Comhlaigh Chruthaitheacha, Irish Writers Centre, Meán Fómhair 2018.
- Réigiúin1 An Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán, Sligeach
- Réigiúin 2 Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh
- Réigiúin 3 Laois, Longfort, Uíbh Fhailí, An Iarmhí
- Réigiúin 4 Cill Dara, Lú, An Mhí, Cill Mhantáin
- Réigiúin 5 Baile Átha Cliath
- Réigiúin 6 Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge
- Réigiúin 7 Corcaigh, Ciarraí
- Réigiúin 8 An Clár, Tiobraid Árann, Luimneach
Is é is Comhlaigh Chruthaitheacha...
... ealaíontóirí agus/nó oideachasóirí le tuiscint ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus a chumas chun saol leanaí agus daoine óga a athrú ó bhonn. Is gníomhairí dinimiciúla iad don athrú atá i bhfeidhm chun comhpháirtíochtaí a chruthú idir scoileanna agus an pobal ealaíne agus cultúrtha.
Déanfaidh Comhlaigh Chruthaitheacha na nithe seo a leanas...
... riachtanais na scoile a mheaitseáil le deiseanna ealaíon agus cruthaitheacha ina gcóngaracht. Aithneoidh siad réimsí féideartha i gcomhair feabhas agus spreagfaidh siad, fuinnmheoidh siad agus tiomáinfidh siad scoileanna chun le dul i ngleic leo seo. Tríd an tionscnamh ceannródaíoch seo, beidh an deis ag Comhlaigh Chruthaitheacha cruth a chur ar áit na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i scoileanna na hÉireann.
Comhlaigh Chruthaitheacha
Tá an spriocdháta chun iarratais a chur isteach mar Chomhlaigh Chruthaitheacha caite anois. Nílimid ag glacadh le hiarratais faoi láthair. Fógrófar aon deiseanna nó riachtanais ar an suíomh gréasáin agus sa nuachtlitir - cláraigh don nuachtlitir ag an nasc seo: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Nuachtlitir/