Thogh Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, cúigear comhaltaí nua inniu. Is iad seo a leanas na cúigear comhaltaí nuathofa: Anne Enright (Litríocht); Amanda Coogan (Amharc-ealaín); Rachel Joynt (Amharc-ealaín); Diana Copperwhite (Amharc-ealaín); Linda Buckley (Ceol). Fágann sé sin go bhfuil 250 duine san iomlán ina gcomhaltaí den chomhlacht anois.
Tapaímid an deis seo chun cuimhneamh ar an gcúigear comhaltaí a fuair bás le linn na tréimhse idir an Bhallóid Phoist anuraidh agus inniu: Felim Egan (Amharc-ealaín); Julia O Faoláin (Litríocht); David Shaw-Smith (Amharc-ealaín); Seamus Deane (Litríocht); John Kinsella (Ceol).
Bunaíodh Aosdána, a bhfuil a comóradh 40 bliain ag tarlú in 2021, in 1981 chun ómós a thabhairt d'ealaíontóirí ar chuidigh agus ar chuir a saothar go suaithinseach leis na healaíona cruthaitheacha in Éirinn, agus cuidíonn sí le comhaltaí iomlán a ndúthrachta a chaitheamh lena n-ealaín. Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir le níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór go mbeadh corpas saothair suaitheanta cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan seánraí sna disciplíní seo a leanas: ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus an amharc-ealaín.
Beathaisnéisí na gcomhaltaí nua:
Anne Enright (Litríocht)
Cónaíonn Anne Enright i mBaile Átha Cliath, a baile dúchais féin. Scríobh sí seacht n-úrscéal, lena n-áirítear The Gathering (2007) agus Actress (2020), dhá leabhar de ghearrscéalta agus leabhar aistí faoin máithreachas. Bhuaigh sí an Booker Prize in 2007. Ba í an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach (2015–2018) agus is Ollamh le Scríbhneoireacht Chruthaitheach í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí gearrscéalta Anne in The New Yorker, iris ina bhfuil sí ag foilsiú le fiche bliain anuas. In 2011, chuir sí The Granta Book of the Irish Short Story in eagar. Foilsítear aistí, léachtaí agus ailt ar The London Review of Books, The Dublin Review, The New York Review of Books, The Guardian, The Irish Times, The New York Times. Tá saothair léi aistrithe go beagnach 40 teanga. Is tacadóir láidir í, le blianta fada anuas, ar son na scríbhneoireachta Éireannaí sa bhaile agus thar lear.
Amanda Coogan (Amharc-ealaín)
Is ealaíontóir a bhfuil moladh faighte aici ó na léirmheastóirí í Amanda Coogan a oibríonn trí mheán na healaíne beo, an léirithe, na dealbhóireachta agus an tsuiteáin. Tá a cuid saothair dúshlánach, gríosaitheach agus spreagúil don tsúil. Cuimsíonn sí réimse meán ina cleachtas: rudaí, téacs, íomhánna gluaisteachta agus socra, iad go léir ag baint le léiriú beo. Tógadh í le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann mar mháthairtheanga aici. Is é an corp, mar shuíomh seasmhachta, a bhíonn i lár a saothair. Iad spraíúil agus dúshlánach ag an am céanna, téann a léirithe i ngleic leis an streachailt agus leis an acmhainneacht shíceolaíoch. Baineann sí úsáid as geáitsí agus as comhthéacs chun saothair ilghnéitheacha a fhágann rianta taibhsiúla sa chuimhne a chruthú. Anuas ar na gradaim atá buaite aici, lena n-áirítear an Duais Ealaíne ó Bhainc-Aontas Éireann in 2004, thaibhigh agus thaispeáin Amanda ag Músaem Broad, Michigan; Músaem na hEalaíne Comhaimseartha, Jacksonville, Florida; Ionad Neimeyer, an Spáinn; an MAC, Béal Feirste; Ealaíona Chaisleán na Leasa Móire, Port Láirge; HOME mrc, Manchain; an Golden Thread, Béal Feirste; Músaem na Mínealaíon, Bostún; Ionad Ealaíne Comhaimseartha na hÉireann LA, Los Angeles; Féile Idirnáisiúnta Mhanchain; Dánlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath; Féile Biennale na Veinéise, Biennial Learphoill, an LAB, Baile Átha Cliath; Dánlann Chathair Luimnigh, PS1, Nua-Eabhrac, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath; Ionad Ealaíon Chorcaí Thiar; an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, Baile Átha Cliath; Músaem Van Gogh, Amstardam; Centre Culterel Irlandais, Páras agus Dánlann Hugh Lane, Baile Átha Cliath.
Rachel Joynt (Amharc-ealaín)
D'fhás Rachel aníos i mBaile Átha Cliath ach cónaíonn agus oibríonn sí sna Staighrí Dubha, Contae Cheatharlach faoi láthair. Bíonn taispeántas aici go rialta ag Dánlann Solomon agus ag an RHA Bliantúil, lena n-áirítear seó aonair i nDánlann RHA Ashford in 2013. Tá an-chuid dá saothair ealaíne mhóra phoiblí thar a bheith infheicthe amhail Mothership ag an gcladach i nDún Laoghaire agus Noah's Egg ar champas UCD. In 2016, bronnadh mórshaothar ealaíne ar Rachel d'Áras an Uachtaráin chun Éirí Amach 1916 a chomóradh – Dearcán na nDaoine/The People’s Acorn. Tá sí ag obair faoi láthair ar dhealbh mhór Síol/seed do Theach Ghleann Cearr ar Bhóthar Mhuirfean, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath. Toghadh Rachel mar bhall iomlán de RHA in 2005.
Diana Copperwhite (Amharc-ealaín)
Is amharc-ealaíontóir í Diana Copperwhite a chónaíonn agus a oibríonn i mBaile Átha Cliath. Oibríonn sé le suiteáin bhalla mhóra, le canbhás mór agus tá suim leanúnach aici sa phortráid dhaonna. I measc a seónna aonair le déanaí tá Proto Fiction and the Sleep of Reason (2019) / A Million and One Things Under the Sun (2015) Kevin Kavanagh, Baile Átha Cliath; The Clock Struck Between Time (2019 )/ Depend on the Morning Sun (2016), 532 Dánlann Thomas Jaeckel, Nua-Eabhrac; Driven by Distraction (2016) ag an Acadamh Ibeirneach Ríoga, Baile Átha Cliath; Shadowland (2014), 532 Dánlann Thomas Jaeckel, Nua-Eabhrac; taispeántais aonair ag Volta NY, 2013 agus ag PULSE NY, 2015 áit ar ainmníodh í don duais PULSE. Bhí taispeántas aici san Ionad Rotko, an Laitvia 2018; Dánlann Glucksman, Corcaigh 2018; Dánlann DLR Lexicon na Cathrach, Áth Cliath Theas 2018; Músaem Ealaíne na hOllscoile, Tóiceo, 2017; Gailearaí Ealaíne Highlanes na Cathrach, 2015; Dánlann Crawford, Corcaigh, 2013; Ron Mandos, Amstardam, 2012; Gailearaí agus Stiúideonna Temple Bar, Baile Átha Cliath, 2012; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, 2011; Ollscoil Sydney Thiar, an Astráil, 2009; Centre Culturel Irlandais, Páras, 2017 agus 2009; Centro Culturel Tecla Sala, Barcelona 2008. Bronnadh Duais Ealaíne AIB ar Copperwhite in 2007 agus rinneadh mórmhonograf agus taispeántas camchuairte dá saothar dá réir. Foilsíodh a foilseachán le gairid Fake New World ag an am céanna le líníocht bhalla agus taispeántas ag Dánlann RHA, Baile Átha Cliath. Thug Copperwhite léachtaí ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath; ag Ollscoil Sydney Thiar; ag Ollscoil Massachusetts; ag Coláiste Ealaíne Luimnigh; ag Dánlann Ealaíne Crawford chomh maith le cuid mhaith eile. Toghadh ar an RHA í in 2007.
Linda Buckley (Ceol)
Is cumadóir Éireannach í Linda Buckley atá lonnaithe i nGlaschú agus a bhfuil cuid mhaith scríofa aici do cheolfhoireann le suim faoi leith maidir lena hoiliúint chlasaiceach a mheascadh le hiarphunc, le ceol tíre agus le ceol leictreonach timpeallach. I measc na ngradam atá buaite aici tá scoláireacht Fulbright chuig Ollscoil Nua-Eabhrac, Ánracht Civitella Ranieri, Gradam Amharc-Cheoil Frankfurt, agus Ór ag Féilte na nGradam Raidió i Nua-Eabharc. Bhain sí Céim sa Cheol amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Máistreacht sa Cheol agus sna Teicneolaíochtaí Meán agus PhD sa Chumadóireacht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bíonn sí ag tabhairt léachtaí faoin gcumadóireacht ag Conservatoire Ríoga na hAlban. Eisíodh a céad cheirnín NMC, From Ocean's Floor, i mí Mheán Fómhair 2020.
←Fill ar ais go dtí an nuacht