Aithníonn an Chomhairle Ealaíon an éagsúlacht shaibhir de réimsí cleachtais foirm ealaíne a chuireann féilte i láthair agus an ról ríthábhachtach atá acu chun rochtain an phobail ar na healaíona a leathnú. Bíonn féilte lárnach go minic do phobal ag cur a aitheantas áitiúil i láthair agus é a fhiosrú, chun rochtain a chur ar fáil do na healaíona i réimsí rannpháirtíochta ísle agus chun deiseanna suntasacha a chur ar fáil d’ealaíontóirí lena gcleachtas a fhorbairt.
Russango Family, First Fortnight. Tramline, Dublin 2017. (Grianghraf: Kieran Frost)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do féilte agus imeachtaí agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Féilte ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis 2018 maidir le Féilte (PDF, 0.57 MB).
Cuireann siad réimse tacaíochtaí airgeadais ar fáil do mhúnlaí féile éagsúla
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, tacaíocht d’fhéilte beaga chun taithí ealaíon ardchaighdeáin a sheachadadh do lucht féachana agus cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.
Is minic gur buaicphointí cultúrtha na bliana iad na féilte a reáchtáiltear i bpobail ar fud na hÉireann, idir bheag agus mhór. Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht airgeadais do roinnt féilte a phléann leis an aon fhoirm ealaíne amháin (m.sh. téatar, damhsa, scannáin) agus tugtar tacaíocht do na féilte sin i gcomhthéacs na mbeartas a bhaineann leis na foirmeacha ealaíne sin. Tacaímid le cuid mhór féilte ealaíon ildisciplíneach chomh maith, is iad siúd na féilte sin a bhfuil clár foirmeacha éagsúla ealaíne acu, lena n-áirítear litríocht, ceol, ealaíona sráide, téatar, amharcealaíona agus réimsí éagsúla de chleachtadh na n-ealaíon.
In 2017, rinne an Chomhairle Ealaíon na nithe seo:
- thug sí tacaíocht mhaoinithe do 155 féile beag ar fud na hÉireann i ngach contae agus gach foirm ealaíne
- Thug sí isteach Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS). Thug sí isteach sruth maoinithe athchalabraithe (dírithe ar infheistíocht straitéiseach d’fhéilte beaga agus chun deiseanna a chur ar fáil dá dtógáil cumais) ailínithe do straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Seoladh an scéim nua i mí Dheireadh Fómhair 2017 le tiomantas buiséad méadaithe €1.4 milliún.
- thacaigh sí le 22 Údarás Áitiúil le maoiniú chun féilte a chur ar siúl ina gceantair áitiúla
- Thug sí isteach Maoiniú Straitéiseach a chinntigh leanúnachas na tacaíochta bliantúla do 8 bhféile ildisciplíneacha agus maoiniú do 18 bhféile foirm ealaíne aonair ar fud na hÉireann. B’ionann an infheistíocht iomlán i maoiniú straitéiseach do réimse na féile ealaíon in 2017 agus €5.95 milliún
Tá sé mar aidhm ag an gComhairle Ealaíon tacú le féilte:
- a dhéanann obair an-tábhachtach ar son cleachtadh nuálach ealaíne agus a chuireann eispéireas ealaíne ar fáil do lucht féachana agus éisteachta atá mór agus ilghnéitheach
- a chuidíonn le healaíontóirí a gcleachtadh a fhorbairt
- a bhfuil rún ann léiriú a dhéanamh ar na healaíona ar shlite nua agus ar shlite dúshlánacha, agus a bhfuil rún ann lucht leanúna agus éisteachta a thabhairt chun cinn agus a n-aird a tharraingt ar shaothar den chineál sin.