I mí Mheán Fómhair 2015 d’fhoilsíomar ár straitéis nua deich mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, ina leagaimid amach conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis:
- An tEalaíontóir;
- Rannpháirtíocht an Phobail;
- Straitéis Infheistíochta;
- Pleanáil Spásúil agus Dhéimeagrafach;
- Cumas a Fhorbairt.
Íoslódáil Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (PDF, 3.29MB)
I gcroílár ár straitéise tá fís do na healaíona in Éirinn agus é báite i mbraistint daoine agus áite, áit a bhfuil meas i ndáiríre ar na healaíona mar ghné riachtanach dár saol ó lá go lá agus áit a dtacaítear le healaíontóirí uaillmhianacha agus nuálacha chun saothar den scoth a chruthú.
Is straitéis athraithe agus athnuachana é Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. D’fhonn ár bhfís a bhaint amach, aithnímid go gcaithfimid rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil. Oibreoimid freisin lenár gcomhpháirtithe, lenár n-ealaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon agus tacóimid leo chun athrú a dhéanamh.
Cuirfear Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh i
bhfeidhm trí thrí cinn de phleananna trí bliana ag tosú in 2017.
Plean Trí Bliana, 2023-2025
Léirítear sa phlean trí bliana seo ár bhfís agus spriocanna, atá ábhartha fós, chomh maith leis an bhfonn glacadh le hathruithe agus pleanáil i dtreo 2025 agus ina dhiaidh sin.
Íoslódáil Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Plean Trí Bliana, 2023-2025 (PDF, 2.8MB)
Plean Trí Bliana, 2020-2022
Déantar cur síos sa dara plean trí bliana mar chuid de Shaothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh ar leanúint agus ar fhorbairt bhreise neart den obair a cuireadh ar bun sa straitéis do 2017-2019, agus leagtar réimsí nua airde amach ann d’fhonn an straitéis deich mbliana ginearálta a sheachadadh.
Íoslódáil Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Plean Trí Bliana, 2020-2022 (PDF, 1.8MB)
Plean Trí Bliana 2017–2019
Bunaítear le Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh na comhordanáidí d’fhorbairt na n-ealaíon idir 2016 agus 2025. Déantar cur síos sa phlean seo ar na straitéisí infheistíochta, na tionscadail agus na cláir a dtabharfaimid tús áite dóibh idir 2017 agus 2019, agus leagtar amach ann na héachtaí agus na garspriocanna atá leagtha amach againn dúinn féin don chéad trí bliana eile.
Íoslódáil Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Plean Trí Bliana 2017–2019 (PDF, 0.6MB)