Céard é téama na
bliana seo?
Is é
téama Sheachtain na Scoileanna Ildánacha 2023 ná ‘Tá Beocht na
Cruthaitheachta Anseo!’
Le dhá bhliain anuas tá dúshláin curtha roimh ár
dtimpeallachtaí teagaisc agus foghlama, agus tá baill foirne agus daltaí i
ngach scoil tar éis dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealaí cruthaitheacha
agus nuálacha. I mbliana spreagann an
téama pobail scoile chun sos agus machnamh a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil
an chruthaitheacht le feiceáil inár saol, i ngach rang, i ngach scoil agus in
eispéiris gach dalta. Is deis í an tseachtain seo le díriú ar an
gcruthaitheacht seo a cheiliúradh, b’fhéidir chun cur le heispéiris na scoláirí
i bhfoirm imeachtaí nó ceardlainne agus ardán a chur ar fáil le léiriú a
chruthaithí agus is féidir le gach scoil a bheith.
Back to top
Cad iad na cineálacha
gníomhaíochta cruthaithí a dhéanann na scoileanna le linn Sheachtain na Scoileanna
Ildánacha?
Gach cineál ealaíne
agus cruthaitheachta! Ó Cheardlanna drámaíochta go dtí scríbhneoireacht
chruthaitheach go dtí tobchumadóireacht ghrinn go dtí cniotáil agus fuáil,
péintéireacht agus bácáil. Déan cinneadh tú féin! .... Tá cruthaitheacht le
feiceáil in go leor foirmeacha ar fud ábhair an churaclaim. Is iondúil gurb é
nochtadh agus scaoileadh na cruthaitheachta a léiríonn féiniúlacht agus
éagsúlacht na scoláirí i bpobal do scoile.
Back to top
An bhfuil Seachtain
na Scoileanna Ildánacha oscailte do gach scoil?
Tá. Tá Seachtain na
Scoileanna Ildánacha oscailte do gach scoil agus cuirimid fáilte mhór
roimh gach scoil páirt a ghlacadh inti. Tá acmhainní ar ár suíomh gréasáin is
féidir le gach scoil a úsáid mar chabhair chun pleanáil le haghaidh Sheachtain
na Scoileanna Ildánacha.
Back to top
Tá ár scoil páirteach
sa tionscnamh Scoileanna Ildánacha cheana, an bhfuil aon leid agat le haghaidh
Sheachtain na Scoileanna Ildánacha?
Tá. Is iontach an deis í
Seachtain na Scoileanna Ildánacha do thuras go dtí seo i Scoileanna Ildánacha a
cheiliúradh. B’fhéidir gur mhaith leat gníomhaíocht a chur ar taispeáint ag
tionól nó trí thaispeántas a chur ar siúl. D’fhéadfá machnamh a dhéanamh ar
chuirí a thabhairt do na tuismitheoirí nó do bhaill an phobail chuig do scoil
le haghaidh imeacht ceiliúrtha nó taispeántais. B’fhéidir gur mhaith leat cuid
de do ghníomhaíocht phleanáilte le haghaidh Scoileanna Ildánacha a chur ar siúl
i gcaitheamh Sheachtain na Scoileanna Ildánacha chomh maith e.g. ceardlanna,
cuairteanna, gníomhaíochtaí cruthaitheacha. Is féidir le do Chomhpháirtí
Cruthaitheach nó le baill do choiste Scoileanna Ildánacha cuidiú leat cinneadh
a dhéanamh maidir leis na socrúcháin is fearr a fheileann do do scoil.
Back to top
Cad iad na tacaí a
chuirtear ar fáil chun páirt a ghlacadh i Seachtain na Scoileanna Ildánacha?
Gheobhaidh gach scoil
póstaeir Sheachtain na Scoileanna Ildánacha sa phost i mí Eanáir 2023. Is
féidir póstaeir a íoslódáil ónár suíomh gréasáin freisin. Chomh maith leis sin,
tá moltaí do ghníomhaíochtaí agus d’acmhainní eile ar fáil ar an suíomh
gréasáin. Cuimhnigh, gur deis í an
tseachtain seo chun díriú ar chruthaitheacht agus í a léiriú ar do rogha
bealach mar scoil.
Back to top
An féidir liom
samplaí de thionscadail agus de ghníomhaíochtaí a fheiceáil den chaoi ar ghlac
na scoileanna páirt ann go dtí seo?
Is féidir.
Is
féidir leat ár n-eagráin Sheachtain na Scoileanna Ildánacha ó 2021 ina bhfuil
cineálacha éagsúla scoileanna agus suíomhanna ina roinntear a ngníomhaíochtaí.
Cuireann na heagráin léargas iontach ar fáil ar na gníomhaíochtaí agus na
himeachtaí cruthaitheacha, agus b’fhéidir gur mhaith leat an nasc a roinnt le
pobal do scoile.
https://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildanacha/seachtain-na-scoileanna-ildanacha-2021/
Back to top
An
gá do gach rang a bheith páirteach i Seachtain na Scoileanna Ildánacha?
Tá
cead ag na scoileanna iad féin cinneadh a dhéanamh maidir leis na ranganna a
bheidh páirteach agus ar an gcaoi a mbeidh siad páirteach ann. D’fhéadfadh
roinnt scoileanna cinneadh a dhéanamh grúpa comhairleach nó coiste a chruthú
chun Seachtain na Scoileanna Ildánacha a eagrú. B’fhéidir gur mhaith leis na
scoileanna ag a bhfuil grúpaí comhairleacha Scoileanna Ildánacha cheana,
b’fhéidir gur mhaith leo páirt a thabhairt do na grúpaí seo i bpleanáil agus i
seachadadh Sheachtain na Scoileanna Ildánacha.
Back to top
An
gcaithfidh gach imeacht a chur ar siúl laistigh d’fhoirgneamh agus d’fhearann
na scoile?
B’fhéidir
go ndéanfadh na scoileanna cinneadh úsáid a bhaint as an tseachtain seo mar
dheis chun cuairt a thabhairt ar áiteanna eile ar nós suíomh áitiúil
oidhreachta, ionad ealaíne nó cultúir, nó tionscadal reatha / ceardlann. Tá an
chruthaitheacht beo agus borradh fúithi maidir le go leor gnéithe de shaol an
phobail, agus tá go leor saineolaithe i bpobail áitiúla, agus i measc pobail
scoile níos leithne. Is foinse iontach inspioráide é an saol amuigh faoin aer
le haghaidh cruthaitheachta agus tá an t‑uafás acmhainní sa timpeallacht
nádúrtha le húsáid mar chuid de mhúinteoireacht, de theagasc agus de
rannpháirtíocht ar bhealach cruthaitheach.
D’fhéadfadh na scoileanna a bheith ag pleanáil eispéireas den chineál
sin cheana lena gComhpháirtí Cruthaitheach agus d’fhéadfaidís cuid de na
gníomhaíochtaí seo a chur ar siúl le linn na seachtaine ceiliúrtha, dá mba
mhaith leo é.
Back to top
Cé
dóibh ar cheart dúinn a insint faoi Sheachtain na Scoileanna Ildánacha?
Tá
luach mór ag baint leis na pobail scoile a chur ar an eolas, lena n-áirítear
tuismitheoirí, faoi imeachtaí agus faoi ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl le
linn Sheachtain na Scoileanna Ildánacha ionas go bhfuil siad in ann a bheith
mar chuid den cheiliúradh. D’fhéadfadh
gur mhaith leis na scoileanna nuashonruithe a chur ar fáil faoi Sheachtain na
Scoileanna Ildánacha ar a nuachtlitir scoile nó ar a suíomh gréasáin. Is
tráthúil an tseachtain í Seachtain na Scoileanna Ildánacha chun teagmháil a
dhéanamh le preas áitiúil agus leis na meáin. Dá mba mhaith leat teimpléad de
phreaseisiúint a fháil is féidir a chur in oiriúint do do scoil, téigh i
dteagmháil le foireann na Scoileanna Ildánacha ar creativeschools@artcouncil.ie.
Back to top
An
bhfuil iallach ar na Scoileanna Ildánacha páirt a ghlacadh i Seachtain na
Scoileanna Ildánacha?
Níl. Cuireann an
tseachtain seo fócas agus ardán ar fáil do do phobal scoile chun an
chruthaitheacht a fhorbairt agus a cheiliúradh ach níl sé riachtanach páirt a
ghlacadh inti. Tá an tseachtain seo ceaptha a bheith mar chuid de do thuras
Scoileanna Ildánacha más é sin a fheileann do do scoil.
Back to top