Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil 90 saothar ealaíne nua, le 48 ealaíontóir, curtha lena Bailiúchán ar mhaithe lena roinnt le lucht féachana fud fad na hÉireann.
Agus muid fós i lár tréimhse atá thar bheith dúshlánach d’ealaíontóirí agus don tsochaí i gcoitinne, is díol sásaimh don Chomhairle Ealaíon gur féidir léi leanúint de bheith ag freastal ar an ngealltanas dá cuid, mar atá tacú le healaíontóirí agus a chinntiú gur féidir leis an bpobal saothair na n-ealaíontóirí a fheiceáil dóibh féin agus taitneamh a bhaint astu.
Léiriú is iad na saothair nua seo ar scoth eialaín nua-aimseartha na hÉireann, agus is iad na ceannacháin sin an líon is mó saothar ealaíne a ceannaíodh don Bhailiúchán ó bunaíodh é sa bhliain 1962. Ar an iomlán, tá beagnach 1,300 saothar sa Bhailiúchán anois.
Is le healaíontóirí a bhfuil cónaí orthu agus a oibríonn i bpobail ar fud na hÉireann agus thar lear araon na saothair ealaíne a cuireadh leis an mBailiúchán le gairid. I measc na saothar nua tá líníochtaí, suiteálacha, taibhithe, péintéireachtaí, priontaí, grianghraif, dealbha agus físeáin.
Agus fógra á thabhairt aici maidir leis na ceannacháin, seo mar a labhair Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an Bailiúchán a leathnú trí réimse saothar iontach, uaillmhianach le grúpa aoibhinn ealaíontóirí a chur leis. Leis na saothair seo, tugtar léargas ar an uaillmhian agus ar an bhfairsinge atá le feiceáil i gcleachtas na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair, agus táimid ag súil go mór leis na saothair úd a roinnt leis an bpobal, a bhfuil an Bailiúchán á fhorbairt ar a shon. Trí thacú le healaíontóirí agus rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona a chur chun cinn, tá an obair seo ag teacht le príomhthosaíochtaí na Comhairle Ealaíon mar a leagtar amach ina straitéis deich mbliana – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú.”
Cuirfear na saothair ealaíne nua seo ar fáil don phobal ar fud na tíre mar chuid de chlár leanúnach Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon de thaispeántais, iasachtaí agus tionscnaimh.
Seo thíos na healaíontóirí nua a cuireadh leis an mbailiúcháin: David Beattie, Helen Blake, Elaine Byrne, Myrid Carten, Elizabeth Cope, Mark Curran, Miriam de Búrca, Dorje De Burgh, Vanessa Donoso López, Eleanor Duffin, Gabhan Dunne, Stephen Dunne, Clodagh Emoe, Kate Fahey, Brian Fay, Laura Fitzgerald, Marie Holohan, Patrick Hough, Austin Ivers, Allyson Keehan, Jonah King, John Lalor, Jialin Long, Breda Lynch, Colm Mac Athlaoich, Ann Maree Barry, Ann Maria Healy, Jonathan Mayhew, Jan McCullough, Leanne McDonagh, Kevin Mooney, Laura Ni Fhlaibhin, Doireann Ní Ghrioghair, Paul Nugent, Mandy O'Neill, Alison Pilkington, Vera Ryklova, Katherine Sankey, Rajinder Singh, Padraig Spillane, Mark Swords, Cliodhna Timoney, Suzanne Walsh, Katie Watchorn, Tommy Weir, Lee Welch, Róisín White agus Emma Wolf Haugh
Déanann Coiste Éadálacha an Bhailiúcháin maoirseacht ar na ceannacháin: Aideen Barry - Ealaíontóir, Caroline Crowley - Comhordaitheoir na hEalaíne Poiblí: Ealaíona Fhine Gall, Dónall Curtin (Cathaoirleach) - Ball den Chomhairle Ealaíon, Eoin Dara - Ceann na dTaispeántas: Dundee Contemporary Arts, Dragana Jurišić - Ealaíontóir, Mark O’Kelly - Ealaíontóir/ball den Chomhairle Ealaíon, Atoosa Pour Hosseini - Ealaíontóir agus Jillian van Turnhout - Ball den Chomhairle Ealaíon.
Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon a fháil ar ár suíomh gréasáin agus is féidir sonraí maidir leis na saothair nua a cuireadh leis a íoslódáil anseo
←Fill ar ais go dtí an nuacht