Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach. Féachfar sa ról seo le haitheantas a thabhairt don obair a dhéanann scríbhneoirí ficsin do shaol ealaíon agus cultúir na hÉireann trí ómós a thabhairt do scríbhneoir ficsin cáiliúil as Éirinn, glúin nua scríbhneoirí a spreagadh, litríocht na hÉireann a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus an pobal a spreagadh le suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter:
“Tá an Chomhairle Ealaíon fíorbhródúil go deo an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2022–2024 á bhronnadh ar Cholm Tóibín. Ceann dár scríbhneoirí is fearr is ea Colm agus tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aige. Ní hamháin go bhfuil clú ar a chuid úrscéalta agus gearrscéalta ach tá grá mór ag léitheoirí dóibh freisin. Tá a fhios agam go mbeith a intleachtacht ar dóigh, a fhuinneamh agus a chomhbhá síoraí go smior agus é ceaptha ina Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach.”
Ag labhairt faoin rogha, luaigh Eleanor Wachtel, criticeoir ó Cheanada, craoltóir agus ball den phainéal roghnúcháin idirnáisiúnta:
“Tá obair Cholm Tóibín á leanúint agam le beagnach 30 bliain anuas agus tá meas mór agam ar a chuid faisnéise, a léann, a chomhbhá agus a dheisbhéalaí is atá sé. Óna aistí machnamhacha go dtí a fhicsean mealltach, fear mianach agus bisiúil atá ann, lán le díograis agus díocas - fear mór litríochta is ea é, flaithiúil mar scríbhneoir agus mar léitheoir. Tá sé iontach go bhfuil Colm tar éis glacadh leis an gceapachán ar Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach.”
Nuair a cuireadh ceist air faoina cheapachán, dúirt an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach nuacheaptha:
"Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar Laureate. Tá mé bródúil Anne Enright agus Sebastian Barry a leanúint chun ról poiblí a bhunú do scríbhneoir ficsin in Éirinn. Déanfaidh mé mo dhícheall oibriú i dteannta pobal léitheoirí ionas go leanfaidh an ficsean ag cur lenár saol, ag cuir ar ár gcumas an domhan a fheiceáil níos soiléire, nó le braistint mhistéire níos doimhne. Oibreoidh mé le chomh-scríbhneoirí eile agus scríbhneoirí uaillmhianacha chun ról úrscéalta agus scéalta i saol na hÉireann a fheabhsú.”
Tosóidh Colm Tóibín a chlár poiblí i ndiaidh fhógra an lae inniu.
I gcomhpháirt le Leabharlanna Éireann, cuirfidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach The Art of Reading i láthair, club leabhar míosúil do chlubanna leabhar leabharlainne ar fud na tíre agus curtha ar fáil ar líne do léitheoirí ó gach carn den domhan ar an Déardaoin deiridh de gach mí.
Cuirfidh Colm Tóibín The Art of Reading i láthair. I gcaitheamh na bliana, pléifidh an Laureate rogha saothar le scríbhneoirí Éireannacha, ag leagadh béim ar scríbhneoireacht Éireannach den scoth agus ag ceiliúradh an léitheora agus na gclubanna leabhar. I gcásanna áirithe beidh scríbhneoirí eile i láthair, chomh maith leis an Laureate, ag plé leabhar an scríbhneora. Beidh an chéad chlub leabhar ar líne ar fáil le sruthú ón Déardaoin an 24 Feabhra. Ar an dáta seo, beidh Colm ag labhairt le Claire Keegan faoina leabhar Small Things Like These.
Tugtar cuireadh do léitheoirí, do dhaoine a bhfuil grá acu do leabhair agus do chlubanna leabhar i ngach áit páirt a ghlacadh in The Art of Reading leis an Laureate, na leabhair den scoth seo a léamh agus tiúnáil isteach gach mí don phlé.
Beathaisnéis Choilm Thóibín
Is in Inis Córthaidh, Loch Garman, a rugadh Colm Tóibín in 1955 agus is sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar cuireadh oiliúint air. Bhí sé ina chónaí sa Chatalóin ar feadh roinnt blianta roimh dó filleadh ar Bhaile Átha Cliath le bheith ina iriseoir. Bhí sé ina Eagarthóir Gné-Alt ar ‘In Dublin’ in 1981 agus ina eagarthóir ar ‘Magill’ in 1982. Fuair sé sparánacht de chuid na Comhairle Ealaíon in 1987 chun tacú lena chuid luathscríbhneoireachta. Is iad na trí leabhar taistil uaidh: 'Bad Blood: A Walk along the Irish Border' (1987); 'Homage to Barcelona' (1990); agus 'The Sign of the Cross: Travels in Catholic Europe' (1984). Áirítear ar na deich n-úrscéal uaidh ‘The Master’ (2004), buaiteoir Dhuais IMPAC Bhaile Átha Cliath agus Úrscéal na Bliana LA Times; ‘Brooklyn’ (2009), buaiteoir Úrscéal Costa na Bliana; ‘Nora Webster’ (2014), buaiteoir Dhuais Hawthornden. Is iad a dhá bhailiúchán scéalta ‘Mothers and Sons’ (2006), buaiteoir Dhuais Edge Hill, agus ‘The Empty Family’ (2010), ar cuireadh ar an ngearrliosta do Dhuais Frank O’Connor. I measc na ndrámaí a chuid drámaí tá ‘The Testament of Mary’ (2011), a ainmníodh le haghaidh Tony Award for Best Play. In 1993 toghadh é ina chomhalta d’Aosdána agus in 2020 toghadh é ina leas-uachtarán de Chumann Ríoga na Litríochta. Tá ina chomhalta de chuid The American Academy of Arts and Letters agus The American Academy of Arts and Sciences araon. Tá a shaothar aistrithe go níos mó na tríocha teanga. Is eagarthóir a chuireann saothar isteach é leis an London Review of Books. In 1995 bronnadh Duais E.M Forster de chuid The American Academy of Arts and Letters air. In 2017 bhuaigh sé Kenyon Review Award for Literary Achievement agus an Richard C. Holbrooke Distinguished Award de chuid an Dayton Literary Peace Prize. Bronnadh Duais David Cohen air in 2021. Mhúin sé ag Ollscoil Stanford, Ollscoil Texas, Austin, Ollscoil Princeton, Ollscoil Manchester agus Ollscoil Columbia. Tá sé ina Sheansailéir ar Ollscoil Learphoill.
Lean imeachtaí an club leabhar The Art of Reading ar Facebook ag www.facebook.com/LaureateIrishFiction agus lean @LaureateFiction ar Twitter #TheArtofReading agus Instagram laureateirishfiction.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil faoi seo agus faoi imeachtaí agus gníomhaíochtaí eile an Laureate ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon www.artscouncil.ie/laureate.
←Fill ar ais go dtí an nuacht