Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon go mbeadh deis ag leanaí agus daoine óga gach saghas ealaíon a chruthú, a roinnt agus taitneamh a bhaint astu.
Cuimsíonn na healaíona damhsa, ceol, filíocht, scannáin, drámaí a chur ar siúl, freastal ar sheónna, rudaí a chruthú, rudaí a dhearadh agus go leor eile...
Tá sé de cheart ag leanaí páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha. Is cuid é seo de Choinbhinsiún um Chearta an Linbh de chuid na Náisiún Aontaithe.
Tá pleanáil agus soláthar do leanaí agus do dhaoine óga mar chuid de straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon
Déantar seo trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
Infheistíocht a dhéanamh in
ealaíontóirí, i ngrúpaí agus eagraíochtaí a cruthaíonn ealaín do leanaí agus do
dhaoine óga agus in éineacht leo
Oibriú i gcomhpháirt le ranna
rialtais agus le páirtithe eile atá in ann cuidiú le páistí a bheith
rannpháirteach sna healaíona.
Infheistíocht a
dhéanamh i dtaighde a thugann cúnamh
dúinn foghlaim faoi rannpháirtíocht na bpáistí sna healaíona
Spreagadh a thabhairt do pháistí
agus do dhaoine óga a gcuid smaointe a roinnt agus éisteacht leis an méid atá le rá acu
Straitéis na Comhairle Ealaíon
Leagtar béim ar leith i straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (2016-2025), ar an riachtanas atá ann pleanáil agus soláthar do leanaí agus do dhaoine óga. Seo a leanas na gníomhartha sa réimse sin:
•T acóimid le lárnacht na n-ealaíon in oideachas foirmiúil ag gach leibhéal agus le soláthar ardchaighdeáin gairmoiliúna sna healaíona
• Oibreoimid leis an Roinn Ealaíon agus leis an Roinn Oideachais chun forfheidhmiú iomlán na Cairte um na hEalaíona san Oideachas a bhaint amach
• Déanfaimid infheistíocht in ealaíontóirí, in eagraíochtaí ealaíon agus i bpríomhchláir atá tiomanta d’ardchaighdeán saothair in ealaíona san oideachas agus in ealaíona na n-óg a;fhorbairt, agus tacóimid le soláthar taithí ealaíon shármhaith do dhaoine óga san fhearann poiblí
• Beidh soláthar do leanaí agus do dhaoine óga mar phríomhfhócas dár gcaidreamh leis an rialtas áitiúil
• Ionchorpróimid ár dtiomantas do dhaoine óga i bpríomhshruth ár gcinnteoireachta, agus nuair is cuí, inár gcomhaontuithe maoinithe le heagraíochtaí ealaíon.
Forbairt Beartais na Comhairle Ealaíon - Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Táimid ag déanamh athbhreithniú ar ár mbeartas sa réimse seo faoi láthair agus beimid ag forbairt na dtosaíochtaí atá againn do na blianta amach romhainn.
Le cuidiú ó ghrúpa comhairleach leanaí agus daoine óga, tá suirbhé do leanaí agus daoine óga in Éirinn forbartha againn ionas go mbeimid in ann a gcuid tuairimí a chloisteáil. Más mian leat cóipeanna den tsuirbhé a roinnt leis na leanaí agus na daoine óga a bhfuil tú ag obair leo, téigh i dteagmháil le ypce@artscouncil.ie.
Dá mba rud é gur mhaith leat féin nó d’eagraíocht do chuid tuairimí a roinnt mar chuid den phróiseas seo, téigh i dteagmháil le ypce@artscouncil.ie chun tuilleadh eolais a fháil.