Students from Coláiste Ailigh perform during Scoileanna lldánacha Celebration Week 2019. Balor Arts Centre, Donegal. Grianghraf: Liam Kidney.
Tá sé mar aidhm ag tionscnamh na Scoileanna Ildánacha na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na bpáistí agus na ndaoine óga
Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tarraingíonn Scoileanna Ildánacha, Arts Rich Schools/Arís mar a bhí, ar thiomantais a leagadh amach sa Chairt um na hEalaíona san Oideachas.
Tuigfear, forbrófar agus ceiliúrfar sa tionscnamh seo na healaíona agus an chruthaitheacht i scoileanna. Bunóidh sé raon deiseanna comhoibritheacha do scoileanna agus forbróidh agus láidreoidh sé na caidrimh idir scoileanna agus an bonneagar cultúrtha agus pobail níos leithe ina bhfeidhmíonn siad. Is é an aidhm fhadtéarmach atá ag gach scoil go dtacófar agus go nglacfar go hiomlán leis na healaíona agus le cruthaitheacht, lena chinntiú go mbeidh taithí agus torthaí láidre, dearfacha ag leanaí agus daoine óga.