Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil 30 saothar ealaíne nua, le 15 ealaíontóir, curtha lena Bailiúchán ar mhaithe lena roinnt le lucht féachana fud fad na hÉireann.
Agus muid fós i lár tréimhse atá thar bheith dúshlánach d’ealaíontóirí agus don tsochaí i gcoitinne, is díol sásaimh don Chomhairle Ealaíon gur féidir léi leanúint de bheith ag freastal ar an ngealltanas dá cuid, mar atá tacú le healaíontóirí agus a chinntiú gur féidir leis an bpobal saothair na n-ealaíontóirí a fheiceáil dóibh féin agus taitneamh a bhaint astu.
Is le healaíontóirí a bhfuil cónaí orthu agus a oibríonn i bpobail ar fud na hÉireann agus thar lear araon na saothair ealaíne a cuireadh leis an mBailiúchán le gairid. Áirítear ar na saothair a cuireadh leis an mBailiúchán: físeáin, suiteáin, dealbhóireacht, pictiúir, líníocht agus grianghrafadóireacht. Leis na saothair seo, tá breis agus 1,230 saothar ealaíne sa Bhailiúchán. Leanann sé seo de stair bhródúil na Comhairle Ealaíon maidir le healaín uaillmhianach den chéad scoth a cheannach, ealaín lena léirítear sár-chaighdeán chleachtas na n-amharc-ealaíon sa lá atá inniu ann.
Agus fógra á thabhairt aici maidir leis na ceannacháin, seo mar a labhair Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon na saothair ealaíne shuntasacha seo a cheannach agus tógáil níos mó ar an traidisiúin luachmhar seo aitheantas a thabhairt d’ealaín shármhaith thar ceann an phobail le gur féidir í a roinnt le pobail ó cheann ceann na tíre, ar leis na pobail sin féin í an ealaín.
Sna saothair nua seo a cuireadh leis an mBailiúchán, déantar ceiliúradh ar a shaibhre atá na hamharc-ealaíona in Éirinn agus comhlíontar príomhthosaíochtaí na Comhairle Ealaíon maidir le tacú le healaíontóirí agus rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona de réir mar atá leagtha amach ina straitéis deich mbliana – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú.”
Cuirfear na saothair ealaíne nua seo ar fáil don phobal ar fud na tíre mar chuid de chlár leanúnach Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon de thaispeántais, iasachtaí agus tionscnaimh.
Cuireadh saothair ó na healaíontóirí seo a leanas leis mBailiúchán: David Beattie, Myrid Carten, Brian Fay, Laura Fitzgerald, Ann Maria Healy, Austin Ivers, John Lalor, Leanne McDonagh, Kevin Mooney, Paul Nugent, Mandy O’Neill, Vera Ryklova, Rajinder Singh, Katie Watchorn agus Emma Wolf-Haugh.
Déanann Coiste Éadálacha an Bhailiúcháin maoirseacht ar na ceannacháin. Seo a leanas na baill den Choiste: Aideen Barry - Ealaíontóir, Caroline Crowley - Comhordaitheoir na hEalaíne Poiblí: Ealaíona Fhine Gall, Dónall Curtin (Cathaoirleach) - Ball den Chomhairle Ealaíon, Eoin Dara - Ceann na dTaispeántas: Na hEalaíona Comhaimseartha Dundee, Claire Doyle - Ceann na nAmharc-ealaíon: An Chomhairle Ealaíon, Dragana Jurišić - Ealaíontóir, Mark O’Kelly - Ealaíontóir/ball den Chomhairle Ealaíon, Atoosa Pour Hosseini - Ealaíontóir agus Jillian van Turnhout - Ball den Chomhairle Ealaíon.
Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon a fháil ar ár suíomh gréasáin agus is féidir sonraí maidir leis na saothair nua a cuireadh leis a íoslódáil anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht