Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon agus ar an gCeoláras Náisiúnta a fhógairt gurb í Louise Mulcahy buaiteoir Dhámhachtain Liam O’Flynn i gcomhair 2022.
Istaibheoir agus teagascóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi ar an bpíb uilleann agus ar an bhfeadóg mhór as Co. Luimnigh í, agus bainfidh Louise sult as tréimhse machnaimh ealaíonta agus cruthaitheachta sa Cheoláras Náisiúnta agus gheobhaidh sí sparánacht de €15,000. Beidh spás aici ag an gCeoláras Náisiúnta chun comhoibriú a dhéanamh, a bheith nuálach, agus saothar úr a chruthú a bheidh le seinm ar stáitse, chomh maith le caidreamh a bhunú idir an lucht féachana agus na healaíona traidisiúnta.
Le Dámhachtain Liam O’ Flynn, a bunaíodh i gcuimhne ar an sár-phíobaire Liam O’Flynn a bhásaigh in 2018, déantar ceiliúradh ar ról an ealaíontóra chruthaithigh thraidisiúnta aonair i gcruthú saothair nua, tús le comhoibrithe agus nuálaíochtaí ealaíonta ar leith, agus na healaíona traidisiúnta a sheachadadh ionas go mbeidh an chéad ghlúin eile in ann taitneamh a bhaint astu agus iad a chleachtadh.
Dúirt Louise Mulcahy:
“Is mór an onóir dom gur bronnadh Dámhachtain Liam O’ Flynn orm. Míle buíochas leis an gCeoláras Náisiúnta agus le Comhairle Ealaíon na hÉireann as an deis iontach seo. Tá oidhreacht dhochreidte fágtha ag Liam O’ Flynn. Ar feadh a shaoil, d’fhág Liam O’ Flynn lorg buan ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tugann a chuid ceoil, taifeadtaí, comhshaothair agus idé-eolaíochtaí spreagadh dom ar leibhéil éagsúla agus ar bhonn laethúil.
Blianta fada ó shin, bhí an t-ádh liom bualadh le Liam O’ Flynn agus d’fhreastail mé ar mháistircheardlann ag Na Píobairí Uilleann. Le déanaí, bhí deis agam taighde a dhéanamh ar bhailiúchán pearsanta Liam sa Taisce Cheol Dúchais Éireann. Laistigh den bhailiúchán, déanann Liam an draíocht a tharlaíonn idir taibheoir agus an lucht éisteachta a thaifeadadh, “tá sé ar nós a bheith faoi gheasa agus bíonn gluaiseacht iontach mothúchán ag bogadh idir an ceoltóir agus an lucht féachana." Táim ag súil go mór le dul i dteagmháil leis an lucht féachana sa Cheoláras Náisiúnta agus an caidreamh seo a fhiosrú tuilleadh.
Is deis ar leith ó thaobh na n-ealaíon de an dámhachtain seo, deis atá fíorspeisialta. Táim ag tnúth le taighde a dhéanamh, le comhoibriú a dhéanamh, le bheith nuálach, le taibhiú agus le hábhar nua a thabhairt chuig an ardán léirithe sa Cheoláras Náisiúnta i mbliana. Le linn mo chuid ama sa Cheoláras Náisiúnta, tabharfaidh mé ómós d’oidhreacht, do chuimhne agus do cheol Liam O’ Flynn.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an méid seo:
“Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon ómós a léiriú do cheird agus d’oidhreacht Liam O’Flynn – ceannródaí an cheoil thraidisiúnta a thug an fhoirm ealaíne leis ar chosáin nua bhríomhara agus nach ndearna dearmad ar cad as a dtáinig an ceol ach an oiread. Is ealaíontóir den scoth í Louise Mulcahy atá tiomanta do cheol Liam O’Flynn a thaiscéaladh agus a cheiliúradh. Tá Louise ina caomhnóir ar phíb uilleann Liam agus tá an-áthas orm go dtabharfaidh an dámhachtain seo deis di a spéis ina chuid oibre a fhorbairt.”
Seo mar a labhair Robert Read, Príomhfheidhmeannach an Cheolárais Náisiúnta:
“Mar aitheantas ar an stádas ar leith atá ag Louise sa cheol traidisiúnta mar cheoltóir agus mar thacadóir thar a bheith cumasach ar son píobairí baineanna agus ceol na bpíb, tá lúcháir ar an gCeoláras Náisiúnta, in éineacht lenár gcomhpháirtithe An Chomhairle Ealaíon, an deis ar leith seo a thabhairt do Louise obair a dhéanamh i dtimpeallacht thacúil ghairmiúil ag an gCeolárás Náisiúnta agus chun saothar nua a chruthú a bheidh le léiriú. Tá sé seo tuillte go maith ag Louise agus trí shaothar agus taibhiú nua a léiriú, leanfaidh sí le hoidhreacht Liam O’Flynn chun tuiscint agus taitneamh i gceol na hÉireann, ceol píob go háirithe, a chur chun cinn don lucht éisteachta inniu agus don todhchaí”.
Chuaigh Louise, a d’eisigh a céad albam aonair Tuning the Road in 2014, a bhfuil ardmholadh air, ar camchuairt go fairsing ar fud an domhain. Úsáideann sí a glór agus a huirlis chun léirthuiscint agus taitneamh sna healaíona agus sa cheol traidisiúnta a mhéadú trí thaibhiú agus oideachas, chomh maith le bheith ag tacú le píobairí baineanna. Rinne sí clár faisnéise le déanaí do TG4 ‘Mná na bPíob’, ina ndéanann sí iniúchadh ar shaol na bpíobairí uilleann baineanna san am a chuaigh thart.
Is í Louise an ceathrú duine ar bronnadh an dámhachtain uirthi. Ba iad na daoine eile ar bronnadh Dámhachtain Liam O’Flynn orthu roimhe an seinnteoir consairtín agus cumadóir Jack Talty (2021), ilionstraimí, amhránaí agus cumadóir Barry Kerr (2020), agus an cruitire agus cumadóir Úna Monaghan (2019)
←Fill ar ais go dtí an nuacht