Faigh amach tuilleadh faoi thacaíocht na Comhairle Ealaíon don Féilte agus imeachtaí trí athbhreithniú a dhéanamh ar ár liosta ceisteanna coitianta.
1312
Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht d’fhéilte ealaíon:
a bhfuil ról an-tábhachtach acu nó atá lárnach in infreastruchtúr na n-ealaíon
a chuireann le saothar an ealaíontóra nó forbairt cleachtais foirme ealaíne
a chuireann taithí ar ealaíona ardcháilíochta ar fáil agus a thugann tosaíocht do chláir a bhfuil baint acu le pobail áitiúla nó pobail arb ábhar spéise iad, nó atá ábhartha dóibh.
a bhfuil ról an-tábhachtach acu i gcur chun cinn agus i seachadadh foirme ealaíne nó cleachtais ealaíon
a léiríonn comhpháirtíochtaí éifeachtacha áitiúla, náisiúnta nó idirnáisiúnta sna healaíona
a chuireann deiseanna ar fáil don phobal mór a bheith páirteach i dtaithí ar ealaíona ardcháilíochta.
Tugann an Chomhairle Ealaíon tosaíocht d’fhéilte a chuireann le forbairt ealaíona sráide agus seónna ealaíon in Éirinn agus ceaptar gur timpeallachtaí riachtanacha iad leis na saothair seo a thástáil agus a chur i láthair don phobal mór.
Tá liosta scéimeanna ar féidir le féilte cur isteach orthu agus iad ar an bpríomhiarrthóir* foilsithe anseo. Ag brath ar scála d’fhéile, beidh cineál na scéime ar féidir
leat iarratas a dhéanamh uirthi ag brath ar an gcineál saothair a chuireann tú san áireamh sa chlár agus múnla na féile. Ba cheart duit treoirlínte na scéimeanna go léir a sheiceáil le cinntiú gur féidir le d’eagraíocht cur isteach orthu. Is féidir
leat breathnú anseo le haghaidh liosta iomlán den mhaoiniú atá ar fáil.
*Is é an príomhiarrthóir ná an duine aonair/an eagraíocht a chuireann isteach ar mhaoiniú agus a chuireann a UTE (Uimhir Thagartha Ealaíon) ar fáil agus an t-iarratas á chur isteach aige. Má éiríonn leis an iarratas, bronntar an dámhachtain ar an bpríomhiarrthóir.
D’fhéadfaí go gcabhródh an liosta thíos leis na scéimeanna go léir a chíoradh ar bhealach atá níos mionsonraithe:
Scéim Infheistíochta na bhFéilte – tacaíocht do chláir bheaga féilte
Maoiniú Deontais do na hEalaíona – tacaíocht do chláir féilte atá ar mheánmhéid/mór agus d’fhéilte a bhfuil baint acu le cruthú/forbairt tionscadal ealaíne.
Maoiniú Straitéiseach – tacaíocht d’fhéilte atá lárnach d’infreastruchtúr na n-ealaíon náisiúnta (le haghaidh eagraíochtaí a bhunaítear go foirmiúil mar CTR, CGA nó comhlacht reachtúil amháin).
An Scéim um Acmhainn an Phobail a Fhorbairt– tacaíocht le hacmhainn an phobail a fhorbairt ar bhonn eagraíochta (forbairt straitéisí, oiliúint, infheistíocht dhigiteach). Ní bhaineann an scéim le gníomhaíochtaí ná le cláir ealaíon.
In the Open – Cuireadh chun Comhoibrithe (tionscnamh speisialta) – chun tacú le cláir ealaíon coimeádaithe i spásanna taobh amuigh i gcomhar le comhpháirtithe údarás áitiúil.
Coimisiúin – le tacaíocht a thabhairt d’fhéilte ar mhaithe le healaíontóirí a choimisiúnú le tionscadail nua ealaíne a chruthú.
Gairm Oscailte – ag tacú le cur i gcrích tionscadal atá suntasach ó thaobh scála agus méine de agus a chuireann ar chumas ealaíontóirí/eagraíochtaí a gcuid cleachtas a athrú.
Rannpháirtíocht san Ailtireacht – le taithí an phobail ar an ailtireacht a mhéadú agus a leathnú.
Scéim Taifeadta Deis – ag cur tacaíochta ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne a bhfuil sé mar chuspóir acu saothair a thaifeadadh
agus a fhoilsiú.
Taisteal agus Oiliúint – (tá an scéim ar sos faoi láthair) – tacaíochtaí le haghaidh eagraíochtaí/foireann féile lena gcleachtas gairmiúil (go príomha) a fhorbairt lasmuigh d’Éirinn.
Is féidir, d’fhéadfaí go n-ainmneofaí féile mar chomhpháirtí iarratais nuair nach iad an príomhiarrthóir iad? D’fhéadfaí go mbeadh ar an gcomhpháirtí eolas breise a chur ar fáil (mar shampla, litir tacaíochta) agus ba cheart dó féachaint ar threoracha
na scéime ábhartha le tuilleadh sonraí a fháil.
D’fhéadfaí go gcabhródh an liosta thíos leis na scéimeanna go léir a chíoradh ar bhealach atá níos mionsonraithe:
Cuireadh chun Comhoibrithe – Tionscadail chomhoibritheacha idir údaráis áitiúla inar féidir le heagraíochtaí ealaíon a bheith ainmnithe mar chomhpháirtithe rannpháirteacha.
Dámhachtainí Tionscadail – Cuirtear dámhachtainí tionscadail ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla ealaíne. Is féidir le healaíontóirí nó eagraíochtaí ealaíon féilte a ainmniú mar chomhpháirtithe rannpháirteacha i bhforbairt agus i gcur i láthair tionscadal
nua.
Cónaitheachtaí – Cuirtear cónaitheachtaí ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla ealaíne. Is féidir le healaíontóirí tacú lena n-iarratais le comhpháirtithe féile a bhfuil cónaitheachtaí Amharclannaíochta agus Rince acu
Camchuairt – Dearadh an scéim seo chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas ealaíon in ionaid tionóil ar fud Phoblacht na hÉireann.
Bíonn scéimeanna maoinithe ar fáil ar feadh líon teoranta ama (ach amháin má deirtear a mhalairt). Go ginearálta, bíonn an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh iarratas a fháil mí amháin roimh spriocdháta an iarratais. Is féidir leat féachaint ar liosta den
mhaoiniú atá ar fáil agus spriocdhátaí na n-iarratas anseo.
Cuirtear eolas ar scéimeanna agus tionscnaimh féilte san áireamh i nuachtlitir na Comhairle Ealaíon ar féidir leat clárú léi anseo).
Is iondúil go mbíonn ar fhéilte iarratas a chur
isteach ar mhaoiniú idir 6 agus 18 mí sula gcuirfear a bhféile ar siúl. Ba
cheart duit na treoirlínte don scéim maoinithe ar mhaith leat cur isteach
uirthi agus an t-achar ama a chlúdaíonn an maoiniú a sheiceáil.
Mar shampla, dá mbeadh m’fhéile ar siúl idir mí
Eanáir agus mí an Mheithimh agus dá mba mhaith liom cur isteach ar Scéim
Infheistíochta na bhFéilte; dhéanfainn iarratas 9 mí roimh ré trí m’iarratas a
chur isteach i mí Iúil na bliana roimhe*
Scéim
Maoinithe
|
Tréimhse
Maoinithe
|
Spriocdháta
d’Iarratais
|
Scéim
Infheistíochta na bhFéilte
|
Maidir
le féilte a bheidh ar siúl idir mí Eanáir – mí an Mheithimh
|
Mí
Iúil na bliana roimhe
|
Maoiniú
Deontais do na hEalaíona
|
Maoiniú
do chlár bliantúil
|
Mí
Bealtaine na bliana roimhe
|
*Ba cheart duit an spriocdháta atá luaite le gach scéim a sheiceáil. Tá liosta
an mhaoinithe atá ar fáil agus spriocdhátaí
iarratais foilsithe anseo.
Ní féidir leat iarratas a dhéanamh don
tionscadal céanna faoi dhó trí shruthanna difriúla maoinithe.
Is féidir leat féachaint ar chláir ildisciplíneacha féile a dtacaítear leo faoi láthair trí Mhaoiniú Straitéiseach na Comhairle Ealaíon agus trí chláir Maoinithe Deontais do na hEalaíona anseo.
Tá eolas ar fhoirm aonair ealaíne nó cláir féilte beaga atá maoinithe againn (mar aon le heagraíochtaí eile) ar fáil sa roinn den suíomh gréasáin dar teideal Who we funded.
Má tá tú ag cur iarratais isteach ar Mhaoiniú Straitéiseach, ní mór do d’eagraíocht a bheith cláraithe (nó a bheith á clárú) mar Chuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta (CTR) nó mar Chuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe (CGA), nó a bheith ina comhlacht reachtúil.
Ní gá duit d’eagraíocht féile a chlárú de réir dlí nó a bhunú go foirmiúil má tá tú ag cur iarratais isteach ar shruthanna maoinithe eile féilte. Mura bhfuil ainm comhlachta/eagraíochta agat, bain úsáid as ainm d’fhéile, le do thoil. Má éiríonn leat maoiniú a fháil, beidh ort uimhir chánach agus cuntas bainc a fháil faoin ainm a d’úsáid tú chun clárú.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil trí chóras ar líne na Comhairle Ealaíon.
Beidh ort clárú mar eagraíocht/ghrúpa trí OLS anseo le rochtain a fháil ar an bhfoirm iarratais.
Is iondúil go mbíonn treoirlínte ar fáil ar ár suíomh gréasáin nuair a
osclaíonn an fhuinneog iarratais – mí roimh an spriocdháta iarratais.
Faigheann an Chomhairle Ealaíon líon ard iarratas i gcaitheamh na bliana. Ba cheart duit féachaint ar na treoirlínte iarrthóra le haghaidh an deontais a bhfuil tú ag cur iarratais isteach air, rud a chuirfidh in iúl duit i roinn na gCinntí cathain atá
súil ag an gComhairle Ealaíon fógra a thabhairt maidir leis na dámhachtainí.
Gheobhaidh gach iarratas a cuireadh isteach fógra tríd an ríomhphost ón gComhairle Ealaíon maidir le torthaí d’iarratais.
Féadfar measúnú scríofa a fháil ar gach iarratas a mheasfar incháilithe. Is féidir é sin a iarraidh ó fhoireann na
Féile tráth ar bith.
Caithfidh Tá nósanna imeachta sainiúla a
bhaineann le tuarascálacha a scríobh i bhfeidhm le haghaidh na scéimeanna
maoinithe go léir. Mínítear iad sin go mion sa treoir íocaíochta ábhartha a
bhfaighidh tú le do litir/ríomhphost tairisceana.
Mar shampla, má tharlaíonn go bhfuair tú
maoiniú trí Scéim Infheistíochta na bhFéilte, ní mór duit Plean Leasaithe a
chomhlíonadh agus a chur isteach sula dtarraingíonn tú do chéad íocaíocht
anuas, mar aon le Foirm Thuairisce agus cuntas Ioncaim agus Caiteachais sula
dtarraingíonn tú d’íocaíocht dheireanach anuas (is féidir teimpléid dóibh sin a
fháil ar ár leathanach dar teideal Teimpléid Íocaíochta). Caithfear go gcomhlíontar, go bhfaightear
agus go nglactar leo sin sa chaoi is go bhfaighidh tú do chuid maoinithe.
Ní féidir. Ón uair atá measúnú déanta ar thogra, ní féidir leat iarratas a chur isteach
ar an togra céanna arís. Nuair atá cinneadh déanta maidir le d’iarratas le haghaidh
babhta áirithe scéime, ní chuireann sé bac ort iarratas a chur isteach ar leagan
den scéim ach le togra difriúil amach anseo.
Mar shampla, murar éirigh le d’iarratas ar Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona
bliain amháin, ní chuireann sé bac ort iarratas a chur isteach ar Mhaoiniú Deontais
do na hEalaíona an bhliain ina dhiaidh sin ach le togra difriúil.
Tá Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do líon áirithe féilte atá á reáchtáil ag coistí deonacha a chuireann cláir
ghairmiúla ealaíon ar fáil. Chuige sin, beidh meas ag an gComhairle Ealaíon agus tabharfaidh sí cosaint don chúnamh a gheofar ó rannpháirtíocht dheonach i gcleachtas féilte agus aithníonn sí an ról níos mó atá á ghlacadh ag áitiúlachas i
bhforbairt agus inbhuanaitheacht na gclár féilte.
Seo thíos liosta eagraíochtaí acmhainne a thugann tacaíocht d’fhéilte nó ealaíontóirí/eagraíochtaí ealaíon a bhíonn ag obair i gcomhthéacs féile:
Cumann Féilte & Imeachtaí na hÉireann (AOIFE)
Fóram Amharclannaíochta
Ealaíontóirí Radharcacha Éire
Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network
Cumann Tionscal Imeachtaí na hÉireann
Damhsa Éireann
The Wheel
Create
Cumann na bhFéilte Eorpacha
First Music Contact
Music Network
Institiúid Téatair na hÉireann
Is féidir tuilleadh eolais ar na heagraíochtaí seo agus sonraí teagmhála a fháil anseo.
Comhdháil Spreagthóirí don Athrú
Sa bhliain 2020, chuir an Chomhairle Ealaíon an chéad chomhdháil Spreagthóirí don
Athrú i láthair, comhthionól de pháirtithe leasmhara fhéilte ealaíon a tháinig le
chéile chun machnamh agus plé a dhéanamh ar chleachtas féile in Éirinn. Cuirfear
é seo ar bun arís sa bhliain 2022. Is féidir tuilleadh eolais agus buaicphointí
ó chomhdháil 2020 a fháil anseo.
Ó thráth go chéile reáchtálann an Chomhairle Ealaíon cainteanna/seimineáir ghréasáin atá dírithe ar fhéilte, déantóirí féilte agus a
gcuid páirtithe leasmhara. Mínítear iad seo thíos.
Féilte na Cainte 2020
Mar fhreagra ar an bpaindéim COVID-19, reáchtáil an Chomhairle Ealaíon líon
áirithe fóram plé ar líne a raibh sé mar sprioc acu deis a thabhairt chun na
nithe seo a leanas a dhéanamh: eolas a roinnt, plé a dhéanamh ar fhiúntais,
dúshláin, deiseanna agus srianta roimh fhéile agus cláir á bpleanáil acu do
spásanna poiblí athchumraithe agus comhroinnt ealaíon ar líne a fhiosrú.
Is féidir leat féachaint ar mhiontuairiscí ó shraith Fhéilte na Cainte
anseo.
Conairí 2021
Ag leanúint de
Shraith Fhéile na Cainte 2020, tá an Chomhairle Ealaíon chun clár de phlé
painéil a óstáil le haghaidh féilte, ealaíontóirí a chruthaíonn saothair i gcomhthéacs
féile agus páirtithe leasmhara féilte, d’fhonn na ceachtanna a foghlaimíodh ó
2020 a phlé agus a roinnt. Cé hiad na conairí chun ealaíona a chruthú agus a
chur i láthair don phobal mór agus conas is féidir le féilte cláir chruthaitheacha atá dírithe ar an bpobal mór a chruthú agus a chur
i láthair le linn a leithéid de thréimhsí éiginnte?
Is féidir tuilleadh eolais faoin tsraith Conairí 2021 a fháil
anseo.
Líonraí/Cuibhreannais na bhFéilte
Seo thíos liosta líonraí na bhféilte a thacaíonn le forbairt saothair i bhfoirm ealaíne ar leith nó i réigiún ar leith.
Cuibhreannais Féile Ealaíon Iarthar Chorcaí
Is grúpa d’aon fhéile dhéag é Comharchumann Fhéilte Ealaíon Iarthar Chorcaí a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair thar bhailte, shráidbhailte agus oileáin an réigiúin. Bunaithe sa bhliain 2021, tá sé mar sprioc
ag an eagraíocht seo feasacht ar gach féile a mhéadú ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, líonra réigiúnach a chruthú le haghaidh comhroinnt taithí agus saineolais, agus comhar agus comhoibriú a chothú a chuirfidh lena cumas pobail agus luchtanna
éisteachta nua agus éagsúla a bhaint amach.
Ballfhéilte:
Féile Snagcheoil Bhéal an Dá Chab
Aonach na bhFidleacha, Dún na Séad
Féile Scéalaíochta Idirnáisiúnta Chléire
Clonakilty
International Guitar Festival
Féile
Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag
Féile
Scannán Fastnet
Máistrí an
Traidisiúin
Skibbereen
Arts Festival
Féile Cheoil
Aireagail Iarthar Chorcaí
Féile
Amharclannaíochta Fit-up Iarthar Chorcaí
Féile
Liteartha Iarthar Chorcaí
Líonra Luathcheol na hÉireann
Ag obair chun taibhiú ceoil ársa in Éirinn a thabhairt isteach i ré dhigiteach na 21ú haoise agus chun aird a tharraingt ar cheoltóirí cheol ársa na hÉireann ar leibhéal Eorpach, tá sé mar sprioc ag Líonra Luathcheol na hÉireann (IEMN) forbairt amach
anseo le go mbeidh sé in ann bualadh le heagraíochtaí ceoil ársa agus ensembles ar fud na tíre agus tacaíocht a thabhairt dóibh. De bhreis ar chomhroinnt mhór feasachta, cuirtear an méid seo a leanas san áireamh i dtionscnaimh an IEMN: stór beag
fuaime a chruthú, trealamh físeáin agus sruthaithe le haghaidh craoltaí ceolchoirme agus ceardlainne a dhéanann eagraíochtaí comhaltais, teagmhálacha a éascú agus a chruthú ar fud na hEorpa trí bhallraíocht sa European Early Music Network, EEEmerging
(Emerging European Ensembles) agus tionscnaimh agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Comhaltaí an Líonra:
Is féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim Infheistíochta na bhFéilte má thacaíonn Maoiniú Straitéiseach na Comhairle Ealaíon leis an bhféile níos mó, ach ní féidir ach cur isteach ar Bhanda A agus ar uasmhéid 7000 i d’iarratas.
Ní thabharfar tús áite i gcomhair maoiniú faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte do thograí ar imeachtaí nasctha iad (e.g. sraith ráithiúil nó mhíosúil ceoil nó litríochta), cláir atá dírithe go príomha ar shraith ceardlann, scoileanna samhraidh, ranganna leanúnacha nó imeachtaí aonuaire, etc. Ba cheart duit labhairt le duine ó fhoireann na foirme ealaíne ábhartha faoi na cineálacha eile maoinithe atá ar fáil don ghníomhaíocht seo, lena n-áirítear Maoiniú Deontais do na hEalaíona.
Cuireadh ár bhféile le haghaidh 2020 ar ceal mar gheall ar COVID-19, ar cheart dúinn figiúirí don fhéile a bhí ar siúl againn in 2019 a chur isteach mar an fhéile roimhe seo nó na ceisteanna a bhaineann leis an bhféile roimhe seo a fhágáil bán?
Ba cheart duit breathnú ar na treoirlínte d’iarrthóirí ina sonraítear an fhaisnéis a theastaíonn uainn maidir le féilte roimhe seo.
Tá féile le haghaidh 2021 á pleanáil againn ach ní léir dúinn an mbeidh na hionaid tionóil agus na spásanna a theastaíonn dár gclár ar fáil. Ar cheart dúinn pleananna teagmhasacha a chur isteach mar chuid dár n-iarratas?
Ba cheart, ba cheart duit a áireamh freisin cén tionchar a bheidh ag srianta sláinte an Rialtais ar d’fhéile agus cé na bearta atá curtha i bhfeidhm agat le réiteach dóibh seo mar chuid de do phleanáil.
Is féidir. Is féidir leat do chlár féile le haghaidh 2020 a chur isteach lena bhreithniú i Scéim Infheistíochta na bhFéilte má cuireadh an fhéile ar ceal mar gheall ar COVID-19. Ní mór duit a chinntiú go nuashonraítear d’ábhair thacaíochta riachtanacha (lena n-áirítear GACH litir tacaíochta) chun tacú le d’iarratas le haghaidh 2021.