Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon leis an scríbhneoir Mike McCormack a bhfuil Duais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath buaite aige as a úrscéal Solar Bones.
Tar éis an fhógra dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Mike McCormack de bharr an scéala go bhfuil Duais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath 2018 buaite aige de bharr a úrscéil den scoth SOLAR BONES. Tá caidreamh ag Mike leis an gComhairle Ealaíon le fada an lá, trínár gcláir chónaitheachta, dámhachtainí Sparánachta agus, le déanaí, trína cheapachán chuig Aosdána, agus is maith is eol dúinn le fada gur scríbhneoir den chéad scoth é a bhfuil féith na scríbhneoireachta go smior ann.”
Lean sí uirthi ag rá, “In SOLAR BONES, chruthaigh Mike McCormack saothar iontach álainn, a mbaineann daonnacht agus maorgacht leis; tá smaoineamh an úrscéil curtha ar na súile dúinn agus dúshlán tugtha dúinn machnamh a dhéanamh air, agus d’éirigh leis as sin, sárphíosa scríbhneoireachta a chruthú. Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon go ngabhfaidh scéal Marcus Conway i gcion ar níos mó léitheoirí anois tríd an duais iomráiteach seo, agus tá ríméad orainn freisin go bhfuair Tramp Press a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon luach saothair as dul sa seans leis an ealaín agus ardán a thabhairt do scoth na scríbhneoireachta in Éirinn.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht