Coimeádfaidh Niamh Murphy agus Áine Phillips imeacht beo ealaíne agus cultúir ó éirí go luí na gréine le 16 ealaíontóirí Éireannacha a bhfuil moladh faighte acu ag Gaol Chill Mhaighneann chun freagairt dá bhainteacht stairiúil íocónach le hÉirí Amach 1916. Freagróidh na healaíontóirí dá dtabharfar cuireadh, ó thuaisceart agus ó dheisceart na teorann, a oibríonn i léiriú, san ealaín bheo agus i bhfíseáin do chomóradh céad bliana 1916, ag cruthú peirspictíochtaí comhaimseartha maidir lenár stair, coinbhleachtaí, géarchéimeanna agus paisin chomhroinnte i dtaca leis an Éirí Amach agus a séadchomhartha is mó, Gaol Chill Mhaighneann.
Is iad na healaíontóirí siúd Amanda Coogan, Danny McCarthy, Brian Connolly, Debbie Guinnane, Helena Walsh, Sandra Johnson, Fergus Byrne, Francis Fay, Katherine Nolan, Pauline Cummins, Ciara McKeon, Dominic Thorpe, Méabh Redmond, Dr. Laura McAtackney, Michelle Browne, Alastair McLennan agus Sinéad O’Donnell.
Kilmainham Gaol (Photo: Áine Phillips)
Performance Art Live Foundation
Tionscnaimh faoi stiúir ealaíontóirí in Éirinn is ea Performance Art Live Foundation, atá tiomanta do léiriú beo, marthanach agus don ealaín bheo a dhéanann ealaíantóirí-taibheoirí agus atá infheistithe iontu. Agus iad ag tacú le healaíontóirí Éireannacha maidir le léiriú beo ar bealaí comhoibríocha, cuireann Performance Art Live Foundation léiriú Éireannach chun cinn mar chleachtas láidir agus beoga ag a bhfuil ginealach stairiúil..
Is iad Áine Phillips agus Niamh Murphy coimeádaithe Future Histories. Déanann Áine Phillips léiriú beo san ealaín agus i bhfíseáin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá sí bainteach le tionscadail arna stiúradh ag ealaíontóirí agus coimeádann sí imeachtaí ealaíne beo in Éirinn. Ní sí ach i ndiaidh Performance in Ireland: A History a fhoilsiú, an chéad suirbhé ar an bhfoirm ealaíne ar an oileán. Ealaíontóir agus coimeádaí na healaíne beo is ea Niamh Murphy agus tá sí ina stiúrthóir ar Fhéile na hEalaíne Beo, Baile Átha Cliath (Dublin Live Art Festival ) ó bhí 2012 ann.
←Fill ar ais go dtí an leathanach Éire 2016