Culture Night 2021. Image Credit: CI Studio
Arna chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon, is ócáid náisiúnta é Oíche Chultúir ina gceiliúrtar gach dá gcuimsíonn saibhreas agus éagsúlacht an chultúir in Éirinn an lae inniu; ina nasctar daoine le himeachtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta
agus ina n-osclaítear cosáin i dtreo rannpháirtíocht leanúnach.
Ceiliúrann sí cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona agus déanann sí iarracht an tuairim a chur chun cinn go gníomhach go bhfuil cultúr saibhir agus éagsúil beo, luachmhar agus á chothú i saol daoine, inniu agus gach lá.
Tá Oíche Chultúir bunaithe ar oscailteacht, fionnachtain, ceiliúradh agus muintearas. Fanann doirse ar oscailt go déanach agus eagraítear imeachtaí speisialta agus uathúla ag láithreacha rannpháirteacha. Tá na gníomhaíochtaí go léir ar fáil don phobal
saor in aisce.
Ar Oíche Chultúir, tugtar cuireadh do gach duine gach áit, ar oíche lúcháireach amháin, gach rud a bhaineann lenár gcultúr inniu a aimsiú agus a cheiliúradh.
Ag cur eolais ar thodhchai Oíche Chultúir
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an tuarascail a fhoilsiu Ag cur eolais ar thodhchai Oíche Chultúir, athbhreithniú fianaise, taighde agus comhairliúchán le Janice McAdam, Annette Nugent agus Heather Maitland a fhoilsiú. Is é an Oíche Chultúir an ócáid bhliantúil uile-oileáin a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona. Is toradh é an tuarascáil ar chlár taighde náisiúnta fairsing, a úsáideann sonraí suas go dtí 2020 chun éabhlóid Oíche Chultúir a rianú, tuiscint a fháil ar luach poiblí reatha agus ionchasach Oíche Chultúir agus tagarmharc agus moltaí a sholáthar maidir lena mheastóireacht, a fhís agus a seachadadh sa todhchaí.
Íoslódáil an tuarascáil anseo (PDF, 6 MB)
#CultureNight #OícheChultúir #ComeTogetherAgain