Mar chuid den straitéis Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016–2025,déanfar athbhreithniú ar na tacaíochtaí a chuirimid ar fáil d’ealaíontóirí scannánaíochta faoi láthair agus déanfar anailís ar na riachtanais atá ann faoi láthair d’fhonn múnlaí tacaíochta cuí éifeachtacha a cheapadh don todhchaí.
I bhfianaise air sin, díreofar ár dtacaíocht dhíreach agus indíreach ar na gnéithe seo a leanas:
- tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí scannánaíochta chun a gcleachtas a fhorbairt;
- tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí scannánaíochta chun a gcuid saothair a thaispeáint;
- deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannánaíochta chun a gcuid saothair a thaispeáint;
- deiseanna a chur ar fáil chun dioscúrsa criticiúil a dhéanamh ar scannánaíocht agus ar chultúr scannánaíochta.
Déanfar an t-eolas seo a nuashonrú amach anseo bunaithe ar a mbeidh san athbhreithniú.
←Fill ar ais go dtí an nuacht