This website uses cookies to collect information about how you use this site.
This information is used to make the website work as well as possible. More details are available in the Arts Council's Cookie Policy and Privacy Policy.
Faigh amach níos mó faoi straitéis forbartha leanúnach na Comhairle Ealaíon.
Baile Tionscnaimh Tionscadail Gairmeacha Oscailte
Liostáil le nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
Cumfaidh Lorcán Mac Mathúna sraith amhrán atá bunaithe ar scríbhneoireacht agus idéil cheannairí Éirí Amach na Cásca agus cuirfidh sé i láthair iad i gclár ceolchoirme a bheidh ar siúl ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2016 agus ag Féile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill.
Choimisiúnaigh Áras na Scríbhneoirí seisear filí comhaimseartha chun sé dhán a chumadh agus a aithris, agus déanfaidh siad machnamh ar phearsa, ar shuíomh nó ar imeacht suntasach a bhaineann leis an Éirí Amach.
Coimeádfaidh Niamh Murphy agus Áine Phillips imeacht beo ealaíne agus cultúir ó éirí go luí na gréine le 16 ealaíontóir Éireannacha ag Príosún Chill Mhaighneann chun freagairt dá bhainteacht stairiúil íocónach le hÉirí Amach 1916.
Comhoibriú is an In the Shadow of the State idir amharc-ealaíontóirí, Sarah Browne agus Jesse Jones, ina ndéantar iniúchadh ar a bheith ina stát ó pheirspictíocht corp mná de.
Cruthóidh an cóiréagrafaí Fearghus Ó Conchúir léiriú ar stáitse, féile dhamhsa, scannán damhsa, siompóisiam acadúil agus sraith deiseanna rannpháirtíochtai dtaobh Roger Casement.
Cruthóidh Rita Duffy siopa i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath a bheidh líonta le bia-ábhair, earraí, cógais, agus beidh íomhánna ann d’Éirí Amach 1916 agus a laochra, fite isteach i gnáthrudaí laethúla.
Cruthóidh ANU agus Téatar Damhsa CoisCéim léiriú beo agus suiteáil scannáin lena gcorpraítear damhsa, amharclannaíocht agus na hamharcealaíona atá bunaithe ar theagmhas stairiúil a tharla ar Shráid an Rí Uachtarach, Baile Átha Cliath in Aibreán 1916 inar maraíodh 15 fhear shibhialtacha.
Déanfaidh Willie Doherty saothar físeáin úr ina ndéantar scrúdú ar oidhreacht Éirí Amach na Cásca 1916. Bainfear leas sa saothar as suim Doherty sa chaidreamh idir an tírdhreach agus an chuimhne, agus cuirfear ar scannán é i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath.