máistrí snagcheoil is cáiliúla in Éirinn, taobh le glúin úr de cheoltóirí óga snagcheoil atá ag teacht chun cinn; agus i Muineachán tá Busy Bee Ceramics ag óstáil Clay’n’Ceol, ag oscailt a dhoirse amach don phobal teacht isteach agus páirt a ghlacadh sa spraoi agus sa chruthaitheacht a bhaineann le bheith ag obair le cré, agus a bheith ag éisteacht le ceol traidisiúnta Gaelach áitiúil ag an am céanna; agus déanann Ros Comáin ceol daoine óga a cheiliúradh le taibhithe agus seiteanna ceirneora le hÓgtheagmháil Lios na Molt, Seirbhísí Óige Ros Comáin, Tionscadal Chúramóirí Óga Ros Comáin agus baill de Sheirbhís Óige Ros Comáin.
Ag comóradh 70 bliain i mbliana, nochtfaidh An Chomhairle Ealaíon iontas speisialta an Read Mór do chomaitéirí ar fud na tíre ar an 23 Meán Fómhair, agus tá RTÉ arís mar chomhpháirtí ag Oíche Chultúir, ag déanamh craoladh beo mórthaibhseach arís ó lár na tíre, ina mbeidh taibhithe sainchoimisiúnaithe agus cláir agus tuairiscí a bhfuil téama leo ar feadh an tráthnóna, le roinnt iontas lena linn. Fan i dteagmháil chun tuilleadh scéalta a fháil sna seachtainí beaga seo chugainn.
Ag ceiliúradh luachanna na hOscailteachta, na Fionnachtana, an Cheiliúrtha & an Mhuintearais, tá na gníomhaíochtaí go léir ar Oíche Chultúir 2022 SAOR IN AISCE. Cabhraíonn líon mór daoine, eagraíochtaí agus ionaid tionóil le cinntiú go dtarlóidh sé gach bliain, lena n-áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe, dánlanna, iarsmalanna, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe ceardaíochta, stiúideonna agus ceardlanna, amharclanna, scoileanna, grúpaí pobail, údaráis áitiúla, ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí poiblí, cuideachtaí iompair, ollscoileanna, siopaí agus go leor grúpaí eile.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Oíche Chultúir, ní mór duit dul chuig http://www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar chainéil meán sóisialta Oíche Chultúir ar Facebook, Twitter, YouTube agus TikTok.
←Fill ar ais go dtí an nuacht