Beidh Comhdháil Lucht Déanta
Féilte (Change Makers roimhe seo) ar siúl Déardaoin, 11
Bealtaine agus Dé hAoine, 12 Bealtaine, 2023 i gCathair na Gaillimhe, á cur i láthair ag an gComhairle Ealaíon, i gcomhar le Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta in Ollscoil na Gaillimhe agus Deasc na hEorpa Cruthaithí, Éire. Cuirfidh an
chomhdháil dhá lá deiseanna ar fáil do lucht déanta féilte, páirtithe leasmhara féilte agus ealaíontóirí a chruthaíonn saothar i gcomhthéacs féile smaointe a mhalartú, bheith ag roinnt, forbairtí san earnáil a mhapáil agus cleachtais a bhaineann le
féilte in Éirinn a phlé.
30.04.23
An Chomhairle Ealaíon tar
éis spreagaitheascóir don Chomhdháil LUCHT DÉANTA FÉILTE, an 11-12 Bealtaine,
2023, a fhógairt
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis a fhógairt gurb í Kim Cook, Stiúrthóir, Creative Initiatives ón Burning Man Festival in Nevada, SAM, an spreagaitheascóir don Chomhdháil LUCHT DÉANTA FÉILTE i nGaillimh an mhí seo.
Is straitéisí cultúrtha agus déantóir féilte í Kim a oibríonn ag teorainneacha na gcomhoibrithe ealaíne idirnáisiúnta lena leathnaítear an cultúr Burning Man sa saol. Ag tarraingt ar thaithí dhomhain agus éagsúil i gcomhfhorbairt áiteanna cruthaitheacha,
sna taibhealaíona, agus in airgeadas neamhbhrabúis, éiríonn le Kim tionscadail uirbeacha, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta a thógáil a mhéadaíonn comhthuiscint, a chuireann folláine shibhialta chun cinn, a ardaíonn rannpháirtíocht chultúrtha,
agus a chuireann gnéithe dearaidh aeistéitiúla na bpobal chun cinn.
Beidh an eochairaitheasc ar siúl ar an 11 Bealtaine in Amharclann Halla an Bhaile, Gaillimh agus beidh seisiún Ceisteanna
& Freagraí ina dhiaidh sin le toscairí. Beidh Kim i láthair freisin thar an dá lá, ag cur leis an gcomhrá le féilte Éireannacha agus le páirtithe leasmhara na féile.
15.04.23
Cainteoirí Elevator
Pitches/Feasachán na Féile dearbhaithe
Roghnaíodh naonúr cainteoirí chun cur i láthair 5 nóiméad a roinnt a thabharfaidh léargas ar chleachtas na bhféilte atá ar siúl ar fud na hÉireann. Roinnfidh féilte agus páirtithe leasmhara féilte ó gach cearn den tír, ag feidhmiú i gcomhthéacsanna éagsúla
agus i bhfoirmeacha ealaíne éagsúla, a gcuid foghlama agus léargas le toscairí comhdhála. I measc na n-ábhar tá: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht i bhféilte; cláreagrú do leanaí; meantóireacht ghairmiúil d'fhéilte beaga; agus comhoibriú
ar fud féilte trí mhúnlaí cuibhreannais.
Tá liosta de na rannpháirtithe agus a n-eagraíochtaí liostaithe thíos.
Beidh naonúr cainteoirí i láthair thar an dá lá agus tá siad sásta bualadh le toscairí eile chun smaointe a roinnt agus mionphlé a dhéanamh ar a gcuir i láthair.
- ‘Lucht Féachana/Éisteachta
na bhFéilte agus an tEispéireas Digiteach’ – FADE (Lucht Féachana/Éisteachta na bhFéilte agus an tEispéireas
Digiteach), OT Baile Átha Cliath
- ‘Foireann Uirlisí CÉI do
Dhéantóirí Féile; Bailiú Sonraí agus Éagsúlacht i gCláreagrú’ – Trad Fest, Barra an Teampaill
- ‘Comhfhorbairt Áiteanna Trí
Fhéilte’ – Architecture at the Edge
- ‘Féilte atá Fiáin ó Nádúr’ – de chuid First Fortnight thar ceann Chuibhreannas na bhFéilte atá Fiáin ó Nádúr
- ‘Tá Tábhacht le
Cónaitheachtaí d’Ealaíontóirí’ – ISACS
- Cláreagrú do leanaí i bhféilte: ’Rannpháirtíocht Leanaí i gCleachtas’ agus ’Éagsúlacht
a Chothú i Measc Déantóirí’ – Féile Leanaí; Bualadh Bos, Amharclann an Lime Tree agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró do Pháistí
- ‘Crèche na Féile –
Meantóireacht i bhFéilte’ – Féile Ealaíon an Chabháin
- ‘Lucht Féachana/Éisteachta
na nEalaíon a Fhorbairt i gComhpháirtíocht’ – Féile Acomhal Chluain Meala thar ceann Chomhpháirtíocht
Ealaíon Chluain Meala.
30.03.23
Cabhraigh linn COMHDHÁIL NÍOS GLAINE a
chruthú!
D'fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon sraith gníomhartha intomhaiste atá níos glaise chun a chinntiú go mbeidh tionchar íseal comhshaoil agus lorg carbóin níos ísle ag comhdháil Lucht Déanta Féile. Is féidir leo siúd atá ag freastal ar chlár na comhdhála
cabhrú ach na bearta seo a leanas a dhéanamh:
- Úsáid iompar poiblí nuair is féidir le haghaidh do thurais chuig an gcomhdháil agus ón gcomhdháil. Is féidir faisnéis faoi naisc iompair a fháil anseo mar
aon le faisnéis faoi scéimeanna rothair leictreacha atá ar fáil i gCathair na Gaillimhe.
- Sa chás ina bhféadfadh nach mbeadh iompar poiblí ina rogha, bain úsáid as feithiclí leictreacha; i gcás nach bhfuil feithiclí leictreacha ar fáil, smaoinigh ar charr-roinnt le toscairí comhdhála eile ionas gur féidir le níos mó daoine taisteal i bhfeithicil.
- Tabhair 'cupáin choinneála‘ leat le haghaidh tae agus caife agus/nó buidéil uisce le haghaidh athúsáide chun plaistigh agus ábhair aonúsáide a laghdú.
- Laghdaigh an spleáchas ar ábhair chlóite Molaimid duit aon phrionta amhail bróisiúir, preabmheirgí etc. a athúsáid. Nuair is féidir, molaimid duit do chuid faisnéise a roinnt trí mheáin dhigiteacha (suíomhanna gréasáin, ardáin néal-bunaithe etc.).
- B.Y.O.L (Tabhair leat do Láinnéar féin!) Más toscaire comhdhála tú, ba cheart duit láinnéir a thabhairt leat le haghaidh do phas comhdhála chun táirgeadh na n-ábhar seo a laghdú.
- Déan Athchúrsáil – Sa chás go n-úsáidtear ábhair chlóite, smaoinigh ar ábhair in-athchúrsáilte a úsáid chun a chinntiú gur féidir iad a athúsáid.
Is féidir gach eolas faoi thiomantais Chomhdháil Níos Glaine de chuid na Comhairle Ealaíon a fháil anseo.
23.03.23
Tabhair Leat do Láinnéar Féin - Glaoch
chun gnímh do thoscairí comhdhála na féile!
Mar chuid dá comhpháirtíocht le Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta in Ollscoil na Gaillimhe agus le Deasc na hEorpa Cruthaithí Éire, glacfaidh an Chomhairle Ealaíon le cuir chuige chun a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú ag an gCOMHDHÁIL LUCHT DÉANTA FÉILE atá le teacht i nGaillimh
ar an 11 agus 12 Bealtaine. Cuireann téama na comhdhála, ‘tírdhreach athraitheach na féile’ bonn eolais faoi chlár éagsúil ceardlann, díospóireachtaí painéil, imeachtaí taoibh agus líonraithe, ina léirítear an chaoi a bhfuil féilte tar
éis dul in oiriúint agus teacht chun cinn le blianta beaga anuas.
Tá an dá lá tiomnaithe do thacú le hacmhainn na bhféile a fhorbairt. Beidh deis speisialta agus fhiúntach ag féilte ealaíon, páirtithe leasmhara féilte agus ealaíontóirí ag déanamh saothair i gcomhthéacs féile teacht le chéile ag an gcomhdháil chun foghlaim
óna chéile agus chun scileanna agus eolas a roinnt le chéile.
Is féidir teacht ar eolas ar chlár na comhdhála lae anseo.
Agus bonn eolais curtha ag Beartas nua na Comhairle Ealaíon um Ghníomhú ar son na hAeráide, glacfaidh foireann na comhdhála le cuir chuige chun a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú le sraith
tiomantais Imeacht Níos Glaine; gníomhartha trína ndéanfaimid ár meastóireacht a
thagarmharcáil. Áirítear leis seo ábhair a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil, ag úsáid díoltóirí áitiúla chun tionchair chomhshaoil a laghdú agus gairm chun gnímh do thoscairí chun iompar poiblí/carr-roinnt a úsáid.
Tiocfar ar réitigh chruthaitheacha chun na gníomhartha sin a bhaint amach, lena n-áirítear cláir chomhdhála digití a tháirgeadh agus ábhair chomhdhála a laghdú.
Leis an aidhm sin ar intinn againn táimid
ag iarraidh ar thoscairí a láinnéir féin agus ‘málaí gualainne’,
agus a ‘gcupáin choinneála’ féin a thabhairt isteach agus le hathúsáid agus
úsáid nua a thabhairt do na hábhair sin le haghaidh an dá lá i nGaillimh.
20.02.23
Tá aighneachtaí cainteoirí ó
eagraíochtaí féilte, páirtithe leasmhara féilte, agus ealaíontóirí atá ag obair
i gcomhthéacs féilte á lorg ag an gComhairle Ealaíon.
Seisiún Cur i Láthair gairid
Mar chuid de chlár chomhdháil LUCHT DÉANTA FÉILTE, tá cuir i láthair ghearra 5 nóiméad ar fhad agus i bpearsan á lorg againn ina ndéanfaí forbairtí a roinnt leis an earnáil féilte. Tá am á chur ar leataobh i gclár na comhdhála chun féilte nó iad siúd
a oibríonn le féilte a éascú le nuacht, nuashonruithe, nó tionscnaimh nua a roinnt.
Tá sé i gceist againn 10 gcainteoir a roghnú a chuirfidh a gcuid faisnéise i láthair dá gcomhthoscairí comhdhála. Féadfaidh na cainteoirí a bheith ina n-ealaíontóirí aonair, oifigigh ealaíon ó údaráis áitiúla, páirtithe leasmhara féilte nó as eagraíochtaí
féilte. Iarrtar ar chainteoirí cur i láthair a mhaireann suas le cúig nóiméad a dhéanamh ar ábhar amháin. Is é aidhm an tseisiúin seo ná nuashonrú a thabhairt d’fhéilte maidir le forbairtí i bhféilte timpeall na tíre. Ba cheart go mbeadh an topaic
ábhartha d’fhéilte in Éirinn. Tugtar moltaí sa liosta thíos mar threoir: Iarratas ar pháirtithe féilte páirt a ghlacadh i dtionscnamh nó i dtionscadal
- Nuashonrú maidir le taighde ar thug féile faoi
- Samhlacha comhpháirtíochta a roinnt (amhail acmhainní nó faisnéis a roinnt/ líonrú)
- Samhail cuibhreannais féile a roinnt (an chaoi ar tháinig forbairt uirthi, aidhm na heagraíochta, a cuid oibre go dtí seo)
- Eagraíocht féile ag lorg meantóireachta
- Eolas maidir le tionscnaimh nua ba mhaith leat a roinnt, amhail gníomhartha aeráide, forbairtí comhionannais agus éagsúlachta, samhaltú na féile moille,
- Straitéisí féile/tionscnaimh féile údarás áitiúil a roinnt
- An chaoi a n-oibríonn d’fhéile i gcomhar leis an bpobal (cleachtas rannpháirteach sóisialta/ forbairt ealaíne saoránach).
- Obair le páirtithe Idirnáisiúnta nó cén chaoi le naisc Idirnáisiúnta a fhorbairt mar fhéile.
Conas aighneacht a dhéanamh
Chun aighneacht maidir le cur i láthair gairid a dhéanamh seol ríomhphost chuig festivalmakers@artscouncil.ie agus bíodh ELEVATOR PITCH i líne an ábhair. Cuir do chuid sonraí teagmhála
agus ainm na féile lena mbaineann sé ar fáil dúinn, chomh maith le 150 focal ar a mhéad a thugann achoimre ar do smaoineamh agus ar an méid ba mhaith leat a roinnt. Tabhair faoi deara, le do thoil, go n-aireofar agus muid ag roghnú na gcainteoirí,
an smaoineamh, samhail an chleachtais, agus an suíomh, le cinntiú go mbeidh ionadaíocht leathan saothar ann ó cheann ceann na tíre.
Spriocdháta d’aighneachtaí, Dé hAoine, 3
Márta, 2023.
Má bhíonn ceist ar bith eile agat déan teagmháil le martin.rochford@artscouncil.ie