Authored Works
Mar chuid dá beartas nua, tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt isteach tionscnamh nua scannán, Authored Works, chun tacú le déanamh scannán faoi threoir ealaíontóra le taispeáint sa phictiúrlann.
Is é cuspóir Authored Works saoirse chruthaitheach agus eagarthóireachta a thabhairt d’ealaíontóirí scannán chun saothar scannáin chultúrtha a dhéanamh ó dhearcadh láidir ealaíonta. Tacófar le scannán amháin in 2018. Cuirfear ciste iomlán €200,000 ar fáil don iarrthóir a n-éiríonn leis (ar a n-áireofar buiséad léirithe €185,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €15,000). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear an scannán a chríochnú lena thaispeáint den chéad uair ag Institiúid Scannán na hÉireann, ár gcomhpháirtí taispeántais, ar dháta a aontófar in 2020.
Caithfear iarratais ar Authored Works a dhéanamh díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair 2018. Foilseofar treoirlínte agus sonraí iomlána an phróisis iarratais ag deireadh mhí Iúil 2018.
Reel Art
Freisin, mar chuid dá beartas nua scannán, méadófar buiséad scéim chlár faisnéis ealaíon na Comhairle Ealaíon atá ar siúl le fada, Reel Art.
Is é an cuspóir atá le Reel Art deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne lena taispeáint sa phictiúrlann. Tacófar le dhá scannán in 2018. Cuirfear ciste iomlán €102,500 ar fáil don dá iarrthóir a n-éiríonn leo (ar a n-áireofar buiséad léirithe €90,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €12,500). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear na scannáin a chríochnú le taispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2020.
Caithfear iarratais ar Reel Art 2018 a dhéanamh díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair 2018. Foilseofar treoirlínte agus sonraí iomlána an phróisis iarratais ag deireadh mhí Iúil 2018.
←Fill ar ais go dtí an nuacht