Bronnfaidh an Chomhairle Ealaíon leabhar saor in aisce ar phaisinéirí ar sheirbhísí Idirchathracha agus Luasbhealaigh Iarnród Éireann ar Oíche Chultúir 2022.
Tá an tionscadal bronnta ‘Read Mór’ mar chuid de chlár ceiliúrtha 70 bliain na Comhairle Ealaíon agus beidh ticéad ag paisinéirí le ligean dá gcuid samhlaíochta imeacht gan srian ó leabhar amháin den 21 leabhar éagsúla le húdair agus foilsitheoirí Éireannacha.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon “Is é Read Mór ár mbronntanas don phobal ar Oíche Chultúir agus comóradh 70 bliain na Comhairle Ealaíon linn i mbliana. Thar na blianta tá tacaíocht tugtha againn d’údair agus d’fhoilsitheoirí in Éirinn, agus leis Read Mór táimid ag bronnadh na deise suim a chur sa réimse spreagúil ilchineálach d’údair atá in Éirinn faoi láthair agus sult a bhaint astu agus tá súil againn go ndéanfaidh na paisinéirí áthas na léitheoireachta a athbhronnadh ar a seal. Ní fhéadfaimis é seo a dhéanamh gan díograis na n-údar agus na bhfoilsitheoirí chomh maith lenár gcomhpháirtithe in Iarnród Éireann agus Bus Éireann agus táimid an-bhuíoch as a gcuid tacaíochta chun seo a chur i bhfeidhm ar Oíche Chultúir i mbliana.’’
Beidh Stiúrthóir Leabhair i láthair i Stáisiún Heuston, Stáisiún Uí Chonghaile, Busáras, Corcaigh, Gaillimh, Sligeach agus Port Láirge ar Oíche Chultúir ó 2pm ar aghaidh chun na leabhair a bhronnadh ar phaisinéirí. Beidh Stiúrthóirí Leabhar taobh istigh de na stáisiúin agus Tralaí Leabharlainne acu, réidh chun leabhair ó réimse leathan údar atá lonnaithe in Éirinn a bhronnadh ar phaisinéirí.
Spreagfar paisinéirí chun áthas na léitheoireachta a roinnt agus an leabhar críochnaithe acu agus an leabhar a athbhronnadh ar dhuine éigin eile. Beidh réimse leathan teideal ar fáil a oirfidh do gach suim agus do gach aois, bíodh sin úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, cuimhní cinn, leabhair do leanaí agus do dhaoine fásta óga, i mBéarla agus i nGaeilge araon. Beidh roinnt closleabhar ó chuid de na teidil ar fáil freisin.
Ghlac na húdair seo a leanas páirt i gclár bronnta Read Mór; Colm Tóibín; Marian Keyes; Claire Keegan; Doireann Ní Ghríofa; Sophie White; Pat Boran; Annie West; Rosaleen McDonagh; Kevin Power; Annemarie Ní Churreáin; Eiléan Ní Chuilleanáin; Tadhg Mac Dhonnagáin; Nithy Kasa; Chris Haughton; Jarlath Gregory; Wendy Erskine; David O’Doherty; Helena Close; Sadhbh Devlin; Colin Barrett agus Bebe Ashley.
←Fill ar ais go dtí an nuacht