
Beidh Scoileanna Ildánacha 2023 ag glacadh le hiarratais ón 11 Aibreán 2023 go dtí an spriocdháta ag 17.30 Déardaoin, 15
Meitheamh 2023.
Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil atá aitheanta ag an Roinn Oideachais mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
Tacaíocht ón gclár
Tacaíonn Scoileanna Ildánacha le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus le hionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaolta leanaí agus daoine óga.
Tacaíonn an tionscadal le scoileanna/ionaid chun deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga a chur ar fáil chun a gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheacha a fhorbairt, agus chun bealaí oibre nua a spreagadh lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar
a gcumas foghlama agus ar a bhfolláine.
Glacann scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála, a théann leis an gclár, páirt in aistear treoraithe dhá bhliain chun Plean Scoileanna Ildánacha a fhorbairt le haghaidh a scoile nó a n-ionaid féin, agus gníomhú dá réir. Tá rannpháirtíocht leanaí agus
daoine óga sa phleanáil, sa chinnteoireacht agus sa mhachnamh, lárnach san aistear.
Cuirtear trí phríomhthacaíocht phraiticiúla ar fáil tríd an gclár:
- Tacaíocht chruthaitheach agus sainchomhairle ó Chomhlach Cruthaitheach atá sannta do gach scoil/ionad
- Oiliúint agus líonrú
- Maoiniú i dtreo gníomhaíochtaí a eascraíonn as Pleananna Scoileanna Ildánacha.
Treoirlínte do na hiarratais 2023
Tá na treoirlínte le haghaidh iarratas ar fáil anseo. Déantar gach iarratas chuig an gComhairle Ealaíon trí chóras Seirbhísí ar Líne de chuid
na Comhairle Ealaíon. Chun teacht ar an bhfoirm iarratais agus chun iarratas a dhéanamh, socraigh cuntas eagraíochta do do scoil nó d'ionad Ógtheagmhála ar chóras seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Clinicí faisnéise
Bí linn do cheann dár gclinicí faisnéise ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.
- Dé Luain, 15
Bealtaine 2023 ag 16.00-17.00. Cuir ticéad in áirithe anseo
- Dé Máirt, 16 Bealtaine 2023 ag 16.00-17.00. Cuir ticéad in áirithe anseo
Eolas breise
Tá físeán gearr maidir le haistear na Scoileanna Ildánacha ar fáil ar leathanach acmhainní na gComhordaitheoirí Scoile anseo.
Ceisteanna
Coitianta
Ni mór duit cuntas a
shocrú do do scoil/ionad ar chóras
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon (OLS) chun rochtain a fháil
ar an bhfoirm iarratais agus chun d’iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle
Ealaíon. Nuair a shocraíonn tú an cuntas seo, cláraigh do scoil/ionad mar
‘eagraíocht/ghrúpa’ le do thoil (seachas mar dhuine aonair). Déan cinnte go bhfuil ainm do
scoile/d’ionaid mar an gcéanna leis an ainm a úsáidtear ar chuntas bainc do
scoile/ionaid.
Nuair atá tú cláraithe eiseofar uimhir thagartha ‘ARN’
chugat le haghaidh do scoile/ionaid.
Bain úsáid as
uimhir thagartha (‘ARN’) do scoile/ionaid chun logáil isteach sa choras
Seirbhísí ar Líne.
Sa
chás go bhfuil do scoil/d’ionad cláraithe le Seirbhísí ar Líne na Comhairle
Ealaíon cheana féin, ní gá duit clárú arís. Ba cheart duit ARN (uimhir
thagartha) do scoile/d’ionaid a úsáid chun logáil isteach agus iarratas a
dhéanamh. Tá na Treoirlínte D’Iarratasóirí ar fáil anseo.
Cliceáil ar chóras
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon (OLS) anseo
chun chuntas a shocrú do do scoil/ionad.
Ni mór duit cuntas a
shocrú do do scoil/ionad ar chóras Seirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon (OLS) chun rochtain a fháil ar an
bhfoirm iarratais agus chun d’iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Ealaíon.
Nuair a shocraíonn tú an cuntas seo, cláraigh do scoil/ionad mar
‘eagraíocht/ghrúpa’ le do thoil (seachas mar dhuine aonair). Déan cinnte go bhfuil ainm do
scoile/d’ionaid mar an gcéanna leis an ainm a úsáidtear ar chuntas bainc do
scoile/ionaid.
Laistigh
de chúig lá oibre, seolfar Uimhir Thagartha Ealaíne (ARN) uathúil agus
pasfhocal chugat trí ríomhphost, agus beidh tú in ann úsáid a bhaint astu chun
logáil isteach i gcuntas na scoile/an ionaid ar chóras Sheirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon agus rochtain a fháil ar an bhfoirm iarratais. Fad atá tú ag fanacht le
bheith cláraithe, léigh na Treóirlínte
D’Iarratasóirí go mion agus breathnaigh ar na ceisteanna coitianta.
Sa chás go bhfuil do scoil/d’ionad cláraithe le
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon cheana féin, ní gá duit clárú arís. Ba
cheart duit ARN (uimhir thagartha) do scoile/d’ionaid a úsáid chun logáil
isteach agus iarratas a dhéanamh. Tá na Treoirlínte D’Iarratasóirí ar fáil anseo.
Ní mór duit cuntas a shocrú do
do scoil/ionad ar chóras Seirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon (OLS) chun rochtain a fháil ar an
bhfoirm iarratais agus chun d’iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Ealaíon.
Ní mór duit d’iarratas a chur isteach ar chóras Seirbhísí
ar Líne na Comhairle Ealaíon.
Sa
chás nach bhfuil cuntas Seirbhísí ar Líne ag do scoil/d’ionad, tosaigh ceann anseo
le do thoil.
Ní féidir. Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí Sheirbhísí
ar Líne na Comhairle Ealaíon. Ní ghlacfar le hiarratais a dhéanfar
ar bhealach ar bith eile (sa phost, ar facs ná ar ríomhphost).
Sa
chás nach bhfuil cuntas Seirbhísí ar Líne ag do scoil/d’ionad, tosaigh ceann anseo
le do thoil.
Is ‘Uimhir Thagartha Ealaíne’ do
scoile/ionaid é ARN, agus is é sin uimhir thagartha comhaid do scoile/ionaid sa
Chomhairle Ealaíon. Beidh sé seo ag
teastáil uait chun rochtain a fháil ar do chuntas Seirbhísí ar Líne.
Is féidir leat dul i
dteagmháil le foireann na Scoileanna Ildánacha agus tabharfaidh siad ARN
(uimhir thagartha) do scoile/ionaid duit. Ríomhphost: creativeschools@artscouncil.ie
Má bronnadh Scoileanna Ildánacha ort cheana féin, is
féidir leat tagairt a dhéanamh don chomhfhreagras a fuair tú ón gComhairle
Ealaíon ag tairiscint na dámhachtana duit, agus beidh ARN do scoile/ionad ann.
Ar an leathanach
don logáil isteach le haghaidh chóras
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon, tá rogha ann ‘Rinne mé dearmad ar mo
phasfhocal’ a roghnú. Nuair a
chliceálann tú air seo, ginfidh an córas pasfhocal nua do do scoil, agus
seolfaidh sé go huathoibríoch é chuig an seoladh ríomhphoist atá curtha isteach
agat i do chuntas Seirbhísí ar Líne.
Ní gá. Sábhálann tú
cóip den fhoirm iarratais ar do ríomhaire féin, agus comhlánaíonn tú as líne
í. Is féidir leat filleadh uirthi ar do
chaoithiúlacht. Nuair a bhíonn tú féin agus do chomhghleacaithe sásta le d’fhoirm
iarratais chomhlánaithe, logálann tú ar chuntas Seirbhísí ar Líne do scoile
arís chun an fhoirm a uaslódáil agus chun an t-iarratas a chur isteach chuig an
gComhairle Ealaíon.
Ní
chaithfidh. Ní bheidh ort na sonraí sin a sholáthar ach amháin sa chás go
mbronntar deontas ort.
Is féidir, tá na Treoirlínte
D’Iarratasóirí agus foirm iarratais ar fáil trí Ghaeilge agus trí
Bhéarla araon trí chóras
Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Fáiltímid roimh
iarratais trí Ghaeilge.
Ar an drochuair, ní féidir. Má tá am
fágtha fós roimh spriocdháta an iarratais, is féidir
leat d’fhoirm a cheartú ar do ríomhaire as líne, agus ansin logáil isteach ar Sheirbhísí
ar Líne agus iarratas nua a chur isteach. Is féidir linn an t-iarratas a
fuarthas níos luaithe a tharraingt amach.
Cuirfear réimse tacaíochtaí ar fáil do scoileanna/ionaid rannpháirteacha
lena n-áirítear oibriú le Comhlach Cruthaitheach chun tacú leo a bPlean
Scoileanna Ildánacha a chruthú, agus deontas bunráta dar luach €4,000 (san
iomlán) chun a gcuid pleananna a chur chun feidhme thar an dá scoilbhliain
2023–24 agus 2024–25.
Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil atá
aitheanta ag an Roinn Oideachais mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh
páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun
iarratas a dhéanamh. Tá na Treoirlínte D’Iarratasóirí ar fáil anseo.
Féach freisin ceist 15 maidir le Braislí Ildánacha.
Féadfaidh scoileanna/ionaid incháilithe iarratas a
dhéanamh ar thionscnamh Scoileanna Ildánacha 2023 agus ar thionscnamh Braislí
Ildánacha 2023. Ní féidir le scoileanna/ionaid páirt a ghlacadh sa dá
thionscnamh ag an am céanna, áfach. Fágann sé seo gur féidir le
scoileanna/ionaid a chuireann isteach ar an dá thionscnamh go rathúil glacadh
le tairiscint ó Scoileanna Ildánacha 2023 nó ó Bhraislí Ildánacha 2023.
Is tionscnamh é Braislí Ildánacha de chuid na Roinne
Oideachais, faoi cheannas agus i gcomhpháirtíocht le 21 Ionad Oideachais do
Mhúinteoirí lánaimseartha (Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann). Tá na Braislí
Ildánacha á maoiniú trí Chiste Sármhaitheasa Scoileanna.
Níl, is tionscnaimh ar leithligh iad.
Tá siad araon faoin gcolún ‘Óige Ildánach’ de chlár Éire Ildánach agus sa Phlean
Óige Ildánach.
Iarraimid ort intinn oscailte a
choinneáil agus gan pleananna a shocrú duit féin do thionscadail ná d’imeachtaí
ar leith ag céim an iarratais. Mar sin féin, i d’fhoirm iarratais, sainaithin
tosaíochtaí forbartha do scoile/ionaid agus tabhair eolas eile a spreagann na
ceisteanna san fhoirm iarratais. Má roghnaítear do scoil/ionad chun páirt a
ghlacadh sa chlár, ceapfar Comhlach Cruthaitheach duit, a thacóidh leat féin
agus leis na leanaí/na daoine óga i do scoil/ionad chun do Phlean Scoileanna
Ildánacha a thógáil le chéile.
Soláthraíonn na Treoirlínte
D’Iarratasóirí anseo eolas faoi Scoileanna Ildánacha agus cad ba cheart a chur san áireamh i
d’iarratas.
Ainmníonn
gach scoil/ionad rannpháirteach Comhordaitheoir Scoileanna
Ildánacha le bheith rannpháirtíocht sa tionscnamh. Ní mór go mbeadh an
príomhoide nó múinteoir sin fostaithe sa scoil faoi láthair.
Íoctar as ionadaíocht chun an
Comhordaitheoir Scoile a chlúdach chun freastal ar sheisiúin oiliúna Scoileanna
Ildánacha.
Is féidir, déanfaimid iarracht
Comhlach Cruthaitheach a bhfuil Gaeilge acu a phéireáil leat agus is féidir an
cháipéisíocht ar fad a chuirimid ar fáil a chur i gcrích i nGaeilge chomh
maith.
Tá gach scoil agus Ionad Ógtheagmhála
difriúil, agus tá Scoileanna Ildánacha curtha san áireamh ar an gclár ama ar go
leor bealaí éagsúla, idir sheisiúin sheachtainiúla agus mhodúil ghearra agus
cheardlanna aonuaire. Mar shampla, tá gníomhaíocht na Scoileanna Ildánacha ar
an gclár ama ag Bunscoileanna ar fud raon iomlán an churaclaim, ó OSPS,
Oideachais Ealaíon agus Teanga, go Corpoideachas agus Matamaitic. Tá go leor
deiseanna ann an chruthaitheacht a chur san áireamh i go leor gnéithe den
churaclam in Iar-bhunscoileanna agus in Ionaid Ógtheagmhála. Is féidir le
gníomhaíocht Scoileanna Ildánacha a bheith an-úsáideach do chomhoibriú
traschuraclaim, agus tá sé an-ábhartha freisin do phríomhscileanna agus
d’fholláine.
Is féidir le tionóil agus fóraim eile
atá ann cheana a bheith an-úsáideach chun smaointe agus obair Scoileanna
Ildánacha a roinnt, agus chun gur féidir an clár a thaispeáint ar fud do
scoile/ionaid.
Ní gá. Fágtar faoin scoil/ionad
féin an cinneadh sin a dhéanamh. Spreagann Scoileanna
Ildánacha scoileanna/ionaid a bpobal scoile uile a spreagadh agus a bheith
rannpháirteach chomh fada agus is féidir. Bíonn go leor dár scoileanna/ionaid ina bhfuil an scoil/ionad
ar fad páirteach. Díríonn roinnt scoileanna,
áfach, ar roinnt grúpaí ranga ar leith.
Ní roghnaíonn. Tá painéal bunaithe de Chomhlaigh
Chruthaitheacha ag ár bhfoireann. Meaitseálfar gach scoil/ionad
rannpháirteach le Comhlach Cruthaitheach. Tá meatsáil bunaithe ar ghaireacht
gheografach, chomh fada agus is féidir.
Mar sin féin, roghnaíonn do scoil/ionad na
healaíontóirí gairmiúla seachtracha agus cleachtóirí cruthaitheacha eile a
d’fhéadfá a bheith ag obair leo ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí a
eascraíonn as Plean Scoileanna Ildánacha do scoile. Is féidir le do Chomhlach Cruthaitheach
comhairle a thabhairt duit agus cabhrú le do scoil/ionad naisc a dhéanamh le
healaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha, grúpaí cultúrtha agus eagraíochtaí.
Sea, oibríonn, ach ní an t-am ar fad.
Go minic, d’fhéadfadh múinteoir nó
ealaíontóir ar cuairt nó cleachtóir cruthaitheach a bheith i gceannas ar
ghníomhaíocht Scoileanna Ildánacha. Ag céimeanna éagsúla de
thuras na Scoileanna Ildánacha d’fhéadfadh an Comhlach Cruthaitheach teagmháil
dhíreach a dhéanamh le mic léinn, agus le múinteoirí freisin, e.g. trí
cheardlann cruthaitheachta tosaigh a éascú.
Oibríonn an Comhlach Cruthaitheach go
dlúth leis an gComhordaitheoir Scoile. Éisteann siad go gníomhach leis an méid
atá le rá ag na daltaí agus ag pobal na scoile faoin gcruthaitheacht, agus
cabhraíonn siad leis sin a léiriú ar ais dóibh. Is féidir le Comhlaigh
Chruthaitheacha comhairle agus cabhair a thabhairt freisin maidir le pleanáil
na bpríomhghníomhaíochtaí agus na dtionscadal a roghnaíonn an scoil agus a
áirítear i bPlean na Scoile Ildánaí.
Cláraigh le nuachtlitir na
Comhairle Ealaíon a gheobhaidh tú go míosúil, i gcomhair deiseanna
sa todhchaí agus nuacht a bhaineann leis na healaíona; agus
seiceáil Tairseach na nEalaíon san
Oideachas anois is arís le
haghaidh nuachta ealaíon agus oideachais agus samplaí cleachtais.
Déan teagmháil le creativeschools@artscouncil.ie
go díreach, nó:
- Rebecca Lam – 087 214 3131
-
- Natalie Byrne – 087 278
6276
-
- Erin McNulty – 087 280
5422
Gheobhaidh tú faisnéis
maidir le Scoileanna Ildánacha ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon: www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/
Tá na Treoirlínte
D’Iarratasóirí ar fáil anseo.