State of Exception le Catherine Young Dance, a spreagadh ag an taithí a bhain le saothar a dhéanamh le dídeanaithe agus le lucht iarrtha tearmainn i Soláthar Díreach. Grianghraf: Fiona McCann
Tá sé beagán le cois bliana ó sheolamar Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (CCDÉ) na Comhairle Ealaíon ag an gcomhdháil 'Places Matter’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sraith uaillmhianach gníomhartha agus spriocanna leagtha amach dúinn sa bheartas CCDÉ lena chinntiú go mbíonn an Chomhairle Ealaíon agus earnáil na n-ealaíon níos inrochtana d’Éirinn agus a héagsúlacht ar fad agus go ndéanann siad ionadaíocht orthu. Tá sé iontach agus fuinniúil a bheith ag smaoineamh ar Éirinn nua-aimseartha a léiriú sna healaíona.
Bliain níos deireanaí, tá tréimhse dhúshlánach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana romhainn, agus muid ag iarraidh ár mbealach a dhéanamh sa domhan timpeall orainn atá ag athrú. Anois, níos mó ná riamh, tá tábhacht le ceisteanna comhionannais, cuimsithe agus rochtana.
Tá mise agus Bord agus Feidhmeannacht na Comhairle Ealaíon tiomanta don bheartas CCDÉ a chur ar aghaidh, agus cinnteoimid go bhfuil sé chun tosaigh inár dtreochlár chun téarnaimh. Tá a fhios againn go mbeidh iarmhairtí ag géarchéim COVID-19 ar gach duine, ach beidh tionchar díréireach ar na healaíona agus, go háirithe, orthu siúd a bhfuil neamhionannas ag cur as dóibh cheana. Ní mór dúinn a chinntiú nach bhfuil a thuilleadh míbhuntáiste curtha ar na daoine sin atá imeallaithe faoi láthair.
Féile na Máthairtheangacha, Tomasz Madajczak. Is í Féile na Máthairtheangacha an fhéile is mó ina ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht teanga trí na healaíona in Éirinn.
Mar a tuairiscíodh inár nuachtlitir i mí Eanáir, tá plean gnímh an bheartais á fhorfheidhmiú ar bhonn leanúnach ag ár mBainisteoir Forbartha Straitéisí, Monica Corcoran, le tacaíocht ón gCeannaire Tionscadail, Olwen Dawe. Tá Monica agus Olwen ag obair ar phlean gnímh an Bheartais CCDÉ a athbhreithniú lena chinntiú gur féidir dul chun cinn go fóill ar bhonn tráthúil le gnéithe den phlean a bhfuil srian curtha orthu de bharr shrianta COVID-19. Táimid dóchasach gur féidir go leor a bhaint amach go fóill, fiú sa chomhthéacs dúshlánach seo.
An mhí seo caite, d’eisíomar ár gcéad tuarascáil sonraí, ina leagtar amach na hiarratais agus na faighteoirí aonair in 2019, de réir inscne. Is ionann an cóimheas iarratais foriomlán agus 61:39 Baineann:Fireann. Ach bhí difear le feiceáil anseo sna foirmeacha ealaíne éagsúla, mar aon leis na méideanna a iarradh. Mar sin féin, bhí áthas orainn a fheiceáil go raibh na faighteoirí i ngach dámhachtain ionann go ginearálta leis an leibhéal iarratais de réir inscne. Tá an tuarascáil iomlán le fáil le léamh anseo agus fáiltímid roimh aon cheisteanna nó aiseolas.
Tá an próiseas bailithe sonraí seo á leathnú ar bhonn leanúnach, agus tabharfar tuilleadh léargais i dtuarascálacha amach anseo ar an éagsúlacht i ngach clár agus deontas. Tabharfar miondealú trédhearcach leis sin ar an leibhéal rannpháirtíochta síos trí thacaíochtaí na Comhairle Ealaíon, agus cinnteofar freisin go gcoinneoimid taifead ar ár ndul chun cinn. Beidh ár gcéad tuarascáil eile á heisiúint san fhómhar, agus áireofar inti sonraí maidir le hinscne, eitneachas agus míchumas i ndáil lenár n-iarrthóirí dámhachtana aonair.
The Spider’s House le Roderick Ford, buaiteoir Ghradam REALISE Arts & Disability Ireland agus Ionad Ealaíon Project.
Le déanaí, tá an t-úrscéal is deireanaí le Elizabeth Strout, Olive, Again léite ag go leor daoine. Bhí mé gafa go speisialta ag líne san úrscéal ó Olive nuair a bhuail sí lena cúramóir nua Halima. ‘Tell me what it’s like to be you,’ a d’iarr sí ar a comrádaí nua. Beidh sé seo i gcroílár roinnt fócasghrúpaí comhairliúcháin d'ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla a reáchtálfaimid le linn an tsamhraidh, ar ardáin ar líne. Caithfimid eolas agus tuiscint a fháil ar éagsúlacht iomlán na taithí a bhaineann le bheith i do chónaí in Éirinn inniu agus é sin a léiriú. Cuirfear tuilleadh sonraí amach in am trátha trínár suíomh gréasáin, agus idir an dá linn, beidh áthas orainn léirithe suime a fháil. Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh ann, comhlánaigh an fhoirm seo.
Forbraíodh ár mBeartas CCDÉ mar cháipéis bheo; is mian linn agus teastaíonn uainn go roinnfeadh daoine an turas seo linn. Táimid sásta i gcónaí smaointe nua a chloisteáil, go háirithe ó dhaoine nár labhair muid leo cheana. Más mian leat plé a dhéanamh linn, téigh i dteagmháil le Monica Corcoran nó Olwen Dawe trí ríomhphost (monica.corcoran@artscouncil.ie / olwen.dawe@artscouncil.ie) nó ag 01 6180200. Idir an dá linn, fan sábháilte agus slán agus go raibh maith agat as cabhrú linn ár gcuid oibre sa réimse seo a fhorbairt.
Maureen Kennelly,
Stiúrthóir, An Chomhairle Ealaíon, 3 June 2020