Beidh Oíche Chultúir 2022 ar ais an Aoine bheag seo, an 23 Meán Fómhair, le clár lomlán ina bhfuil níos mó ná 1,700 imeacht saibhir agus ilghnéitheach ar siúl i mbailte, cathracha agus sráidbhailte ar fud na tíre. Oíche amháin atá ann do chách taitneamh a bhaint aisti, agus tugtar cuireadh ar Oíche Chultúir do gach duine, gach áit teacht amach agus gach rud a bhaineann lenár gcultúr inniu a aimsiú agus a cheiliúradh.
Nascann an ‘ócáid’ náisiúnta seo gach duine le gníomhaíochtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta, agus is í an Chomhairle Ealaíon a chuireann i do láthair í i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann. Ar an oíche iontach seo cuirtear spotsolas ar chaighdeán agus leithead thairiscintí agus institiúidí cultúrtha reatha na hÉireann.
Le ceiliúradh meallacach an chultúir in Éirinn inniu, clúdaíonn an clár an speictream cultúrtha náisiúnta agus is é an deis fhoirfe é teacht amach agus sult a bhaint as blaiseadh dá bhfuil ar fáil ónár gcruthaitheoirí cultúir ar fud na tíre i rith na bliana. Ó ealaín go hailtireacht, cultúr go greann, ceol go hiarsmalanna, lámhcheardaíocht go hoidhreacht, spórt go heolaíocht, scannánaíocht go faisean, damhsa, litríocht agus a lán eile, tá rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus spéisghrúpa chun triail a bhaint as ar an oíche iontach seo.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, ”Bíonn Oíche Chultúir fós ag forbairt agus ag éirí níos ilghnéithí gach bliain, agus tá sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil an damhsa agus cultúr na gclubanna saol an cheoil leictreonaigh san áireamh síos tríd an gclár i mbliana, le roinnt gigeanna agus imeachtaí a bhfuil éagsúlacht ag baint leo ar siúl ar fud na cathrach agus na tíre ag tacú le tionscnamh an Gheilleagair Oíche – táim ag súil le sult a bhaint as roinnt dá bhfuil á chur ar fáil ag ár gcathair i mbliana, agus an deis a fháil rud éigin difriúil a bhlaiseadh. Go raibh maith agaibh, na healaíontóirí agus na hionaid tionóil go léir atá páirteach san Oíche Chultúir i mbliana, a bheidh go hiontach gan amhras ar bith.”
Rud atá nua le haghaidh Oíche Chultúir in 2022 is ea Oíche Chultúir Mhall, réimse d’imeachtaí speisialta sa chlár ar fud na tíre a bheidh ar siúl níos moille san oíche ná mar a bhí i mblianta roimhe seo, mórán acu tar éis meán oíche. I mBaile Átha Cliath beidh Black Canvas ag cur i láthair Natives, imeacht a thaispeánfaidh an cultúr saibhir rúnda a bhaineann le Afrolism an lae inniu in Éirinn, meascán folláin de ghnéithe ó Éirinn, an Ríocht Aontaithe, Iarthar na hAfraice agus Meiriceá, le sifir dhamhsa agus léirithe ó Abi Coullibaly agus Sello; Déanfaidh Fíbín Sa Taibhdhearc an tSráid Láir i nGaillimh a athrú go hiomlán ina tob-Ghaeltacht dhraíochtúil, le banna ceoil práis ag tionlacan lucht féachana agus iad faoi dhraíocht ag sraith de phíosaí taibhealaíne osréalaí ag brúchtadh ar gach cúinne; i dTiobraid Árann bain sult as pléascadh de shiamsaíocht aiteach uathúil neamhleithscéalach faoi stiúir ban le THE WILDE GEEZE, an feirmeoir Breda Larkin ó ardchathair Bhéal Átha na Sluaighe agus an bancheoltóir buirlisce Miss Lavelle; agus beidh Awaken Mabon Awaken Youth – Cónocht an Fhómhair i dTrá Lí ag óstáil ceiliúradh cultúrtha ar Chónocht an Fhómhair le draoithe, dioscmharcaigh, tine agus ceol, le Draoi Dhaingean Uí Chúise, Oracle, agus The Rising and Aftershock san áireamh, ag críochnú le Taispeántas Tine Awaken Mabon; beidh SIONNA ag óstáil ag Caisleán Luimnigh oíche leis na ceoltóirí agus dioscmharcaigh ceoil leictreonaigh bheo is fearr fud fad na hÉireann, le péinteáil bheo múrphictiúr agus suiteáin ealaíne le healaíontóirí agus comharghrúpaí oilte áitiúla; agus i gCorcaigh, beidh Magic Nights by the Lee ag Halla Cathrach Chorcaí ag tabhairt le chéile roinnt de na healaíontóirí is mó clú agus cáil i gCorcaigh, le roinnt de na fuaimeanna is úire ó cheoltóirí comhaimseartha ón gcathair agus ón gcontae, lena n-áirítear Stevie G, Minnie Marley, Kestine, John Spillane, Doireann Ní Ghríofa, Brian Deady agus tuilleadh. Féach ar shuíomh gréasáin Oíche Chultúir chun clár iomlán Oíche Chultúir a fháil.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, “Cuireann Oíche Chultúir 2022 rud éigin ar fáil do gach rogha agus spéis chultúrtha. Tá corradh is 1,700 imeacht ar fud na tíre le roghnú as a measc, ó eagraíochtaí ealaíon agus cultúrtha, grúpaí pobail, taitneamhachtaí oidhreachta agus cuairteoirí, gnólachtaí agus suíomhanna cúraim sláinte. Is fianaise í ilchineálacht an chláir ar ilchineálacht an lucht eagraithe agus na saorálaithe is cúis léi. Baineann Oíche Chultúir le hoscailteacht, aimsiú, iontas agus lúcháir, agus molaim do gach duine teacht amach agus sult a bhaint as an oíche, imeachtaí nua Oíche Chultúir Mhall i mbliana san áireamh.”
Ba cheart do dhaoine a bhfuil dúil acu sa litríocht atá ag taisteal ar sheirbhísí Idirchathrach Iarnród Éireann agus Luasbhealach Bhus Éireann ar Oíche Chultúir a bheith ag faire amach le haghaidh Stiúrthóirí Leabhar Léamh Mór. Mar chuid de chlár chomóradh 70 bliain na Comhairle Ealaíon, beidh siad ag bronnadh do phaisinéirí ceann de 21 leabhar éagsúil ó údair agus foilsitheoirí lonnaithe in Éirinn, lena n-áirítear Colm Tóibín; Claire Keegan; Doireann Ní Ghríofra, Marian Keyes, Annie West agus David O’Doherty. Cuireann an Chomhairle Ealaíon i láthair freisin imeacht speisialta ar líne le Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn agus an maisitheoir Andrew Whitson. Is imeacht spraíúil filíochta agus líníochta é Ag Buzzáil Leis An Laureate arna spreagadh ag dordán beach. Foghlaim an chaoi Billí Beach a tharraingt, faigh amach cad iad méiríní púca, agus scríobh do leagan féin den dán broidiúil dordánach ag an imeacht dátheangach seo i mBéarla agus i nGaeilge atá oiriúnach d’aoiseanna 8 go 12 sa bhaile, ar scoil, i ngrúpaí iarscoile nó i leabharlanna.
I measc rudaí nua eile sa chlár tá The Post Box Project & Exhibition sa Red Door Gallery ar an gCaisleán Nua i Luimneach áit ar féidir le cuairteoirí sult a bhaint as saothair arna gcruthú ag daoine óga le haghaidh taispeántas ealaíne sráide; in Ionad Ealaíon na Gaillimhe, bain sult as Array Collective in Conversation a bhfuil an chosúlacht air go mbeidh sé ina chomhrá bríomhar agus ina dhreas beoga ceisteanna agus freagraí faoina saothar a bhuaigh Duais Turner, The Druathaib’s Ball, atá ar taispeáint faoi láthair ansin; i Maigh Eo éist le A Good Molly, ó fhoireann podchraoltaí Raidió an Lucht Siúil agus na nGiofóg a bhfuil clár uair an chloig léirithe acu, Talking Culture, ina bhfuil agallaimh leis an ealaíontóir Leanne McDonagh, an rapcheoltóir William Casey, an déantóir bláthanna Winnie McDonagh agus an scríbhneoir Oein DeBhairduin; bainfidh daoine a bhfuil dúil acu san ucailéile sult as foinn Gorey Ukes a bheidh ag seinm ar Shráid Mhór Loch Garman; tar go hAmharclann Ghaoth Dobhair i nDún na nGall le haghaidh oíche le Brí Carr agus cairde, áit a gcuirfidh sí i láthair a hamhráin nua i nGaeilge agus i mBéarla, a raibh de spreagadh acu Toraigh, Gabhla agus Árainn Mhór; le beagán níos mó torainn a fháil, ar aghaidh leat go dtí Big Bang Drumming ag Iarsmalann na Staire Ceilte i dTiobraid Árann le haghaidh ceardlann Oíche Chultúir ina mbeidh rithimí agus patrúin drumadóireachta, cnagcheol colainne, an tormán agus eile; agus sa Stiúideo Oscailte i dTeach Ealaíne Laoise buail le Emily Miller agus í ag caint ar a cleachtas, a próisis agus a tionchair; nó i gCorcaigh glac páirt i dturas ar Sheomraí an Ardmhéara agus Seomraí na Comhairle áit a bhfeicfidh tú déantúsáin, bronntanais agus saothair ealaíne, ársa agus nua, ar cuid de shaol agus de thraidisiúin Phríomhshaoránach Chorcaí iad; agus ar an Muileann gCearr beidh léiriú Westmeath Energy Plus Dancers ina ábhar aoibhnis le hamhráin agus damhsa, lena n-áirítear bailé, cniogrince, damhsa comhaimseartha, hip hap agus amharclannaíocht cheoil.
Déanann RTÉ ceiliúradh ar a chomhpháirtíocht le hOíche Chultúir le cláir, ábhair agus tuairiscí atá coimisiúnaithe go speisialta, ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Beo ó imeall Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí, cuireann RTÉ i láthair ceiliúradh an-speisialta Oíche Chultúir, ag ceiliúradh portaigh uathúla na hÉireann i gcroílár na tíre, á chur i láthair ag Annie Mac le Ceolfhoireann Choirme RTÉ, cuirfidh an clár i láthair réimse aíonna, lena n-áirítear Tolú Makay ó Uíbh Fhailí féin, Felispeaks, Damien Dempsey, Jack O’Rourke, Martin Hayes, Elaine Mai, Maykay, Loah, Ailbhe Reddy & Sinead White. Suíonn Arena ar RTÉ Raidió 1 go teolaí le Léamh Mór agus painéal de dhaoine a bhfuil dúil acu i leabhair, a chomhroinnfidh sult na léitheoireachta, a bhreathnóidh ar shaothair ficsin, filíochta agus neamhfhicsin ar ábhar an taistil traenach agus bus. In áiteanna eile bain sult as ceiliúradh Oíche Chultúir ar RTÉ Lyric FM le Marty in the Morning agus Lorcan Murray’s Classic Drive, agus déanfaidh RTE.ie/Culture an dráma mór le rá Looking For America a bheoshruthú.
Ag ceiliúradh luachanna na hOscailteachta, na Fionnachtana, an Cheiliúrtha & an Mhuintearais, tá na gníomhaíochtaí go léir ar Oíche Chultúir 2022 SAOR IN AISCE. Cabhraíonn líon mór daoine, eagraíochtaí agus ionaid tionóil le cinntiú go dtarlóidh sé gach bliain, lena n-áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe, dánlanna, iarsmalanna, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe ceardaíochta, stiúideonna agus ceardlanna, amharclanna, scoileanna, grúpaí pobail, údaráis áitiúla, ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí poiblí, cuideachtaí iompair, ollscoileanna, siopaí agus go leor grúpaí eile.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Oíche Chultúir, ní mór duit dul chuig www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar chainéil mheán sóisialta Oíche Chultúir ar Facebook, Twitter, YouTube agus TikTok.
←Fill ar ais go dtí an nuacht