Treoirlínte chun ionaid ealaíon a athoscailt
I mBealtaine, d’fhoilsigh Theatre Forum sraith treoirlínte chun ionaid ealaíon a athoscailt.
Foilsíodh na treoirlínte le cabhrú le hionaid ealaíon ar fud na tíre smaoineamh ar conas a d’fhéadfaidís ullmhú chun ionaid a athoscailt faoi thosca a bhfuil athrú ó bhonn tagtha orthu.
Tá ionaid ealaíon lárnach do na pobail ina bhfuil siad agus is fada leo ar fad go gcuirfidh siad tús chomh luath agus is féidir lena gcuid oibre, laistigh de threoirlínte an rialtais, agus sláinte agus sábháilteacht lucht féachana, ealaíontóirí agus na foirne níos tábhachtaí ná aon ní eile.
Aithnítear ionaid ealaíon mar áiteanna oibre ealaíontóirí sna treoirlínte, agus mar áiteanna do lucht féachana le bheith rannpháirteach agus ag gabháil do na healaíona. Is cuid ríthábhachtach den bhonneagar iad agus ní mór tacú leo chun an ról is mó a imirt san athoscailt agus sa téarnamh náisiúnta. Is léir gur rud don todhchaí é filleadh ar imeachtaí mórscála do lucht féachana agus tiocfaidh athrú ar na treoirlínte de réir mar a fhoghlaimeoimid conas dul in oiriúint agus i dtaithí ar thosca nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.
Tá na treoirlínte ar fail anseo
Seimineár Gréasáin ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta
D’óstáil an Chomhairle Ealaíon seimineár gréasáin le comhghleacaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim ar an 31 Lúnasa chun na príomhathruithe san aistriú ón Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP) chuig an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) a leagan amach. Pléadh gnéithe a bhaineann leis an aistriú sin i rith an tseimineáir freisin, lena n-áirítear critéir cháilitheachta agus comhlíonadh,. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tá níos mó sonraí faoi SFPF le fáil sna treoirlínte a foilsíodh le déanaí agus is féidir iad a fháil anseo.
Is féidir breathnú ar an seimineár gréasáin iomlán taifeadta ag: Seimineár Gréasáin SFSP
Comhairle agus tacaíocht don earnáil
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le neart eagraíochtaí acmhainní agus ionadaíochta chun faisnéis agus comhairle a chur ar fáil d’ealaíontóirí faoina n-earnáil faoi leith. Mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, tá neart eagraíochtaí acmhainní ag cur comhairle earnála ar fáil ar líne. Tá liosta d’eagraíochtaí acmhainní ar fáil anseo chun cuidiú leat.
Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Na hEalaíona agus an tSláinte
Is é artsandhealth.ie an suíomh gréasáin náisiúnta do na healaíona agus an tsláinte in Éirinn (á bhainistiú ag Waterford Healing Arts Trust agus maoinithe ag FSS chomh maith). Táimid ag oibriú go dlúth leis an bhfoireann san eagraíocht seo chun saothair ealaíne a chur ar taispeáint ar líne agus chun aird a tharraingt ar na hacmhainní agus tacaíochtaí le haghaidh fholláine na n-ealaíontóirí, gairmithe sláinte agus gach duine ar a bhfuil cónaí in Éirinn faoi láthair.
Taispeánfaidh artsandhealth.ie scannáin, físeáin, saothair scríofa agus amharc-ealaíon, óstálfaidh siad ceardlanna agus éascóidh siad díospóireachtaí faoi na healaíona, an tsláinte agus an fholláine ag an am thar a bheith eisceachtúil seo ina bhfuil orainn scaradh óna chéile agus aonrú. Díreofar go háirithe ar na saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar ealaíontóirí, gairmithe sláinte agus roinnt de na daoine is leochailí dár bpobal ag an am seo – is iad sin, seandaoine, daoine a bhfuil an mheabhairshláinte go dona acu, iad siúd a bhfuil breoiteacht orthu cheana féin, agus iad siúd a bhfuil an mí-ádh orthu a bheith tinn mar thoradh ar COVID-19. Tá an Chomhairle Ealaíon ag oibriú leis an Rannán Sláinte agus Folláine de chuid FSS freisin chun bealaí eile inar féidir léi tacú le hearnálacha na n-ealaíon, na sláinte agus an phobail ag an am seo a fhiosrú.
Age and Opportunity
Is é Age and Opportunity an eagraíocht forbartha náisiúnta a fheabhsaíonn caighdeán saoil daoine atá idir 50 agus 100+ bliain d’aois. Cuireann sé clár ealaíon agus cultúir ar fáil ó cheann ceann na bliana agus reáchtálann sé ceardlanna forbartha gairmiúla chun tacú le healaíontóirí níos sine. https://ageandopportunity.ie
Arts and Disability Ireland (ADI)
Is é Arts & Disability Ireland (ADI) an eagraíocht náisiúnta forbartha agus acmhainní do na healaíona agus an míchumas. Tá tiomantas do chinntiú nach gcuirtear aon bhacainn roimh ealaíontóirí a bhfuil míchumas orthu agus ealaín á cruthú acu mar chuid de mhisean ADI. Áirítear caidrimh a chruthú idir ealaíontóirí a bhfuil míchumas orthu agus láithreoirí, coimeádaithe agus léiritheoirí chun rannpháirtíocht chruthaitheach agus chothrom a chothú san obair a bhíonn i mbun ag ADI. http://adiarts.ie
Centre for Creative Practices
Tá Centre for Creative Practices tiomanta d'ealaíontóirí ar imircigh iad agus ealaíontóirí ó chultúir éagsúla a nascadh, a chomhtháthú agus a chur chun cinn mar aon le cleachtais idirchultúrtha ealaíon a fhorbairt in Éirinn. https://cfcp.ie
Create
Is é Create an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach. Cuireann sé tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí a oibríonn i gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil, meantóireacht, oiliúint agus taighde. https://www.create-ireland.ie/
Sorcas, Ealaíona Sráide agus Seónna
Irish Street Arts, Circus and Spectacle Network (ISACS)
Is é Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network eagraíocht tacaíochta agus abhcóideachta na hÉireann d’fhorbairt na bhfoirmeacha ealaíon comhchoiteanna sin. Feidhmíonn ISACS mar áit chun faisnéis agus acmhainní do na hEalaíona Sráide, don Sorcas agus don Taibhléiriú a roinnt. Tugann sé faoi thaighde agus déanann sé abhcóideacht ar son a bhall chomh maith. Cuireann ISACS rochtain ar oiliúint, líonrú agus tacaíochtaí forbartha gairmiúla eile ar fáil freisin. https://www.isacs.ie
The Irish Aerial Creation Centre (IACC)
Is áit é Irish Aerial Creation Centre inar féidir le daoine a gcruthaitheacht a scaoileadh. Is é IACC an chéad spás a cuireadh in oiriúint go speisialta don damhsa aerga in Éirinn agus is sa spás sin atá Compántas Damhsa Aerga Fidget Feet lonnaithe. Tacaíonn deontas na Comhairle Ealaíon leis an bhforbairt ghairmiúil trí chónaitheachtaí, ranganna, ceardlanna agus deiseanna taibhithe. Is é IACC a chuireann an chéad dianchlár gairmiúil le haghaidh damhsóirí aerga in Éirinn ar fáil agus is spás don chruthaitheacht sa sorcas aerga ar scála idirnáisiúnta é freisin.
https://irishaerialcreationcentre.com/
Damhsa
Damhsa Éireann
Is é Damhsa Éireann an comhlacht ionadaíoch damhsa in Éirinn. Is eagraíocht bhallraíochta é a chuireann tacaíochtaí, acmhainní, faisnéis agus comhairle ar fáil. Oibríonn sé le healaíontóirí damhsa ag gach céim dá ngairmréim chun a bhforbairt ealaíonta agus ghairmiúil a chur chun cinn. https://www.danceireland.ie
Scannán
aemi
Tacaíonn aemi le healaíontóirí agus le déantóirí scannán trialach agus cuireann sé saothair íomhánna gluaisteacha ar taispeáint go rialta. Is é an príomhchuspóir atá ag aemi, ónar bunaíodh é in 2016, tacaíocht a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhíonn ag oibriú le híomhánna gluaisteacha d’fhonn cur leis an mbonneagar atá á fhorbairt timpeall na gcleachtas sin in Éirinn. https://aemi.ie/
Litríocht
Áras na Scríbhneoirí
Ionad acmhainní náisiúnta do litríocht na hÉireann is ea Áras na Scríbhneoirí. Féachann an tÁras le tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí ag gach céim dá bhforbairt.
https://irishwriterscentre.ie
Litríocht Éireann
Is í Litríocht Éireann an ghníomhaireacht náisiúnta in Éirinn chun litríocht na hÉireann a chur chun cinn thar lear. Oibrímid chun feasacht agus meas idirnáisiúnta ar litríocht chomhaimseartha na hÉireann a thógáil, agus is trí aistriúchán a thugtar faoin obair sin go príomha. http://www.literatureireland.com/
Ionad Litríochta na Mumhan
Tá Ionad Litríochta na Mumhan tiomanta do chur chun cinn agus do cheiliúradh na litríochta, go háirithe litríocht na Mumhan. Chuige sin, bíonn féilte, ceardlanna, reacaireachtaí agus comórtais á n-eagrú ag an eagraíocht. Is féidir leat tuilleadh a léamh fúthu anseo: http://www.munsterlit.ie/
Éigse Éireann
Is í Éigse Éireann an eagraíocht náisiúnta don fhilíocht in Éirinn agus tá sí tiomnaithe don fhilíocht a fhorbairt, tacú léi, agus í a chur chun cinn ar fud na hÉireann. https://www.poetryireland.ie/
Words Ireland
Is grúpa de sheacht n-eagraíocht litríochta é Words Ireland a oibríonn le chéile chun forbairt ghairmiúil chomhordaithe agus seirbhísí acmhainní a chur ar fáil d’earnáil na litríochta. http://wordsireland.ie
Ceol
An tIonad Ceoil Chomhaimseartha
Is é an tIonad Ceoil Chomhaimseartha acmhainn agus cartlann náisiúnta na hÉireann do cheol nua. Tacaíonn sé le cumadóirí ceoil nua in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus déanann sé ionadaíocht ar a son freisin. https://www.cmc.ie/
First Music Contact (FMC)
Is acmhainn faisnéise agus comhairle saor in aisce le haghaidh ceoltóirí agus na hearnála ceoil neamhspleáiche in Éirinn é First Music Contact (FMC). Cuireann FMC roinnt cláir forbartha gairmiúla ar fáil d’ealaíontóirí uaillmhianacha agus d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn. http://firstmusiccontact.com
Improvised Music Company (IMC)
Is eagraíocht acmhainní é Improvised Music Company (IMC) le haghaidh snagcheoltóirí Éireannacha agus snagcheoltóirí atá lonnaithe in Éirinn, agus cuireann sé snagcheol, ceol tobchumtha agus ceol eitneach chun cinn go speisialta in Éirinn. Tá rannóg atá tiomnaithe d’acmhainní le fáil ar a shuíomh gréasáin d’fhonn cuidiú le ceoltóirí ar feadh a ngairmeacha agus iad a threorú chomh maith: https://www.improvisedmusic.ie/
Music Network
Is é Music Network an eagraíocht náisiúnta camchuairte agus forbartha ceoil. I measc a cuid oibre tá clárú, camchuairteanna, faisnéis, tacaíocht agus comhairle bheartais a chur ar fáil maidir le ceol agus cláir forbartha gairmiúla le haghaidh ealaíontóirí. https://www.musicnetwork.ie
Na Taibhealaíona
Theatre Forum
Is é Theatre Forum an eagraíocht acmhainní agus ionadaíochta le haghaidh mhórphobal na dtaibhealaíon in Éirinn. Cuireann sé seimineáir, oiliúint agus fóram líonraithe ar fáil d’fhonn eolas agus saineolas a roinnt. Is féidir le baill Theatre Forum rochtain a fháil ar shraith uirlisí, teimpléad, bileog faisnéise agus acmhainní eile. Déanann sé taighde, tugann sé faoi fheachtais agus déanann sé abhcóideacht le haghaidh athrú dearfach leo siúd a oibríonn go gairmiúil in earnáil na dtaibhealaíon. Áirítear ionaid ealaíon agus ionaid tionóil, ealaíontóirí neamhspleácha, compántais léiriúcháin, léirithe, féilte ealaíon agus riarthóirí ealaíon i measc a gcomhaltaí. https://www.theatreforum.ie
Amharclannaíocht
Institiúid Téatair na hÉireann (ITI)
Is eagraíocht acmhainní amharclannaíochta í Institiúid Téatair na hÉireann (ITI). Tacaíonn sí le healaíontóirí amharclannaíochta gairmiúla chun gairmeacha inbhuanaithe a fhorbairt agus cuireann sí meantóireacht, oiliúint agus forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do d’amharclannóirí.
http://irishtheatreinstitute.ie
Na hEalaíona Traidisiúnta
Trad Ireland / Traid Éireann
Is eagraíocht acmhainní agus ionadaíochta é Trad Ireland / Traid Éireann a chuireann na healaíona traidisiúnta chun cinn ar fud na hÉireann. https://www.trad-ireland.com/
Cairdeas na bhFidiléirí
Tá Cairdeas na bhFidiléirí tiomnaithe do thaighde a dhéanamh ar stíl fidléireachta Dhún na nGall, tacaíocht a thabhairt di agus í a chur chun cinn.
http://www.cairdeasnabhfidileiri.com
Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA)
Cartlann náisiúnta í seo le haghaidh amhráin, cheol uirlise agus dhamhsa traidisiúnta na hÉireann. Is acmhainn í ITMA le haghaidh ceoltóirí, taighdeoirí agus an phobail i gcoitinne. Tá bailiúchán mór ilmheán aici, seirbhís fiosrúcháin, cláir ar thaifeadadh ar an láthair, foilsiú agus craoladh.
http://www.itma.ie
Na Píobairí Uilleann
Tá na Píobairí Uilleann tiomnaithe do dhéanamh agus do sheinm na bpíob uilleann agus traidisiún ceoil na hÉireann a fhorbairt agus a chur chun cinn. Cuirtear gníomhaíochtaí oiliúna, cartlainne, taighde agus oideachais ar fáil mar aon le ceolchoirmeacha.
http://www.pipers.ie
Na hAmharc-ealaíona
Visual Artists Ireland (VAI)
Is é Visual Artists Ireland (VAI) an comhlacht ionadaíoch le haghaidh amharc-ealaíontóirí gairmiúla in Éirinn. Tacaíonn VAI le hamharc-ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmeacha agus cuireann sé sraith de sheirbhísí ar fáil dóibh, lena n-áirítear deasc chabhrach faisnéise agus sraith de threoracha agus bileoga faisnéise ar líne. https://visualartists.ie
Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Leabhair Pháistí Éireann (CBI)
Is é CBI an eagraíocht náisiúnta leabhar do leanaí na hÉireann. Trína ghníomhaíochtaí agus imeachtaí, tá sé d’aidhm ag an eagraíocht go mbainfeadh daoine óga leas as leabhair, tuiscint níos leithne a spreagadh ar an tábhacht a bhaineann le leabhair do dhaoine óga agus feidhmiú mar acmhainn lárnach dóibh siúd a bhfuil suim acu i leabhair do leanaí in Éirinn. Tá sé tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’údair agus do mhaisitheoirí leabhar do leanaí faoina mhisean.
https://childrensbooksireland.ie
Cumann Cheolfhoirne na nÓg in Éirinn
Is eagraíocht bhallraíochta náisiúnta í seo le haghaidh cheolfhoirne na n-óg in Éirinn. Cuireann sí seirbhísí, áiseanna agus acmhainní ar fáil le haghaidh ceolfhoirne áitiúla agus réigiúnacha.
http://www.iayo.ie/
Comhairle Náisiúnta na nÓg
Tacaíonn clár ealaíne don óige de chuid Chomhairle Náisiúnta na nÓg le heagraíochtaí ar mian leo cláir ealaíne a reáchtáil agus chuireann sí comhairle ar fáil ina leith. https://www.youtharts.ie/programmes/youth-arts/
Youth Theatre Ireland
Is é seo an eagraíocht forbartha náisiúnta le haghaidh amharclannaíocht agus dhrámaíocht na hóige in Éirinn. Is é Youth Theatre Ireland an eagraíocht forbartha náisiúnta le haghaidh amharclannaíocht do dhaoine óga in Éirinn, agus tugtar faoin obair sin trí chláir ealaíon, eolas agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil mar aon le comhairle i leith beartas.
http://www.youthdrama.ie
Treoracha Digiteacha – Bailiúchán Acmhainní le haghaidh Ealaíontóirí
Mar chuid de fhreagairt na Comhairle Ealaíon ar ghéarchéim COVID-19, chruthaíomar roinnt treoracha digiteacha chun cuidiú le healaíontóirí i raon leathan foirmeacha ealaíne chun na gnéithe bunúsacha a bhaineann lena saothar a scaipeadh ar line.
Is é is aidhm leis na treoracha sin cruthú agus roinnt cáipéisí digiteacha a dhéanamh níos soiléire ionas go mbeidh ealaíontóirí in ann a gcuid saothar a thaispeáint ar líne. Tá súil againn go gcuideoidh na hacmhainní sin le cleachtóirí lucht féachana nua a bhaint amach dá saothair le linn na géarchéime seo agus amach anseo.
Is féidir breathnú ar na treoracha sin ag http://www.artscouncil.ie/digital-guides/
Cuireann sé an-áthas orainn íomhánna de shaothair ealaíontóirí a fháil ar féidir linn a úsáid ar ár suíomh gréasáin, ar ár gcainéil mheán sóisialta nó inár bhfoilseacháin. Más mian leat d’íomhánna a roinnt linn, is féidir iad sheoladh chugainn trínár mbanc d’íomhánna ar líne ag www.artscouncil.ie/imagebank